|
+IARSCRÍBHINN |
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN CEANGLAIS THEICNIÚLA (AIRTEAGAL 5) (1) I dteannta na gceanglas riachtanach atá leagtha amach in Airteagal 5, beidh na ceanglais theicniúla seo a leanas infheidhme maidir le haistrithe creidmheasa agus le hidirbhearta dochair dhírigh:
(a)
Is é IBAN an t-aitheantóir cuntais íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (c).
(b)
Is é an caighdeán ISO 20022 XML an caighdeán don fhormáid teachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) agus (d).
(c)
Beidh spás i réimse sonraí an seoltáin le haghaidh 140 carachtar. Féadfaidh scéimeanna íocaíochta spás a thabhairt le haghaidh líon níos mó carachtar, seachas má tá srianta teicniúla i dtaca le líon na gcarachtar ag baint leis an bhfeiste a úsáidtear chun faisnéis a sheoladh; sa chás sin tá feidhm ag an teorainn theicniúil sin.
(d)
Maidir leis an bhfaisnéis thagartha seoltáin agus na sonraí eile ar fad a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (2) agus pointe (3) den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus gan athrú idir SSIanna sa slabhra íocaíochta.
(e)
Nuair a bheidh na sonraí is gá ar fáil i bhfoirm leictreonach, déanfaidh idirbheart íocaíochta próiseáil leictreonach atá iomlán uathoibríoch a cheadú le linn gach céime den phróiseáil (ó thús go deireadh díreach tríd an bpróiseáil), lena mbeifear in ann an próiseas ar fad a dhéanamh go leictreonach gan aon ghá le sonraí a athchódú ná le baint dó de láimh. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le láimhseáil eisceachtúil idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh, tráth ar bith is indéanta.
(f)
Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta aon tairseach íosta ar mhéid an idirbhirt íocaíochta agus ceadóidh siad aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ach ní cheanglaítear orthu idirbhearta íocaíochta a phróiseáil le méid nialasach.
(g)
Ní chuirtear oibleagáid ar scéimeanna íocaíochta aistrithe creidmheasa ná dochair dhíreacha a théann thar EUR 999 999 999,99 a chur i gcrích. (2) I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa:
(a)
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a):
(i)
ainm an íocóra agus/nó IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;
(ii)
méid an aistrithe creidmheasa;
(iii)
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;
(iv)
ainm an íocaí, i gcás go mbeidh sé ar fáil;
(v)
aon fhaisnéis seoltáin.
(b)
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b):
(i)
ainm an íocóra;
(ii)
IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;
(iii)
méid an aistrithe creidmheasa;
(iv)
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;
(v)
aon fhaisnéis seoltáin;
(vi)
aon chód aitheantais íocaithe;
(vii)
ainm aon pháirtí tagartha de chuid an íocaí;
(viii)
aon chuspóir de chuid an aistrithe creidmheasa;
(ix)
catagóir aon chuspóra de chuid an aistrithe creidmheasa.
(c)
Ina theannta sin, tabharfaidh SSI an íocóra na sonraí éigeantacha a leanas do SSI an íocaí:
(i)
BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
(ii)
BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
(iii)
cód aitheantais na scéime íocaíochta;
(iv)
dáta socraíochta an aistrithe creidmheasa;
(v)
uimhir thagartha SSI an íocóra le haghaidh na teachtaireachta aistrithe creidmheasa.
(d)
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(c):
(i)
ainm an íocóra;
(ii)
méid an aistrithe creidmheasa;
(iii)
aon fhaisnéis seoltáin. (3) I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta dochair dhírigh:
(a)
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(a)(i):
(i)
an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);
(ii)
ainm an íocaí;
(iii)
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;
(iv)
más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;
(v)
IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;
(vi)
tagairt uathúil an tsainordaithe;
(vii)
i gcás do dtabharfar sainordú an íocóra tar éis an 31 Márta 2012, an dáta ar a síníodh é;
(viii)
an méid a bhaileofar;
(ix)
tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;
(x)
aitheantóir an íocaí;
(xi)
aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, i gcás ina bhfuil an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;
(xii)
aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir;
(xiii)
aon chuspóir de chuid an bhailithe;
(xiv)
aon chatagóir de chuid chuspóir an bhailithe.
(b)
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b):
(i)
BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
(ii)
BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
(iii)
ainm pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);
(iv)
cód aitheantais pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);
(v)
ainm pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó sa sainordú dí-ábharaithe);
(vi)
cód aitheantais pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);
(vii)
cód aitheantais na scéime íocaíochta;
(viii)
dáta socraíochta an bhailithe;
(ix)
tagairt sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le haghaidh an bhailithe;
(x)
an cineál sainordaithe;
(xi)
an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);
(xii)
ainm an íocaí;
(xiii)
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;
(xiv)
más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;
(xv)
IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;
(xvi)
tagairt uathúil an tsainordaithe;
(xvii)
dáta sínithe an tsainordaithe má thugann an t-íocóir sainordú tar éis an 31 Márta 2012;
(xviii)
an méid a bhaileofar;
(xix)
tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);
(xx)
aitheantóir an íocaí;
(xxi)
aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);
(xxii)
aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir.
(c)
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(c):
(i)
tagairt uathúil an tsainordaithe;
(ii)
aitheantóir an íocaí;
(iii)
ainm an íocaí;
(iv)
an méid a bhaileofar;
(v)
aon fhaisnéis seoltáin;
(vi)
cód aitheantais na scéime íocaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|