1. Oibreoidh eintitis faoi oibleagáid, agus, i gcás inarb infheidhme, a stiúrthóirí agus a bhfostaithe, i gcomhar leis an FIU go hiomlán tríd an méid seo a leanas a dhéanamh go pras:
|
(a)
|
an FIU a chur ar an eolas, ar a dtionscnamh féin, i gcás ina mbeidh a fhios ag an eintiteas faoi oibleagáid, nó ina mbeidh forais réasúnacha aige le hamhras a bheith air, gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí nó gníomhaíochtaí, is cuma an méid atá i gceist, nó go bhfuil baint acu le maoiniú sceimhlitheoireachta nó le gníomhaíocht choiriúil, agus trí iarrataí ón FIU ar fhaisnéis bhreise sna cásanna sin a fhreagairt;
|
|
(b)
|
an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don FIU, arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear faisnéis faoi thaifid idirbhirt, laistigh de na sprioc-amanna a fhorchuirtear;
|
Na hidirbhearta amhrasacha uile, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta a dhéanamh agus amhras a eascraíonn as neamhábaltacht dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, tuairisceofar iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid freagra ar iarrataí ar fhaisnéis ón FIU laistigh de 5 lá oibre. I gcásanna lena mbaineann réasúnú agus práinn, féadfaidh FIUnna an sprioc-am sin a laghdú, lena n-áirítear go níos lú ná 24 uair an chloig.
De mhaolú ar an tríú fomhír, féadfaidh an FIU síneadh a chur leis an sprioc-am le haghaidh freagartha thar an 5 lá oibre i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí leis agus ar choinníoll nach mbaineann an síneadh an bonn d’anailís an FIU.