+Airteagal 8 2.

Airteagal 8 2.

Agus an mhodheolaíocht mhaoirseachta á forbairt, déanfaidh an tÚdarás idirdhealú idir eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear ar bhonn a ngníomhaíochtaí agus shaghas agus chineál na rioscaí ML/TF a bhfuil siad neamhchosanta orthu. Beidh ar a laghad na heilimintí seo a leanas sa mhodheolaíocht mhaoirseachta agus beidh sí rioscabhunaithe:

(a) 

tagarmharcanna agus modheolaíocht chun eintitis faoi oibleagáid a aicmiú ina gcatagóirí riosca ar bhonn a bpróifíle riosca iarmharaigh, ar leithligh le haghaidh gach catagóire eintiteas faoi oibleagáid;

(b) 

cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar fhéinmheasúnuithe eintiteas faoi oibleagáid i dtaobh riosca ML/TF;

(c) 

cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear a mbeartais agus a nósanna imeachta díchill chuí do chustaiméirí, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe maidir le ML/TF a chosc;

(d) 

cineálacha cur chuige i leith meastóireacht mhaoirseachta ar thosca riosca a bhaineann go bunúsach le custaiméirí, gaolmhaireachtaí gnó, idirbhearta agus bealaí seachadta eintiteas faoi oibleagáid, chomh maith le tosca riosca geografacha, nó i ndáil leo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.