|
+IARSCRÍBHINN C STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH |
IARSCRÍBHINN C STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH
IARSCRÍBHINN C STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na socruithe tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go míosúil. In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo. Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san Iarscríbhinn seo:
a)
Tréimhse thuairiscithe: Is é mí féilire amháin an tréimhse thuairiscithe maidir leis na sonraí dearbhaithe.
b)
Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn míosúil.
c)
Formáid an tarchuir: Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha arna shonrú ag Eurostat.
d)
Modh an tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig an bpointe iontrála aonair i gcás sonraí ag Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach. 1. BREOSLAÍ SOLADACHA 1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú an mhéid seo a leanas: 1.1.1. Gual crua 1.1.2. Gual donn 1.1.3. Móin 1.1.4. Scealla ola agus gaineamh ola 1.1.5. Cóc oighinn cóic 1.2. Liosta na gcomhiomlán 1.2.1. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gual crua: 1.2.1.1. Táirgeadh 1.2.1.2. Táirgí gnóthaithe 1.2.1.3. Allmhairí 1.2.1.4. Allmhairí ó lasmuigh den Aontas 1.2.1.5. Onnmhairí 1.2.1.6. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach. 1.2.1.7. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach. 1.2.1.8. Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta 1.2.1.9. Seachadtaí chuig gléasraí cóic Ní áirítear gual crua arna thomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i dtaca le hoighinn chóic, atá le tuairisciú i “Seachadtaí chuig earnáil an tionscail ina hiomláine”. 1.2.1.10. Seachadtaí chuig an tionscal iomlán Áirítear gual crua a sheachadtar chuig earnáil an chlaochlaithe (seachas gual crua a thuairiscítear i “Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta” agus “Seachadtaí chuig oighinn chóic”), an earnáil fuinnimh, agus tomhaltas deiridh fuinnimh guail chrua in earnáil an tionscail. 1.2.1.10.1 Seachadtaí chuig an tionscal iarainn agus cruach Áirítear gual crua a théann isteach i bhfoirnéisí soinneáin mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.2.11, agus tomhaltas deiridh fuinnimh guail chrua san earnáil iarainn agus cruach mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.6.1.8. Ní áirítear gual crua arna thomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i bhfoirnéisí soinneáin, atá le tuairisciú i “Seachadtaí chuig earnáil an tionscail ina hiomláine”. 1.2.1.11. Seachadtaí eile (seirbhísí, teaghlaigh, etc.). Méid an ghuail chrua a seachadtar chuig earnálacha nach luaitear go sonrach. 1.2.2. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gual donn, móna agus sceall ola agus gainimh ola: 1.2.2.1. Táirgeadh 1.2.2.2. Allmhairí 1.2.2.3. Onnmhairí 1.2.2.4. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach. 1.2.2.5. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach. 1.2.2.6. I gcás móna, is féidir athruithe ar stoic a dhearbhú in ionad stoic tosaigh agus deiridh. 1.2.2.7. Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta 1.2.3. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh cóc oighinn chóic: 1.2.3.1. Táirgeadh 1.2.3.2. Allmhairí 1.2.3.3. Allmhairí ó lasmuigh den Aontas 1.2.3.4. Onnmhairí 1.2.3.5. Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag táirgeoirí, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach. 1.2.3.6. Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag táirgeoirí, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach. 1.2.3.7. Seachadtaí chuig an tionscal iarainn agus cruach Áirítear cóc oighinn cóic a théann isteach i bhfoirnéisí soinneáin mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.2.11, agus tomhaltas deiridh fuinnimh guail cóic oighinn cóic san earnáil iarainn agus cruach mar a shainítear in Iarscríbhinn A, Airteagal 2.6.1.8. Ní áirítear cóc oighinn cóic arna thomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i bhfoirnéisí soinneáin. 1.3. Aonaid tomhais Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí). 1.4. An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de dhá mhí féilire tar éis na míosa tuairiscithe. 2. LEICTREACHAS 2.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú leictreachais. 2.2. Liosta na gcomhiomlán Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh leictreachais: 2.2.1. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí núicléacha 2.2.2. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as gual 2.2.3. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as ola 2.2.4. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as gás 2.2.5. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta agus úsáid á baint as foinsí fuinnimh in-athnuaite indóite (amhail bithbhreoslaí soladacha, bithgháis, bithbhreoslaí leachtacha, dramhaíl chathrach in-athnuaite) 2.2.6. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as breoslaí indóite neamh-inathnuaite (amhail dramhaíl thionsclaíoch neamh-inathnuaite agus dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite) 2.2.7. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí glan-hidreafhuinnimh 2.2.8. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí hidreafhuinnimh mheasctha 2.2.9. Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí taisce pumpála glan-hidreafhuinnimh 2.2.10. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghaoithe cósta 2.2.11. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghaoithe amach ón gcósta 2.2.12. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh 2.2.13. Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghrianfhuinnimh theirmigh 2.2.14. Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh gheoiteirmeaigh 2.2.15. Glantáirgeadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite eile (amhail fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh farraige agus foinsí eile in-athnuaite neamh-indóite) 2.2.16. Glantáirgeadh leictreachais ó fhoinse nach sonraítear 2.2.17. Allmhairí 2.2.17.1. Ón Aontas 2.2.18. Onnmhairí 2.2.18.1. Chuig an Aontas 2.2.19. Leictreachas a mbaintear úsáid as le haghaidh taisce pumpála 2.3. Aonaid tomhais Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta). 2.4. An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de dhá mhí féilire tar éis na míosa tuairiscithe. 3. OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM 3.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.4. OLA (táirgí amhola agus peitriliam). Folaítear leis an aicme “Táirgí Eile” na cainníochtaí a fhreagraíonn don sainmhíniú i gCaibidil 3.4 d'Iarscríbhinn A) agus na cainníochtaí de bhiotáille bhán agus FPS, de bhealaí, de bhiotúman agus de chéireacha pairifín; níor cheart na táirgí seo a dhearbhú ar leithligh. 3.2. Liosta na gcomhiomlán Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh na dtáirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt. 3.2.1. SOLÁTHAR AMHOLA, GNL, STOIC CHOTHAITHE SCAGLAINNE, BREISEÁIN AGUS HIDREACARBÓIN EILE Nóta le haghaidh breiseáin agus bithbhreoslaí: folaítear anseo ní hamháin méideanna atá cumaiscthe cheana, ach na cainníochtaí uile atá ceaptha lena gcumasc freisin. Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh amhola, GNL, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile: 3.2.1.1. Táirgeadh Dúchais (neamh-infheidhme maidir le stoic chothaithe scaglainne agus le bithbhreoslaí). 3.2.1.2. Fáltais ó fhoinsí eile (neamh-infheidhme maidir le hamhola, GNL, stoic chothaithe scaglainne) 3.2.1.3. Cúlsreabha Táirgí críochnaithe nó leathchríochnaithe a aischuireann tomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth. Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne. 3.2.1.4. Táirgí aistrithe Táirgí peitriliam allmhairithe a dhéanfar a athaicmiú mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh. Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne. 3.2.1.5. Allmhairí 3.2.1.6. Onnmhairí Nóta le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú: Folaítear cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba chóir amhola agus LGN a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ón tír thionscnaimh faoi dheoidh; ba chóir stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh. Folaítear aon leachtanna gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar ghás nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus táirgí peitriliam a ndéanann an earnáil pheitriceimiceach iad a allmhairiú nó a onnmhairiú go díreach. 3.2.1.7. Úsáid dhíreach 3.2.1.8. Athruithe ar stoic Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach. 3.2.1.9. Iontógáil scaglainne bhreathnaithe Sainmhínítear é seo mar mhéid iomlán na hola (lena n-áirítear hidreacarbóin eile agus breiseáin) breathnaithe a tháinig isteach sa phróiseas scaglainne (ionchur i scaglanna). 3.2.1.10. Caillteanais scaglainne An difríocht idir iontógáil scaglainne bhreathnaithe agus oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais a bheith ann i rith próiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Beidh caillteanais thuairiscithe deimhneach. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann. 3.2.2. SOLÁTHAR TÁIRGÍ CRÍOCHNAITHE Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh Amhola, GNL, Gáis scaglainne, Eatáin, GPL, Nafta, Bithghásailín, Neamh-bhithghásailín, Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla den chineál gásailíneach, Scaird-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, Scaird-neamh-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, Ceirisín eile, Bithdhíosail, Gás neamh-bhitheolaíoch/ola dhíosail, Ola bhreosla ina bhfuil leibhéal íseal sulfair, Ola bhreosla ina bhfuil ardleibhéal sulfair, Cóc peitriliam, agus Táirgí eile: 3.2.2.1. Fáltais táirgí príomhúla 3.2.2.2. Oll-aschur scaglainne (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL) 3.2.2.3. Táirgí athchúrsáilte (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL) 3.2.2.4. Breosla Scaglainne (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL) Iarscríbhinn A Caibidil 2.3. Earnáil an fhuinnimh - Scaglanna peitriliam; Folaítear breoslaí a mbaintear úsáid astu sna scaglanna chun leictreachas agus teas arna dhíol a tháirgeadh. 3.2.2.5. Allmhairí (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne) 3.2.2.6. Onnmhairí (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne) Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i Roinn 3.2.1. anseo freisin. 3.2.2.7. Umair Mhuirí Idirnáisiúnta (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL) 3.2.2.8. Aistrithe idir-tháirgí 3.2.2.9. Táirgí aistrithe (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL) 3.2.2.10. Athruithe ar stoic (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne) Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach. 3.2.2.11. Ollseachadtaí intíre ríofa breathnaithe Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaiscthe, etc.) chuig an margadh intíre. 3.2.2.11.1. Eitlíocht idirnáisiúnta (infheidhme maidir le Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla den chineál gásailíneach, Scaird-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach, Scaird-neamh-bhithbhreosla den chineál ceirisíneach) 3.2.2.11.2. Gléasraí cumhachta na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta 3.2.2.11.3. Bóthar (níl sé infheidhme ach amháin maidir le GPL) 3.2.2.11.4. Loingseoireacht intíre agus Iarnród (níl sé infheidhme ach amháin maidir le Bithdhíosail, Gás neamh-bhitheolaíoch/ola dhíosail) 3.2.2.12. Peitriceimiceach 3.2.2.13. Cúlsreabha chuig scaglanna (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL) 3.2.3. ALLMHAIRÍ DE RÉIR ÁIT TIONSCNAIMH — ONNMHAIRÍ DE RÉIR CEANN SCRÍBE Ba cheart allmhairí a thuairisciú de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe. Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i Roinn 3.2.1. anseo freisin. 3.2.4. LEIBHÉIL STOIC Ní mór na stoic tosaigh agus deiridh seo a leanas a dhearbhú maidir leis na táirgí fuinnimh go léir, lena n-áirítear maidir le breiseáin/ocsaigionáití ach seachas gás scaglainne: 3.2.4.1. Stoic ar chríoch náisiúnta Stoic sna láithreacha seo a leanas: umair scaglainne, bulc-chríochfoirt, umar píblíne, báirsí agus tancaeir cósta (i gcás ina mbeidh an calafort imeachta agus cinn scríbe sa tír chéanna), tancaeir i gcalafort balltíre (i gcás ina ndéanfar a lasta a dhíluchtú ag an gcalafort), umair long intíre. Ní fholaítear stoic ola arna sealbhú i bpíblínte, i gcarranna umar iarnróid, i gcarranna umar trucaile, in umair long farraige, i stáisiúin seirbhíse, i siopaí miondíola agus in umair ar farraige. 3.2.4.2. Stoic arna sealbhú do thíortha eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais Stoic ar chríoch náisiúnta de chuid tír eile agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach. 3.2.4.3. Stoic a bhfuil ceann scríbe coigríche acu Stoic nach bhfuil ar áireamh i bpointe 3.2.4.2 maidir le críoch náisiúnta agus a bhaineann le tír eile agus a chuirfear chuig tír eile. Beidh na stoic seo laistigh nó lasmuigh de limistéir faoi bhanna. 3.2.4.4. Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna Folaítear stoic nach bhfuil ar áireamh i bpointe 3.2.4.2 nó 3.2.4.3 is cuma cé acu atá nó nach bhfuil imréiteach custam faighte acu. 3.2.4.5. Stoic arna sealbhú ag mórthomhaltóirí Folaítear stoic atá faoi réir rialú rialtais. Ní fholaíonn an sainmhíniú seo stoic thomhaltóirí eile. 3.2.4.6. Stoic arna sealbhú ar bord soithí farraige ag teacht isteach i gcalafort nó i bhfeistiú Stoic is cuma cibé acu atá nó nach bhfuil imréiteach custam faighte acu. Ní fholaíonn an aicme seo stoic ar bord soithí ar an mórmhuir. Folaítear ola i dtancaeir cósta i gcás ina mbeidh a gcalafort imeachta agus cinn scríbe sa tír chéanna. Maidir le soithí ag teacht isteach a mbeidh níos mó ná calafort díluchtaithe amháin acu, ná tabhair tuairisc ach ar an méid a dhéanfar a dhíluchtú sa tír thuairiscithe. 3.2.4.7. Stoic arna sealbhú ag rialtas ar chríoch náisiúnta Folaítear stoic neamh-mhíleata arna sealbhú ag an rialtas laistigh den chríoch náisiúnta, agus a bheidh faoi úinéireacht nó á rialú agus á sealbhú ag an rialtas chun críocha éigeandála amháin. Ní fholaítear stoic arna sealbhú ag cuideachtaí ola stáit nó fóntais leictreacha nó stoic arna sealbhú go díreach ag cuideachtaí ola thar ceann rialtas. 3.2.4.8. Stoic arna sealbhú ag eagraíocht stocshealbhaíochta ar chríoch náisiúnta Stoic arna sealbhú ag corparáidí poiblí agus príobháideacha, ar corparáidí iad a bunaíodh chun stoic atá ann chun críoch éigeandála a chothabháil, agus chun na críche sin amháin. Ní fholaítear stoic éigeantacha arna sealbhú ag cuideachtaí príobháideacha. 3.2.4.9. Gach stoc eile arna shealbhú ar chríoch náisiúnta Gach stoc eile a chomhlíonann na coinníollacha a thuairiscítear i bpointe 3.2.4.1 thuas. 3.2.4.10. Stoic arna sealbhú thar lear faoi chomhaontuithe déthaobhacha Stoic de chuid na tíre tuairiscithe ach atá á sealbhú i dtír eile, agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach. 3.2.4.10.1. Lena n-áirítear: Stoic rialtais 3.2.4.10.2. Lena n-áirítear: Stoic eagraíochta sealbhaíochta 3.2.4.10.3. Lena n-áirítear: Stoic eile 3.2.4.11. Stoic arna sealbhú thar lear agus arna n-ainmniú mar stoic a allmhaireofar Stoic de chuid an stáit thuairiscithe nach bhfolaítear in aicme 10 ach atá á sealbhú i stát eile agus ag fanacht le hallmhairiú ansin. 3.2.4.12. Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna Stoic eile sa chríoch náisiúnta nach bhfuil ar áireamh sna haicmí thuas. 3.2.4.13. Líonadh píblíne Ola (amhola agus táirgí peitriliam) i bpíblínte a bheidh ag teastáil chun sreabhadh sna píblínte a chothabháil. Ina theannta sin, ní mór miondealú ar chainníochtaí de réir na tíre comhfhreagraí a dhearbhú maidir leo seo a leanas:
3.2.4.13.1.
stoic deiridh arna sealbhú ar son tíortha eile faoi chomhaontú oifigiúil, de réir tairbhí,
3.2.4.13.2.
stoic deiridh arna sealbhú ar son tíortha eile faoi chomhaontú oifigiúil, i seilbh mar thicéid stoic, de réir tairbhí,
3.2.4.13.3.
stoic deiridh eile a bhfuil ceann scríbe coigríche acu, de réir tairbhí,
3.2.4.13.4.
stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch faoi chomhaontú oifigiúil, de réir suímh,
3.2.4.13.5.
stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch faoi chomhaontú oifigiúil, i seilbh mar thicéid stoic, de réir suímh,
3.2.4.13.6.
stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch agus atá ainmnithe go deimhnitheach mar stoic a allmhaireofar isteach i dtír an dearbhóra, de réir suímh. Ciallaíonn “stoic tosaigh” na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí díreach roimh an mí thuairiscithe. Ciallaíonn “stoic deiridh” na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí thuairiscithe. 3.3. Aonaid tomhais Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí). 3.4. An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de 55 lá tar éis na míosa tuairiscithe. 3.5. Nótaí geografacha Chun staidreamh a thuairisciú, agus chuige sin amháin, beidh feidhm ag soiléirithe i gCaibidil 1 d'Iarscríbhinn A ach an eisceacht seo a leanas a bheith ann: Cuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin 4. GÁS NÁDÚRTHA 4.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú gáis nádúrtha. 4.2. Liosta na gcomhiomlán Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gás nádúrtha. 4.2.1. TÁIRGEADH DÚCHASACH Gach táirgeadh inmhargaidh tirim laistigh de theorainneacha náisiúnta, lena n-áirítear táirgeadh amach ón gcósta. Déanfar táirgeadh a thomhas tar éis an íonúcháin agus tar éis LGN agus sulfar a eastóscadh. Ní fholaíonn sé caillteanais eastósctha nó cainníochtaí a chuirtear ar ais isteach, a scaoiltear nó a bhrúchtaítear. Folaítear cainníochtaí a mbaintear úsáid astu i dtionscal an gháis nádúrtha, in eastóscadh gáis, i gcórais phíblíne agus i ngléasraí próiseála. 4.2.2. ALLMHAIRÍ (IONTRÁLACHA) 4.2.3. ONNMHAIRÍ (IMEACHTAÍ) Nóta le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú: Gach méid gáis nádúrtha a thrasnaigh teorainneacha náisiúnta na tíre go fisiceach a thuairisciú, cé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. Folaítear leis sin cainníochtaí faoi bhealach i do thír; ba cheart méideanna idirthurais a fholú mar allmhairiú agus mar onnmhairiú. Ba cheart go gcumhdófaí allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe a gcoibhéis inmhargaidh thirim, lena n-áirítear méideanna a mbaintear úsáid astu le haghaidh tomhaltas dílis sa phróiseas athghásaithe. Ba cheart na méideanna a mbaintear úsáid astu le haghaidh tomhaltas dílis le linn athghásaithe a thuairisciú faoi Fhéinúsáid agus caillteanais thionscal an gháis nádúrtha (féach 4.2.11). Ba cheart aon leacht gáis (e.g. GPL) a eastóscadh le linn phróiseas athghásaithe GNL arna allmhairiú a thuairisciú faoi “Fáltais ó fhoinsí eile” de “Hidreacarbóin eile” mar a shainmhínítear i gCaibidil 3 den iarscríbhinn seo (OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM). 4.2.4. ATHRUITHE AR STOIC Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach. 4.2.5. OLLSEACHADTAÍ INTÍRE RÍOFA BREATHNAITHE Léirítear sa chatagóir seo seachadtaí gáis inmhargaidh chuig an margadh intíre, lena n-áirítear gás a mbaintear úsáid as i dtionscal an gháis chun a threalamh a théamh agus a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblíne agus i ngléasraí próiseála); ba cheart caillteanais tarchuir agus dáileacháin a fholú freisin. 4.2.6. LEIBHÉIL TOSAIGH STOC ARNA SEALBHÚ AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA 4.2.8. LEIBHÉIL DEIRIDH STOC ARNA SEALBHÚ AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA 4.2.9. LEIBHÉIL TOSAIGH STOC ARNA SEALBHÚ AR AN GCOIGRÍOCH 4.2.10. LEIBHÉIL DEIRIDH STOC ARNA SEALBHÚ AR AN GCOIGRÍOCH Nóta le haghaidh leibhéil stoic: folaíonn sé sin gás nádúrtha atá á stóráil i bhfoirm ghásach agus i bhfoirm leachtach. 4.2.11. FÉINÚSÁID AGUS CAILLTEANAIS THIONSCAL AN GHÁIS NÁDÚRTHA Cainníochtaí a mbaintear úsáid astu i dtionscal an gháis chun a threalamh a théamh agus a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblíne agus i ngléasraí próiseála); folaíonn sé sin caillteanais tarchuir agus dáileacháin. 4.2.12. ALLMHAIRÍ (IONTRÁLACHA) DE RÉIR ÁIT TIONSCNAIMH AGUS ONNMHAIRÍ (IMEACHTAÍ) DE RÉIR CEANN SCRÍBE Ba cheart allmhairí (iontrálacha) a thuairisciú de réir tír thionscnaimh, agus onnmhairí (imeachtaí) de réir tír ceann scríbe. Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i roinn 4.2.3. anseo freisin. Níl allmhairí agus onnmhairí le dearbhú ach amháin le haghaidh na tíre comharsanaí nó na tíre a bhfuil cónasc píblíne díreach aici nó, i gcás GNL, le haghaidh na tíre ina luchtaítear an gás ar long iompair. 4.2.13. SEACHADTAÍ CHUIG GINIÚINT FUINNEAMH 4.3. Aonaid tomhais Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in dhá aonad:
4.3.1.
i gcainníocht fhisiceach, i milliún m3 (milliún méadar ciúbach) agus talamh slán á dhéanamh de go mbeidh coinníollacha gáis tagartha (15 °C, 101 325 Pa) ann,
4.3.2.
i gcion fuinnimh, in TJ (teirighiúil), bunaithe ar an oll-luach calrach. 4.4. An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de 55 lá tar éis na míosa tuairiscithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|