+Airteagal 23 Faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3
|
Airteagal 23 Faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh FIUnna do mhaoirseoirí, go spontáineach nó arna iarraidh sin dóibh, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha maoirseachta de bhun Chaibidil IV, lena n-áirítear ar a laghad faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cáilíocht agus cainníocht na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha arna gcur isteach ag eintitis faoi oibleagáid;
|
|
(b)
|
cáilíocht agus tráthúlacht na bhfreagairtí arna soláthar ag eintitis faoi oibleagáid d’iarrataí FIU de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1624;
|
|
(c)
|
torthaí ábhartha ó anailísí straitéiseacha arna ndéanamh de bhun Airteagal 19(3), pointe (b) den Treoir seo, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha maidir le treochtaí agus modhanna sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear rioscaí geografacha, rioscaí trasteorann agus rioscaí atá ag teacht chun cinn.
|
|
|
Airteagal 23 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh FIUnna fógra do mhaoirseoirí aon uair a léiríonn faisnéis atá ina seilbh go bhféadfadh sáruithe a bheith á ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113.
|
|
Airteagal 23 3
|
3. Ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis chun críocha mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon fhaisnéis maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha sonracha san fhaisnéis arna soláthar ag FIUnna de bhun an Airteagail seo ná cásanna lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir anailís nó imscrúdú leanúnach nó as a bhféadfaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha a shainaithint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|