+Airteagal 42 1

Airteagal 42 1

1.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ríomh na mbeart easnaimh ionchasaigh páirteach dá dtagraítear in Airteagal 325bc den Rialachán sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

a fhíorú, maidir leis an meastóir arna úsáid ag an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar na bearta riosca easnaimh ionchasaigh, cé acu atá nó nach bhfuil sé iontaofa ó thaobh coincheapa de agus réasúnta cruinn;

(b)

a fhíorú, le linn don institiúid na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha

Formula

agus

Formula

a ríomh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bc(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar cé acu a shainaithníonn nó nach sainaithníonn sí tréimhsí leachtachta éifeachtacha na bhfachtóirí riosca a bhaineann le suíomh ar leith, agus aibíocht an tsuímh á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 325bd(4) den Rialachán sin;

(c)

a fhíorú, mar chuid de na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar cé acu atá nó nach bhfuil critéir oibiachtúla leagtha síos ag an institiúid atá ábhartha chun na fachtóirí riosca atá san fhothacar d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (a), den Rialachán sin a roghnú;

(d)

maidir leis na fachtóirí riosca nach bhfuil ina gcuid den fhothacar d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe arna roghnú ag an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fhíorú ar cé acu a choimeádtar nó nach gcoimeádtar tairiseach iad nuair a ríomhtar

Formula

agus

Formula

;

(e)

a fhíorú cé acu is ionann nó nach ionann na teicnící a úsáidtear chun

Formula

Formula

a ríomh agus na cinn siúd a úsáidtear chun

Formula

a ríomh, seachas i gcás na ndialltaí sin a bhfuil gá leo chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 325bc(2) go (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú;

(f)

a fhíorú, le linn don institiúid an

Formula

Formula

a ríomh, cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann sí sonraí arna n-ualú go cothrom le linn na tréimhse breathnóireachta;

(g)

i ndáil le sainaithint na tréimhse struis, a fhíorú cé acu a thosaíonn nó nach dtosaíonn na tréimhsí rollacha 12 mhí arna dtástáil chun an tréimhse struis a chinneadh ón 1 Eanáir 2007 ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 575/2013 agus go sonraítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide a mhinice a thugtar an tréimhse struis cothrom le dáta chun na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha a ríomh, mar aon leis na critéir eile is infheidhme lena gcuirtear tús lena tabhairt cothrom le dáta.

Chun críocha phointe (e), gheobhaidh na húdaráis inniúla forléargas ar na difríochtaí idir na teicnící arna n-úsáid ag an institiúid le linn di na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha arna gcalabrú ar an tréimhse 12 mhí is déanaí agus ar an tréimhse struis a ríomh, agus fíoróidh siad cé acu a théann nó nach dtéann na difríochtaí thar an méid a bhfuil gá leis chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaint amach.

Chun críocha phointe (g), fíoróidh na húdaráis inniúla, ar bhonn nuashonruithe roimhe sin freisin, cé acu a thugtar nó nach dtugtar an tréimhse struis cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil ar a laghad agus fíoróidh siad gur lean an institiúid aon chritéar féideartha a shonraítear sna beartais inmheánacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.