+Airteagal 325l 7.

Airteagal 325l 7.

Na fachtóirí ►C12  riosca ◄ vega i dtaca le ráta úis ginearálta is infheidhme maidir le céadroghanna lena mbaineann ionstraimí foluiteacha atá íogair ar ráta úis ginearálta, is éard a bheidh sna fachtóirí sin luaineachtaí intuigthe na rátaí úis saor ó phriacal lena mbaineann mar a thuairiscítear i mír 2 agus mír 3, a ndéanfar a shannadh do bhuicéid ag brath ar an airgeadra agus arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas laistigh de gach buicéad: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Buicéad amháin in aghaidh an airgeadra a bheidh ann.

Chun críocha mapála, measfaidh gach institiúid gur san fhachtóir ►C12  riosca ◄ céanna a bheidh luaineachtaí intuigthe arna nascadh leis na rátaí céanna saor ó phriacal agus arna mapáil ar na haibíochtaí céanna.

I gás ina mapálann institiúidí luaineachtaí intuigthe leis na haibíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

i gcás ina ndéantar an chéadrogha a ailíniú le haibíocht na hionstraime foluití, déanfar fachtóir ►C12  riosca ◄ aonair a mheas, a dhéanfar a mhapáil don aibíocht sin;

(b) 

i gcás inar giorra aibíocht na céadrogha ná aibíocht na hionstraime foluití, déanfar na fachtóirí ►C12  riosca ◄ seo a leanas a mheas mar a leanas:

(i) 

déanfar an chéad fhachtóir ►C12  riosca ◄ a mhapáil d'aibíocht na céadrogha;

(ii) 

déanfar an dara fachtóir ►C12  riosca ◄ a mhapáil d'aibíocht iarmharach na hionstraime foluití dáta éaga na céadrogha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.