+Airteagal 59 Aicme tairbhithe a shainaithint
---+Airteagal 59 1
---+Airteagal 59 2
---+Airteagal 59 3
|
Airteagal 59 Aicme tairbhithe a shainaithint
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 59 1
|
1. I gcás eintitis dhlítheanacha atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite faoi Airteagal 57 nó, cé is moite d’iontaobhais lánroghnacha, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi Airteagal 58, i gcás ina mbeidh tairbhithe fós le cinneadh, déanfar aicme na dtairbhithe agus a saintréithe ginearálta a shainaithint. Beidh tairbhithe san aicme ina n-úinéirí tairbhiúla a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar iad.
|
|
Airteagal 59 2
|
2. Sna cásanna seo a leanas, ní shainaithneofar ach aicme na dtairbhithe agus a saintréithe:
|
(a)
|
scéimeanna pinsin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341;
|
|
(b)
|
scéimeanna úinéireachta airgeadais nó rannpháirtíochta fostaithe, ar choinníoll gur bhain na Ballstáit, tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, de thátal gur riosca íseal mí-úsáide le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta atá ann;
|
|
(c)
|
eintitis dhlítheanacha atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite faoi Airteagal 57, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi Airteagal 58, ar choinníoll:
|
(i)
|
go gcuirtear an t-eintiteas dlítheanach, an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil ar bun chun críche neamhbhrabúis nó chun críche carthanachta; agus
|
|
(ii)
|
tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, bhain na Ballstáit de thátal gur riosca íseal atá ann go mbainfear mí-úsáid as catagóir an eintitis dhlítheanaigh, as an iontaobhas sainráite nó as socrú dlíthiúil comhchosúil le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.
|
|
|
|
Airteagal 59 3
|
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chatagóirí na n-eintiteas dlítheanach, na n-iontaobhas sainráite nó na socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi mhír 2, mar aon le bonn cirt bunaithe ar an measúnú riosca sonrach. Cuirfidh an Coimisiún an fógra sin in iúl do na Ballstáit eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|