+Airteagal 18 2
|
Airteagal 18 2
2. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na gcásanna tástála struis ad hoc mar chuid de na cláir tástála struis dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a chuireann nó nach gcuireann an t-aonad rialaithe riosca comhdhéanamh na punainne suíomhanna a áirítear i raon feidhme na samhla inmheánaí, tráth an dáta tuairiscithe dheireanaigh, san áireamh agus na cásanna tástála struis ad hoc lena mbaineann á ndearadh. Fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a)
|
cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an t-aonad rialaithe riosca na torthaí a fhaightear ó anailís íogaireachta i leith fachtóirí riosca aonair, arna mbreithniú ina n-aonar agus i gcomhpháirt, chun sainaithint a dhéanamh ar chásanna ina n-áirítear tacar comhcheangailte fachtóirí riosca sochreidte;
|
|
(b)
|
cé acu a bhreithnigh nó nár bhreithnigh an t-aonad rialaithe riosca na heilimintí seo a leanas go sainráite agus na cásanna tástála struis ad hoc á mbunú aige:
|
(i)
|
neamhleachtacht margaí faoi dhálaí struis sa mhargadh, bearnú praghsanna, comhchruinniú riosca, agus margaí aontreo;
|
|
(ii)
|
teagmhas as a leanann ardú ar chomhghaol idir ionstraimí nó fachtóirí riosca, nó cás maidir le haistriú géar malairte eachtraí, a eascraíonn as aon airgeadra atá faoi réir pionna, caidhpe nó íosráta tráth an athbhreithnithe, a bhriseann na gaolmhaireachtaí sin, i gcás ina dtarlaíonn teagmhas den sórt sin an tráth céanna le teagmhas dá dtagraítear i bpointe (i);
|
|
(iii)
|
rioscaí teagmhais do chothromais agus riosca mainneachtana gan choinne do shuíomhanna creidmheasa, trí cheachtar de na nithe seo a leanas a bhreithniú:
|
(1)
|
ceithre mhainneachtain mheandracha lena ngabhann aisghabháil nialasach ar na suíomhanna fada fiachais sa phunann reatha a bhfuil an neamhchosaint is mó aici agus an dá shuíomh fhada cothromais is mó sa phunann reatha;
|
|
(2)
|
an riosca teagmhais a eascraíonn as ardú géar ar phraghsanna cothromais don dá shuíomh ghearra is mó;
|
|
|
(iv)
|
neamhlíneacht táirgí, trí athluacháil iomlán gach suímh a chur i bhfeidhm chun léiriú cruinn a thabhairt ar éifeachtaí neamhlíneachta, agus trí thurraingí a chur i bhfeidhm atá mór a ndóthain chun feidhmiú roinnt céadroghanna atá go mór lasmuigh den airgead a spreagadh, go háirithe céadroghanna digiteacha;
|
|
(v)
|
rioscaí teagmhais a eascraíonn as spreagthaí riosca comhshaoil;
|
|
(vi)
|
rioscaí eile a bhféadfadh sé nach ngabhtar go hiomchuí sna samhlacha inmheánacha iad, lena n-áirítear rioscaí a dhíorthaítear ó úsáid ionadach agus an mí-ailíniú féideartha idir ionadach agus an riosca foluiteach.
|
|
Chun críocha phointe (b)(i), féadfaidh an t-aonad rialaithe riosca breithniú a dhéanamh ar thurraingí níos mó chun a léiriú go bhfuil sé dodhéanta suíomhanna a leachtú go tráthúil, go háirithe i gcás ionstraimí airgeadais príomhúla, arb é is cúis leis suíomhanna a bheith comhchruinnithe, nó i ngeall ar mhéadú géar ar neamhleachtacht margaí.
Chun críocha phointe (b)(iv), féadfaidh an t-aonad rialaithe riosca, go háirithe:
|
(a)
|
measúnú a dhéanamh ar an riosca féideartha a thabhaítear i gcás ina bhfálaítear suíomhanna arna luacháil le hionadach;
|
|
(b)
|
na gluaiseachtaí cáis struis a chur i bhfeidhm maidir leis an ionadach agus na suíomhanna neamhleachtacha á gcoimeád tairiseach.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|