+Airteagal 15
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
|
Airteagal 15
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar a lorg go gníomhach ón gCoimisiún, ó chomhlachtaí agus ó chláir eile de chuid an Aontais, go háirithe an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus cláir taighde agus forbartha comhshaoil an Aontais. Áireofar go háirithe sa chomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde na cúraimí a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I. Déanfar comhordú le Eurostat agus le clár staidrimh an Aontais go háirithe de réir na dtreoirlínte a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I. Beidh an comhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach bainteach le malartú sonraí agus faisnéise maidir le ceimiceáin, lena n-áirítear an fhéidearthacht formáidí sonraí gaolmhara agus foclóirí rialaithe a bhunú malartú den sórt sin a éascú, agus leis an bhforbairt ar mhodheolaíochtaí eolaíocha chun measúnú a dhéanamh ar cheimiceáin.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go gníomhach freisin le comhlachtaí eile amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), Comhairle na hEorpa agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh mar aon leis na Náisiúin Aontaithe agus a shainghníomhaireachtaí, go háirithe Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht Mheitéareolaíoch Dhomhanda agus an tÚdarás Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú i réimsí leasa choitinn leis na hinstitiúidí sin i dtíortha nach baill den Chomhphobal iad, ar institiúidí iad ar féidir leo sonraí, faisnéis agus saineolas, modheolaíochtaí bailithe sonraí, anailíse sonraí agus measúnaithe sonraí a sholáthar, ar nithe leasa fhrithpháirtigh iad a bhfuil gá leo chun obair na Gníomhaireachta a thabhairt chun críche go rathúil.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Leis an gcomhar dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, cuirfear i gcuntas, inter alia, an gá atá le comhleanúnachas agus sineirgí a fheabhsú agus chun aon dúbláil iarrachta a sheachaint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0401
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|