+Airteagal 8
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh an tÚdarás modheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT a bheidh cothrom le dáta agus comhchuibhithe a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, lena mionsonrófar an cur chuige rioscabhunaithe i leith na maoirseachta ar eintitis faoi oibleagáid san Aontas. Beidh an mhodheolaíocht sin comhdhéanta de threoirlínte, moltaí, tuairimí agus bearta agus ionstraimí eile de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear go háirithe caighdeáin rialála agus theicniúla cur chun feidhme, ar bhonn na gcumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
|
|
Airteagal 8 2.
|
Agus an mhodheolaíocht mhaoirseachta á forbairt, déanfaidh an tÚdarás idirdhealú idir eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear ar bhonn a ngníomhaíochtaí agus shaghas agus chineál na rioscaí ML/TF a bhfuil siad neamhchosanta orthu. Beidh ar a laghad na heilimintí seo a leanas sa mhodheolaíocht mhaoirseachta agus beidh sí rioscabhunaithe:
(a)
tagarmharcanna agus modheolaíocht chun eintitis faoi oibleagáid a aicmiú ina gcatagóirí riosca ar bhonn a bpróifíle riosca iarmharaigh, ar leithligh le haghaidh gach catagóire eintiteas faoi oibleagáid;
(b)
cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar fhéinmheasúnuithe eintiteas faoi oibleagáid i dtaobh riosca ML/TF;
(c)
cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear a mbeartais agus a nósanna imeachta díchill chuí do chustaiméirí, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe maidir le ML/TF a chosc;
(d)
cineálacha cur chuige i leith meastóireacht mhaoirseachta ar thosca riosca a bhaineann go bunúsach le custaiméirí, gaolmhaireachtaí gnó, idirbhearta agus bealaí seachadta eintiteas faoi oibleagáid, chomh maith le tosca riosca geografacha, nó i ndáil leo.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Forbróidh an tÚdarás ceistneoirí struchtúrtha agus uirlisí eile ar líne nó as líne a úsáidfidh an tÚdarás agus na maoirseoirí chun sonraí agus faisnéis ó eintitis faoi oibleagáid a iarraidh, a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú, lena n-áirítear na sonraí ar a mbeifear ag brath agus eilimintí na modheolaíochta maoirseachta a liostaítear i mír 2 á gcur i bhfeidhm. Áiritheofar leis na huirlisí arna bhforbairt ag an Údarás go mbaileofar sonraí agus faisnéis oibiachtúil agus inchomparáide a bhaineann le AML/CFT ó eintitis faoi oibleagáid agus cumasófar leo malartú éifeachtúil tapa faisnéise idir na maoirseoirí agus an tÚdarás. Féachfaidh an tÚdarás leis na huirlisí sin a fhorbairt a luaithe a bheidh an mhodheolaíocht mhaoirseachta infheidhme ar fud chóras maoirseachta AML/CFT ina iomláine.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Leis an modheolaíocht mhaoirseachta léireofar ardchaighdeáin mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais agus tógfar ar chaighdeáin agus treoir idirnáisiúnta ábhartha. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú agus nuashonrú go tráthrialta ar a mhodheolaíocht mhaoirseachta, agus éabhlóid na rioscaí a dhéanann difear don mhargadh inmheánach á cur i gcuntas, lena n-áirítear rioscaí agus bagairtí arna sainaithint ag údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus FIUnna. Cuirfear i gcuntas sa mhodheolaíocht mhaoirseachta, a mhéid is féidir, na dea-chleachtais agus an treoir a d’fhorbair socraitheoirí caighdeán idirnáisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|