+306. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht ríomhanna an ICAAP trí mheasúnú …

306. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht ríomhanna an ICAAP trí mheasúnú …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iontaofacht ríomhanna an ICAAP trí mheasúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad:

  • a. gráinneach: ba cheart go gceadódh na ríomhanna/modheolaíochtaí na ríomhanna a mhiondealú de réir cineáil riosca, seachas ríomh amháin (caipiteal eacnamaíoch) a chur i láthair lena gclúdaítear na rioscaí go léir;
  • b. inchreidte: ba cheart go gclúdódh na ríomhanna/modheolaíochtaí a úsáidtear an riosca a bhfuil siad ag iarraidh aghaidh a thabhairt air (e.g. ba cheart go n-úsáidfeadh an ríomh riosca comhchruinnithe creidmheasa miondealuithe earnála iomchuí a léiríonn comhghaolta iarbhír agus comhdhéanamh punainne) agus ba cheart go mbeadh sé láidir, cobhsaí, íogair ó thaobh riosca agus coimeádach a dhóthain d'fhonn na caillteanais a bhaineann leis na rioscaí a chainníochtú go leordhóthanach. Ba cheart go mbeadh ríomhanna/modheolaíochtaí den sórt sin comhsheasmhach le próisis straitéiseacha na n-institiúidí, lena n-áirítear inghlacthacht riosca na n-institiúidí;
  • c. sothuigthe: ba cheart go mbeadh tionscnóirí foluiteacha na ríomhanna/modheolaíochtaí sonraithe go soiléir. Níor cheart go nglacfaí le ríomh 'bosca dubh'. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go soláthróidh an institiúid míniú ar na príomhbhoinn tuisceana a úsáidtear, lena n-áirítear ar a laghad tréimhse ama, leibhéil muiníne, toimhdí comhghaoil, príomhpharaiméadair, na réimsí is inearráide de na samhlacha a úsáidtear, agus conas a dhéantar iad sin a chuntas agus a cheartú sa ríomh deiridh ICAAP;
  • d. inchomparáide: ba cheart go luafaí go soiléir sna ríomhanna/modheolaíochtaí na príomhthoimhdí i dtéarmaí leibhéal foriomlán an choimeádachais, na dtréimhsí sealbhaíochta/tréimhsí riosca agus leibhéil muiníne (nó tomhas coibhéiseach) chun an coigeartú a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a iarraidh nó a achtú a cheadú d’fhonn inchomparáideacht le piaraí agus tagarmharcáil mhaoirseachta a éascú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.