+23. Leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha, ba cheart go gcuirfí ar chumas na …

23. Leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha, ba cheart go gcuirfí ar chumas na …

Leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha, ba cheart go gcuirfí ar chumas na n-institiúidí airgeadais na nithe seo a leanas a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu:

  • a. cad iad na córais um bearta sriantacha a bhfuil feidhm acu maidir leo;
  • b. an dóchúlacht nach gcuirfear bearta sriantacha chun feidhme;
  • c. an dóchúlacht go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha;
  • d. tionchar aon sáruithe ar bhearta sriantacha; agus
  • e. na tosca riosca seo a leanas:
  • a) riosca geografach, lena n-áirítear:
  • i. an áit a ndéanann an institiúid airgeadais a gnó, i.e. na dlínsí agus na críocha ina bhfuil an institiúid airgeadais bunaithe nó ina n-oibríonn sí;
  • ii. a mhéid atá na dlínsí agus na críocha sin neamhchosanta ar bhearta sriantacha nó arb eol go n-úsáidtear iad chun dul timpeall ar bhearta sriantacha;
  • iii. tionscnamh agus ceann scríbe na n-idirbheart.
  • b) riosca do chustaiméirí, lena n-áirítear:
  • i. naisc custaiméirí agus, más infheidhme, a n-úinéirí tairbhiúla agus a scairshealbhóirí rialaithe, le tíortha a bhfuil bearta sriantacha i bhfeidhm ina leith de bharr staid a dhéanann difear don tír sin, nó arb eol go n-úsáidtear iad chun dul timpeall ar bhearta sriantacha;
  • ii. an líon custaiméirí, an cineál custaiméirí agus castacht na gcustaiméirí sin, amhail na saincheisteanna maidir leis an úinéir tairbhiúil a shainaithint;
  • iii. gníomhaíocht a bhonn custaiméirí, agus castacht na gníomhaíochta, lena n-áirítear aon naisc le tionscail nó le hearnálacha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir bearta eacnamaíocha nó aon bhearta sriantacha eile, chomh maith le minicíocht agus cineálacha na n-idirbheart.
  • c) riosca táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear:
  • i. cineál táirgí agus seirbhísí na hinstitiúide airgeadais;
  • ii. a mhéid atá an institiúid airgeadais neamhchosanta do bhearta sriantacha agus do dhul timpeall ar bhearta sriantacha trí na táirgí agus na seirbhísí sin a sholáthar.
  • d) riosca maidir le bealaí seachadta, lena n-áirítear an gcruthaíonn úsáid idirghabhálaithe, gníomhairí, tríú páirtithe, caidreamh baincéireachta comhfhreagraí nó bealaí seachadta eile leochaileachtaí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
  • i. teorainn a chur le hinfheictheacht na hinstitiúide airgeadais do na páirtithe lena mbaineann;
  • ii. an institiúid airgeadais a dhéanamh spleách ar phróisis scagtha tríú páirtithe;
  • iii. neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar rioscaí geografacha a mhéadú toisc go bhfuil siad ag feidhmiú nó bunaithe i dtíortha a bhfuil bearta sriantacha i bhfeidhm ina leith mar gheall ar staid a dhéanann difear don tír sin nó do na tíortha sin arb eol go n-úsáidtear iad chun dul timpeall ar bhearta sriantacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.