+Airteagal 34 Measúnú ar ionadaigh
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3
---+Airteagal 34 4
---+Airteagal 34 5
|
Airteagal 34 Measúnú ar ionadaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1
|
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le hionadaigh a úsáid, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bhunaigh an institiúid critéir, lena leagtar amach na nithe seo a leanas, mar chuid de na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
|
(i)
|
an cás ina n-úsáidtear ionadach i leith fachtóir riosca;
|
|
(ii)
|
conas a d’úsáidfí ionadach i leith fachtóir riosca dá mbeadh sé faoi réir cur chuige i leith ionadach.
|
|
|
(b)
|
leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 cumhdaítear na cineálacha cur chuige uile a úsáideann an institiúid i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidtear iad:
|
(iii)
|
mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch ar an earnáil agus an réigiún nó ar innéacsanna;
|
|
|
(c)
|
i gcás fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe, tá réasúnaíocht shoiléir le húsáid a bhaint as cur chuige i leith ionadach, cé go mbeifí in ann, leis an líon torthaí N san amshraith i gcás an fhachtóra riosca a leanann as Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, úsáid a bhaint as an modha stairiúil nó as modh na sigme neamhshiméadraí dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9, faoi seach, den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(d)
|
is iomchuí an cur chuige a úsáidtear chun ionadach a úsáid i leith an fhachtóra riosca agus áirithítear leis, mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bh(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ndéanfar calabrú coimeádach ar na cásanna turraingí amach anseo i gcás fachtóirí riosca insamhaltaithe agus ar chásanna foircneacha turrainge amach anseo i gcás fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe;
|
|
(e)
|
i gcás fachtóirí riosca nach n-úsáidtear seachshonraí ina leith ach le haghaidh tréimhsí sonracha san amshraith, níl aon léim aimhrialta idir na codanna den amshraith a n-úsáidtear ionadaigh ina leith agus na codanna den amshraith nach n-úsáidtear ionadaigh ina leith.
|
|
|
Airteagal 34 2
|
2. Chun críocha mhír 1, pointe (c), fíoróidh na húdaráis inniúla, ar shampla d’fhachtóirí riosca a n-úsáidtear ionadaigh ina leith, cé acu is amhlaidh an méid seo a leanas nó nach ea:
|
(a)
|
is é an cur chuige i leith ionadach a úsáidtear le haghaidh na bhfachtóirí riosca sin an cur chuige ar a dtugtar tuairisc sna beartais inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus tá an t-ionadach a úsáidtear fóinteach ó thaobh na heacnamaíochta de;
|
|
(b)
|
an riosca boinn idir an fachtóir riosca sin a n-úsáidtear ionadaigh ina leith agus fachtóirí riosca eile, déantar é a ghabháil go cuí, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear ionadaigh i leith fachtóirí riosca éagsúla trína mapáil chuig an bhfachtóir riosca céanna;
|
|
(c)
|
níl aon chás ann inarb amhlaidh, mar thoradh ar an ionadach, nach ngabhtar an riosca sonrach go cuí.
|
Le linn an modh measúnúcháin sin a chur i bhfeidhm, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla d’fhachtóirí riosca lena léireofar éagsúlacht cur chuige i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidfear iad, samhlacha fachtóirí, neastacháin béite, agus mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch don earnáil agus don réigiún nó d’innéacsanna.
|
|
Airteagal 34 3
|
3. Chun críocha mhír 1, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas, ar shampla d’fhachtóirí riosca ar ina leith a úsáideadh ionadaigh in áit sonraí sa tréimhse 12 mhí a chuaigh thart:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid amshraith na bhfachtóirí riosca ar úsáideadh ionadaigh ina leith a sholáthar mar a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus amshraith na bhfachtóirí praghsála comhfhreagracha a sholáthar mar a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae;
|
|
(b)
|
a fhíorú nach ndibhéirsíonn luaineachtaí an dá amshraith dá dtagraítear i bpointe (a) go substaintiúil;
|
|
(c)
|
a fhíorú go bhfuil an dá amshraith an-chomhghaolaithe.
|
Le linn an modh measúnúcháin sin a chur i bhfeidhm, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla d’fhachtóirí riosca lena léireofar éagsúlacht cur chuige i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidfear iad, samhlacha fachtóirí, neastacháin béite, agus mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch d’earnáil agus réigiún ar leith nó d’innéacsanna ar leith.
|
|
Airteagal 34 4
|
4. Chun críocha mhír 1, pointe (c), chun coimeádachas cur chuige i leith ionadach a thástáil, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla de chuir chuige agus cuirfidh siad na céimeanna seo a leanas uile i bhfeidhm san ord seo a leanas i gcás gach cur chuige i leith ionadach:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid amshraith sampla d’fhachtóirí riosca nach n-úsáidtear ionadaigh ina leith a sholáthar, ar fachtóirí iad, dá n-úsáidfí ionadaigh ina leith, a leanfadh an cur chuige i leith ionadach a bhfuil measúnú á dhéanamh air;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid an amshraith a sholáthar a d’úsáidfí tríd an gcur chuige i leith ionadach a bhfuil measúnú á dhéanamh air a chur i bhfeidhm ar amshraith na bhfachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a);
|
|
(c)
|
i gcás an dá amshraith, luaineachtaí na bhfachtóirí riosca sa tréimhse struis agus sa tréimhse 12 mhí a chuaigh thart a fháil, agus a fhíorú nach ngannmheastar leis an luaineacht a eascraíonn as an amshraith ionadach dá dtagraítear i bpointe (b) an luaineacht a eascraíonn as an amshraith dá dtagraítear i bpointe (a).
|
Le linn an modh measúnúcháin sin a chur i bhfeidhm, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla d’fhachtóirí riosca lena léireofar éagsúlacht cur chuige i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidfear iad, samhlacha fachtóirí, neastacháin béite, agus mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch d’earnáil agus réigiún ar leith nó d’innéacsanna ar leith.
|
|
Airteagal 34 5
|
5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas, ar shampla d’fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe ar ina leith a úsáideadh seachshonraí sa tréimhse struis d’ainneoin an lín torthaí N san amshraith i gcás an fhachtóra riosca a eascraíonn as Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 a chumasódh úsáid a bhaint as an modh stairiúil nó as modh na sigme neamhshiméadraí dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9, faoi seach, den Rialachán Tarmligthe sin:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an amshraith bhunaidh do na fachtóirí riosca sular úsáideadh aon chur chuige i leith ionadach a sholáthar;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid an amshraith a úsáideadh do na fachtóirí riosca ar úsáideadh ionadaigh ina leith a sholáthar;
|
|
(c)
|
comparáid a dhéanamh idir na suaití calabraithe aníos agus anuas mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagail 8 agus 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar an amshraith dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, agus a fhíorú go mbíonn na suaití a eascraíonn as an amshraith a n-úsáidtear ionadaigh ina leith chomh coimeádach céanna leis na suaití a fhaightear trí úsáid a bhaint as an amshraith bhunaidh, agus é sin ar bhonn córasach.
|
Le linn an modh measúnúcháin sin a chur i bhfeidhm, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla d’fhachtóirí riosca lena léireofar éagsúlacht cur chuige i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidfear iad, samhlacha fachtóirí, neastacháin béite, agus mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch don earnáil agus don réigiún nó d’innéacsanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|