1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ríomh na mbeart easnaimh ionchasaigh páirteach dá dtagraítear in Airteagal 325bc den Rialachán sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
(a)
a fhíorú, maidir leis an meastóir arna úsáid ag an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar na bearta riosca easnaimh ionchasaigh, cé acu atá nó nach bhfuil sé iontaofa ó thaobh coincheapa de agus réasúnta cruinn;
(b)
a fhíorú, le linn don institiúid na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha
agus
a ríomh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bc(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar cé acu a shainaithníonn nó nach sainaithníonn sí tréimhsí leachtachta éifeachtacha na bhfachtóirí riosca a bhaineann le suíomh ar leith, agus aibíocht an tsuímh á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 325bd(4) den Rialachán sin;
(c)
a fhíorú, mar chuid de na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar cé acu atá nó nach bhfuil critéir oibiachtúla leagtha síos ag an institiúid atá ábhartha chun na fachtóirí riosca atá san fhothacar d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (a), den Rialachán sin a roghnú;
(d)
maidir leis na fachtóirí riosca nach bhfuil ina gcuid den fhothacar d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe arna roghnú ag an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fhíorú ar cé acu a choimeádtar nó nach gcoimeádtar tairiseach iad nuair a ríomhtar
agus
;
(e)
a fhíorú cé acu is ionann nó nach ionann na teicnící a úsáidtear chun
a ríomh agus na cinn siúd a úsáidtear chun
a ríomh, seachas i gcás na ndialltaí sin a bhfuil gá leo chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 325bc(2) go (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú;
(f)
a fhíorú, le linn don institiúid an
a ríomh, cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann sí sonraí arna n-ualú go cothrom le linn na tréimhse breathnóireachta;
(g)
i ndáil le sainaithint na tréimhse struis, a fhíorú cé acu a thosaíonn nó nach dtosaíonn na tréimhsí rollacha 12 mhí arna dtástáil chun an tréimhse struis a chinneadh ón 1 Eanáir 2007 ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 575/2013 agus go sonraítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide a mhinice a thugtar an tréimhse struis cothrom le dáta chun na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha a ríomh, mar aon leis na critéir eile is infheidhme lena gcuirtear tús lena tabhairt cothrom le dáta.
Chun críocha phointe (e), gheobhaidh na húdaráis inniúla forléargas ar na difríochtaí idir na teicnící arna n-úsáid ag an institiúid le linn di na bearta easnaimh ionchasaigh páirteacha arna gcalabrú ar an tréimhse 12 mhí is déanaí agus ar an tréimhse struis a ríomh, agus fíoróidh siad cé acu a théann nó nach dtéann na difríochtaí thar an méid a bhfuil gá leis chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaint amach.
Chun críocha phointe (g), fíoróidh na húdaráis inniúla, ar bhonn nuashonruithe roimhe sin freisin, cé acu a thugtar nó nach dtugtar an tréimhse struis cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil ar a laghad agus fíoróidh siad gur lean an institiúid aon chritéar féideartha a shonraítear sna beartais inmheánacha.
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), beidh an méid seo a leanas amhlaidh maidir leis na húdaráis inniúla:
(a)
fíoróidh siad an chaoi a roghnaíonn an institiúid an meastóir a úsáideann sí agus an anailís a dhéantar chun tacú leis an rogha sin;
(b)
fíoróidh siad cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn meastóir an easnaimh ionchasaigh do shuimeálaí an mheastóra le haghaidh na dtomhas luacha faoi riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna thuiscint mar fheidhm den earrdhóchúlacht ó náid go dtí an leibhéal muiníne lúide a haon, agus an leibhéal muiníne ábhartha a roinnt ar lúide a haon, nó do rogha níos coimeádaí;
(c)
féadfaidh siad comparáid a dhéanamh idir na meastóirí luacha faoi riosca agus meastóirí an easnaimh ionchasaigh arna n-úsáid ag an institiúid in aghaidh na meastóirí a áirítear i dTábla 1.
Tábla 1
Meastóirí luacha faoi riosca
Meastóirí an easnaimh ionchasaigh
;
I gcás inarb amhlaidh:
seasann
don i-ú luach is ísle sa sampla a úsáidtear le haghaidh a mheastacháin, i.e. is é an caillteanas is géire i sampla brabúis agus caillteanais agus is uimhir dhiúltach mhór é go ginearálta;
seasann N don líon luachanna sa sampla
a úsáidtear le haghaidh an mheastacháin;
seasannα don earrdhóchúlacht, i.e. an leibhéal muiníne lúide a haon;
seasann
don chuid is slánuimhir d’argóint;
agus don easnamh ionchasach ag glacadh leis gurb amhlaidh , i.e. ríomh le haghaidh cléfhoircinn de shampla;
agus don easnamh ionchasach ag glacadh leis gurb amhlaidh , i.e. tá níos mó ná caillteanas amháin sa α-fhoirceann de shampla brabúis agus caillteanais;
.
(d)
i gcás ina bhfuil ríomh na mbeart riosca easnaimh ionchasaigh bunaithe ar ionsamhluithe Monte Carlo, a fhíorú cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn an líon ionsamhluithe cóineasú i dtreo torthaí cobhsaí.
Chun críocha phointe (d), déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na tástálacha arna ndéanamh ag an institiúid chun an líon ionsamhluithe a shocrú, agus ar na tástálacha staidrimh lena n-áirithítear gurb iomchuí airíonna randamachta na seicheamh a úsáidtear chun an t-ionsamhlú a ghiniúint. I gcás ina measann an t-údarás inniúil nach leordhóthanach na tástálacha sin, féadfaidh sé an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 4 a úsáid.
3. Chun críocha mhír 1, pointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
(a)
é a cheangal ar an institiúid earráid staidrimh Monte Carlo ar leibhéal muiníne 95 % a sholáthar, agus a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an modh arna úsáid chun an earráid staidrimh sin a thomhas fónta;
(b)
é a cheangal ar an institiúid na bearta riosca easnaimh ionchasaigh a ríomh le roinnt síolta éagsúla, agus gach toimhde eile comhionann;
(c)
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na difríochtaí idir na bearta riosca easnaimh ionchasaigh le síol difriúil a eascraíonn as an ríomh i gcomhréir le pointe (b) comhoiriúnach leis an earráid staidrimh dá dtagraítear i bpointe (a).
(d)
i gcás ina measann na húdaráis inniúla gur neamhréireach na torthaí dá dtagraítear i bpointe (c), measúnú a dhéanamh ar bhunchúis na neamhréireachta sin, agus measúnú a dhéanamh ar an líon ionsamhluithe is gá chun a áirithiú go bhfuil an earráid staidrimh faoi bhun 5 %.
4. Chun críocha mhír 1, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
(a)
forléargas a fháil ar na fachtóirí riosca arna roghnú ag an institiúid agus a fhíorú:
(i)
cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn na critéir leibhéal leordhóthanach cumhdaigh i gcineálacha na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe arna roghnú i gcomparáid leis an tacar iomlán d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu;
(ii)
cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh maidir leis na critéir go bhfuil coinne leis go sárófar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le himeacht ama;
(iii)
cé acu a thástálann nó nach dtástálann an institiúid fothacair mhalartacha d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe chun a áirithiú nach ndéantar gannmheastachán lena rogha ar na ceanglais cistí dílse;
(iv)
cé acu is fearr nó nach fearr leis an institiúid, ina rogha, rogha na bhfachtóirí riosca a bhfuil sonraí sa tréimhse struis ann ina leith ná fachtóirí riosca a n-úsáidtear ionadaigh ina leith, agus i gcás nach amhlaidh an cás, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an gcúis nár chuir an institiúid critéar den sórt sin chun feidhme, agus cé acu a fheabhsódh nó nach bhfeabhsódh rogha dhifriúil cáilíocht an bhirt easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe nó pháirtigh.
(b)
a fhíorú, i gcás ina bhfuil aibíocht níos lú ná 10 lá ag an suíomh, cé acu atá nó nach bhfuil tréimhse leachtachta éifeachtach na bhfachtóirí riosca uile socraithe go 10 lá, agus a fhíorú nach mbíonn tionchar ag an suíomh sin ar ríomh
le haghaidh
;
(c)
i gcás ina bhfuil aibíocht Mat lá ag an suíomh, le
, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
(i)
fachtóirí riosca uile an tsuímh sin ag a bhfuil tréimhse leachtachta
, sannadh do thréimhse leachtachta éifeachtach iad arb í an tréimhse leachtachta is giorra í i measc na dtréimhsí leachtachta a sholáthraítear i dTábla 1 d’Airteagal 325bc(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá níos mó ná nó cothrom le Mat;
(ii)
níl tionchar ag an suíomh ar ríomh
le haghaidh gach j a chomhfhreagraíonn do thréimhse leachtachta atá níos mó ná an tréimhse leachtachta is giorra i measc na dtréimhsí leachtachta a sholáthraítear i dTábla 1 d’Airteagal 325bc(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá níos mó ná nó cothrom le Mat;
(d)
a fhíorú, i gcás ina bhfuil aibíocht Mat lá ag an suíomh, le
, cé acu a shann nó nár shann an institiúid fachtóirí riosca uile an tsuímh sin do thréimhse leachtachta éifeachtach a chomhfhreagraíonn don tréimhse leachtachta SubCatLH arna sannadh do na fachtóirí riosca;
(e)
a fhíorú, le linn don institiúid
a ríomh, ar cé acu a choimeádann nó nach gcoimeádann sí tairiseach na fachtóirí riosca sin ag a bhfuil tréimhse leachtachta éifeachtach atá níos ísle ná an tréimhse leachtachta a chomhfhreagraíonn don innéacs j.
Chun críocha phointe (a)(ii), déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an gcorrlach ar ina leith a sháraigh an institiúid an tairseach sna ráithí roimhe sin.
Chun críocha phointe (a)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás ina measann siad nach leordhóthanach an tástáil ar fhothacair mhalartacha arna ndéanamh ag an institiúid, é a cheangal ar an institiúid fothacair mhalartacha a thástáil agus measúnú a dhéanamh ar cé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn difríochtaí ábhartha as roghanna malartacha i dtéarmaí ceanglais cistí dílse.