|
+IARSCRÍBHINN III NÓTA MÍNITHE URRÚS |
IARSCRÍBHINN III NÓTA MÍNITHE URRÚS
IARSCRÍBHINN III NÓTA MÍNITHE URRÚS I. Cuspóir, daoine atá freagrach, faisnéis tríú páirtí, tuarascálacha ó shaineolaithe agus formheas an údaráis inniúil Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar faoi na daoine atá freagrach as inneachar an nóta urrús agus infheisteoirí a chur ar a gcompord maidir le cruinneas na faisnéise a nochtar sa réamheolaire. Ina theannta sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le leasanna na ndaoine a bhfuil baint acu leis an tairiscint, chomh maith le cúiseanna na tairisceana, úsáid na bhfáltas agus speansais na tairisceana. Thairis sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le bunús dlí an réamheolaire agus maidir lena fhormheas ag an údarás inniúil. II. Ráiteas an chaipitili oibre (urrúis chothromais amháin) Is é cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir le ceanglais caipitil oibre an eisitheora. III. Tosca riosca Is é is cuspóir don roinn seo tuairisc a thabhairt ar na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis na hurrúis a thairgtear don phobal nó atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. IV. Téarmaí agus coinníollacha na n-urrús Is é cuspóir don roinn seo téarmaí agus coinníollacha na n-urrús a leagan amach agus tuairisc mhionsonraithe a sholáthar ar a saintréithe. I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2024/2810 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle . V. Sonraí a bhaineann leis an tairiscint agus le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis an tairiscint nó cead trádála ar mhargadh rialaithe nó ar MTF a thabhairt, lena n-áirítear praghas na tairisceana deiridh agus an méid urrús (cibé acu líon na n-urrús nó méid ainmniúil comhiomlán) a thairgfear, na cúiseanna atá leis an tairiscint, an plean maidir le dáileadh na n-urrús, úsáid fháltais na tairisceana, caiteachais na heisiúna agus na tairisceana, agus caolú (i gcás urrúis chothromais amháin). VI. Faisnéis a bhaineann le ESG (urrúis neamhchothromais amháin, i gcás inarb infheidhme) Is é is cuspóir don roinn seo, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g). VII. Faisnéis faoin ráthóir (urrúis neamhchothromais amháin, i gcás inarb infheidhme) Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir le ráthóir na n-urrús, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear faisnéis fhíor-riachtanach faoin ráthaíocht a ghabhann leis na hurrúis, faoi na tosca riosca agus faoin bhfaisnéis airgeadais a bhaineann go sonrach leis an ráthóir. VIII. Faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus faoi eisitheoir na n-urrús foluiteach (i gcás inarb infheidhme) Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, faoi eisitheoir na n-urrús foluiteach. IX. Faisnéis maidir le toiliú (i gcás inarb infheidhme) Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis an toiliú i gcás ina dtoilíonn an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as réamheolaire a tharraingt suas lena úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|