5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas, ar shampla d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe ar ina leith a úsáideadh seachshonraí sa tréimhse struis d’ainneoin an lín torthaí N san amshraith i gcás an fhachtóra riosca a eascraíonn as Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a chumasódh úsáid a bhaint as an modh stairiúil nó as modh na sigme neamhshiméadraí dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9, faoi seach, den Rialachán Tarmligthe sin:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an amshraith bhunaidh do na fachtóirí riosca sular úsáideadh aon chur chuige i leith ionadach a sholáthar;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid an amshraith a úsáideadh do na fachtóirí riosca ar úsáideadh ionadaigh ina leith a sholáthar;
|
|
(c)
|
comparáid a dhéanamh idir na suaití calabraithe aníos agus anuas mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagail 8 agus 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar an amshraith dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, agus a fhíorú go mbíonn na suaití a eascraíonn as an amshraith a n-úsáidtear ionadaigh ina leith chomh coimeádach céanna leis na suaití a fhaightear trí úsáid a bhaint as an amshraith bhunaidh, agus é sin ar bhonn córasach.
|
Le linn an modh measúnúcháin sin a chur i bhfeidhm, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla d’fhachtóirí riosca lena léireofar éagsúlacht cur chuige i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidfear iad, samhlacha fachtóirí, neastacháin béite, agus mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch don earnáil agus don réigiún nó d’innéacsanna.