+Airteagal 20 Athbhreithniú ar chruinneas réasúnta na samhla tomhais riosca inmheánaí, lena n-áirítear an tsamhail phraghsála
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3

Airteagal 20 Athbhreithniú ar chruinneas réasúnta na samhla tomhais riosca inmheánaí, lena n-áirítear an tsamhail phraghsála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tsamhail tomhais riosca inmheánach, lena n-áirítear aon samhail phraghsála, maidir le cruinneas réasúnta a tomhais ar rioscaí, agus nach bhfuil difear mór idir í agus na samhlacha a úsáideann an institiúid le haghaidh a samhlacha inmheánacha tomhais riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil fardail ag an institiúid, arb é atá sna fardail sin:

(i)

na feidhmeanna nó modhanna praghsála a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus na feidhmeanna nó modhanna praghsála a úsáidtear chun luach na punainne ag deireadh an lae a ríomh;

(ii)

i gcás gach ceann de na feidhmeanna nó modhanna praghsála dá dtagraítear i bpointe (i), tuairisc achomair, na príomhghnéithe, na toimhdí, príomhpharaiméadair na bhfeidhmeanna nó na modhanna praghsála sin, conas a calabraíodh na gnéithe, na toimhdí agus na paraiméadair sin, agus conas a chuirtear na feidhmeanna nó modhanna praghsála sin chun feidhme;

(iii)

tuairisc ar raon feidhme na n-ionstraimí airgeadais agus na dtráchtearraí a áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach a chumhdaítear le gach feidhm nó modh praghsála;

(iv)

tuairisc ar raon feidhme na n-ionstraimí airgeadais agus na dtráchtearraí a chumhdaítear le gach feidhm nó modh praghsála nuair a bheidh luach na punainne ag deireadh an lae á ríomh;

(v)

méadracht amháin nó níos mó chun tomhas a dhéanamh ar ábharthacht suíomhanna arna bpraghsáil leis an bhfeidhm nó modh praghsála comhfhreagrach sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(vi)

méadracht amháin nó níos mó chun tomhas a dhéanamh ar ábharthacht suíomhanna arna bpraghsáil leis an bhfeidhm nó modh praghsála comhfhreagrach nuair a bheidh luach na punainne ag deireadh an lae á ríomh;

(vii)

mapáil chuimsitheach idir na feidhmeanna nó modhanna praghsála a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus na feidhmeanna nó modhanna praghsála a úsáidtear nuair a bheidh luach na punainne ag deireadh an lae á ríomh;

(b)

a fhíorú cé acu a thugtar nó nach dtugtar na fardail dá dtagraítear i bpointe (a) cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil le beartais inmheánacha na hinstitiúide maidir le nuashonrú sonrach aon uair a bheadh gá leis i ngeall ar athruithe nach beag ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna fardail;

(c)

a fhíorú cé acu a bhailíochtaítear nó nach mbailíochtaítear, mar chuid den bhailíochtú inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, na difríochtaí uile idir na feidhmeanna praghsála a úsáidtear chun an luach ag deireadh an lae a ríomh agus na feidhmeanna praghsála a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(d)

measúnú a dhéanamh, ar bhonn na dtorthaí sannta brabúis agus caillteanais agus na dtorthaí cúltástála, cé acu is ann nó nach ann d’fheidhmeanna praghsála a bhféadfadh easnaimh a bheith iontu;

(e)

anailís a dhéanamh ar na conclúidí sna tuarascálacha is déanaí ó bhailíochtú inmheánach na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cruinneas na samhla tomhais riosca inmheánaí;

(f)

anailís a dhéanamh ar na conclúidí a leagtar síos sna tuarascálacha is déanaí maidir le hathbhreithniú inmheánach na hinstitiúide ar chruinneas na samhla tomhais riosca inmheánaí, dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(g)

a fhíorú cé acu a rinne nó nach ndearna an institiúid doiciméadú ar na difríochtaí idir an tsamhail tomhais riosca inmheánach agus na samhlacha a úsáideann an institiúid le haghaidh a bainistíochta riosca inmheánaí i ndáil leis an raon feidhme céanna suíomhanna, agus cé acu is féidir nó nach féidir leis an institiúid na difríochtaí sin a mhíniú;

(h)

anailís a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha arna ndéanamh ag an institiúid mar chuid dá bailíochtú inmheánach chun a fhíorú an iomchuí na toimhdí a dhéantar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus nach ndéanann siad gannmheastachán ná rómheastachán ar riosca, dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go háirithe i gcás na ndeasc trádála ag a bhfuil na difríochtaí is airde idir na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir leis an tsamhail tomhais riosca inmheánach.

Chun críocha phointe (d), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid, i gcás inarb iomchuí, na hathruithe riosca-theoiriciúla dá dtagraítear i gCaibidil 2, Roinn 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún (10) agus na hathruithe hipitéiseacha dá dtagraítear i gCaibidil 1, Roinn 2, den Rialachán Tarmligthe sin a ríomh, i ndáil le tacar ionstraimí agus tráchtearraí ar mian leis an údarás inniúil cruinneas na bhfeidhmeanna praghsála a thástáil ina leith, agus a cheangal ar an institiúid údar a thabhairt le difríochtaí idir torthaí an dá thomhas.

Airteagal 20 2

2.   I gcás ina ndéantar suíomhanna a chomhfhreagraíonn d’aicmí táirgí arna sannadh do dheasc thrádála a chur in áirithe as a chéile leo siúd ar le heintiteas eile den ghrúpa iad atá lasmuigh de raon feidhme an leibhéil comhdhlúthaithe is airde laistigh den Aontas, agus ina bhfuil níos mó fianaise ag teastáil ón údarás inniúil chun cruinneas réasúnta na samhla tomhais riosca inmheánaí a fhíorú, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar institiúidí na nithe seo a leanas a sholáthar:

(a)

na hathruithe iarbhír, hipitéiseacha agus riosca-theoiriciúla i gcaitheamh 60 lá i luach punainne na deisce trádála, gan aon fhálú le heintiteas an ghrúpa atá á bhreithniú;

(b)

na tomhais luacha faoi riosca ar leibhéal na deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcaitheamh 60 lá, gan aon fhálú le heintiteas an ghrúpa atá á bhreithniú;

(c)

measúnú ar na torthaí sannta brabúis agus caillteanais agus na torthaí cúltástála i bhfianaise na n-athruithe ar luachanna na punainne dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bhfianaise na dtomhas luacha faoi riosca dá dtagraítear i bpointe (b).

Airteagal 20 3

3.   I gcás ina ndéanfar riosca margaidh suíomhanna a chomhfhreagraíonn do roinnt aicmí táirgí a aistriú chuig eintiteas eile den ghrúpa atá lasmuigh de raon feidhme an leibhéil comhdhlúthaithe is airde laistigh den Aontas, agus i gcás ina mbeidh éifeachtaí aistrithe den sórt sin cosúil de facto le héifeachtaí suíomhanna a chuirtear in áirithe as a chéile, féadfaidh na húdaráis inniúla mír 2 a chur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.