+IARSCRÍBHINN II MODHANNA AGUS UIRLISÍ CHUN AN TORANN A DHÉANANN MÓTARFHEITHICLÍ A THOMHAS

IARSCRÍBHINN II MODHANNA AGUS UIRLISÍ CHUN AN TORANN A DHÉANANN MÓTARFHEITHICLÍ A THOMHAS

IARSCRÍBHINN II

MODHANNA AGUS UIRLISÍ CHUN AN TORANN A DHÉANANN MÓTARFHEITHICLÍ A THOMHAS

1.   MODHANNA TOMHAIS

1.1.

Déanfar an torann a dhéanann an cineál feithicle arna chur isteach le haghaidh a cheadaithe a thomhas agus úsáid á baint as an dá mhodh a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo maidir le feithicil ag gluaiseacht agus maidir le feithicil ina stad. I dtaca le feithicil hibrideach leictreach nach féidir don inneall dócháin inmheánaigh oibriú inti agus an fheithicil ina stad, ní dhéanfar ach an torann a dhéanann sí agus an fheithicil ag gluaiseacht a thomhas.

Beidh feithiclí a bhfuil uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil de bhreis agus 2 800 kg acu faoi réir tomhais bhreise torann an aeir chomhbhrúite a thomhas agus an fheithicil ina stad, i gcomhréir le sonraíochtaí Iarscríbhinn V, má tá an trealamh comhfhreagrach coscánaithe ina chuid den fheithicil.

1.2.

Cuirfear na luachanna a thomhaisfear i gcomhréir leis na tástálacha atá leagtha amach i bpointe 1.1 den Iarscríbhinn seo isteach sa tuarascáil tástála agus cuirfear ar fhoirm iad atá i gcomhréir leis an múnla atá i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

2.   UIRLISÍ TOMHAIS

2.1.   Tomhais fuaime

Úsáidfear beachtmhéadar fuaimleibhéil chun an leibhéal fuaime a thomhas nó córas tomhais coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le huirlisí d'aicme 1 (lena n-áirítear an gaothscáth atá molta, má úsáidtear é). Tugtar tuairisc ar na ceanglais sin sa dara heagrán de “IEC 61672-1:2002: Beachtmhéadair fhuaimleibhéil”, ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC).

Chun na tomhais a dhéanamh úsáidfear freagairt “ghasta” na huirlise tomhais fuaime agus an cuar ualúcháin “A”, a dtugtar tuairisc orthu freisin in IEC “61672-1:2002”. Agus córas á úsáid lena ndéantar faireachán tréimhsiúil ar an leibhéal fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A”, léifear an leibhéal ar a laghad gach 30 ms (milleasoicindí).

Déanfar na huirlisí a chothabháil agus a chalabrú i gcomhréir le treoracha mhonaróir na huirlise.

2.2.   Na ceanglais a chomhlíonadh

Fíorófar, le deimhniú bailí comhlíonachta, go bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh ag an ionstraimíocht maidir le tomhas fuaime. Glacfar leis go bhfuil deimhniú um chomhlíonadh bailí má rinneadh comhlíonadh na gcaighdeán a dheimhniú laistigh den tréimhse 12 mhí roimhe sin le haghaidh na feiste calabraithe fuaime agus laistigh den tréimhse 24 mí roimhe sin le haghaidh an chórais ionstraimíochta. Déanfar na tástálacha comhlíontachta go léir i saotharlann a bhfuil údarás aici calabrúcháin a dhéanamh atá i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí.

2.3.   An Córas Tomhais Fuaime iomlán a chalabrú do sheisiún tomhais

Ag tús agus ag deireadh gach seisiúin tomhais, déanfar an córas tomhais fuaime ar fad a sheiceáil le calabróir fuaime a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh calabróirí fuaime a bhaineann le beacht-aicme 1 mar a leagtar amach in IEC 60942: 2003. Mura ndéantar aon choigeartú eile, beidh an difear idir na léamha níos lú ná 0,5 dB nó cothrom leis sin. Má théitear thar an luach sin, caithfear amach torthaí na dtomhas arna bhfáil tar éis na seiceála sásúla deireanaí roimhe sin.

2.4.   Ionstraimíocht le haghaidh tomhas luais

Déanfar luas an innill a thomhas le hionstraimíocht atá ar a laghad ± 2 % beacht ag na luasanna innill is gá chun na tomhais a dhéanamh.

Déanfar luas bóthair na feithicle a thomhas le hionstraimíocht atá chomh beacht le ± 0,5 km/h ar a laghad i gcás feistí tomhais leanúnaigh a úsáid.

Má úsáidtear tomhais neamhspleácha luais chun tástáil a dhéanamh, déanfaidh an ionstraimíocht sin critéir sonraíochta a chomhlíonadh, ± 0,2 km/u ar a laghad.

2.5.   Ionstraimíocht mheitéareolaíoch

San ionstraimíocht mheitéareolaíoch arna húsáid chun faireachán a dhéanamh ar na dálaí comhshaoil le linn na tástála, áireofar na feistí seo a leanas, atá chomh beacht is a luaitear thíos ar laghad:

— 
feiste chun teocht a thomhas, ±1 oC;
— 
feiste chun luas na gaoithe a thomhas, ±1,0 m/s;
— 
feiste chun brú baraiméadrach a thomhas, ± 5 hPa;
— 
feiste chun bogthaise choibhneasta a thomhas, ± 5 %.

3.   COINNÍOLLACHA TOMHAIS

3.1.   Láthair Tástála agus coinníollacha comhthimpeallacha

3.1.1.

Beidh dromchla an raoin tástála agus toisí na láithreach tástála i gcomhréir le ISO 10844:2011. Beidh dromchla na láithreach saor ó shneachta bhriosc, fhéar ard, cré nó sméaróidí dóite. Ní bheidh aon bhacainn ann a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse fuaime i gcóngar an mhicreafóin agus fhoinse na fuaime. Déanfaidh an breathnóir a dhéanfaidh na tomhais é féin a láithriú sa chaoi nach ndéanfaidh sé difear do léamha na hionstraime tomhais.

3.1.2.

Ní dhéanfar tomhais le linn síne. Áireofar nach ndéanfaidh siotaí gaoithe difear do na torthaí.

Déanfar an ionstraimíocht mheitéareolaíoch a shuíomh taobh leis an limistéar tástála ag 1,2 m ar airde ± 0,02 m. Déanfar na tomhais nuair atá an teocht chomhthimpeallach idir +5 oC agus +40 oC.

Ní dhéanfar na tástálacha má tá luas na gaoithe, lena n-áirítear siotaí gaoithe, ag leibhéal an mhicreafóin níos mó ná 5 m/s, le linn an eatraimh chun torann a thomhas.

Déanfar luach do theocht, luas agus treo na gaoithe, bogthaise choibhneasta, agus do bhrú baraiméadrach a thaifeadadh le linn an eatraimh chun torann a thomhas.

Aon bhuaic sa torann ar léir nach mbaineann sé le saintréithe leibhéal ginearálta torainn na feithicle, déanfar neamhaird de sin agus na léamha á nglacadh.

Déanfar an torann cúlrach a thomhas ar feadh 10 soicind go díreach roimh shraith tástálacha ar fheithiclí agus díreach ina ndiaidh. Déanfar na tomhais leis na micreafóin chéanna agus na suíomhanna micreafóin céanna agus a bhí in úsáid le linn na tástála. Déanfar an leibhéal torannbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” a thuairisciú.

Beidh an torann cúlrach (lena n-áirítear aon torann ón ngaoth) ar a laghad 10 dB faoin leibhéal torannbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” atá ag an bhfeithicil atá á tástáil. Má tá difríocht idir 10 agus 15 dB(A) idir an torann comhthimpeallach agus an torann arna thomhas, bainfear méid iomchuí de na léamha ón méadar torannleibhéil chun torthaí na tástála a ríomh, de réir mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:



Difríocht idir an torann comhthimpeallach agus an torann atá le tomhas dB(A)

10

11

12

13

14

15

Ceartúchán dB(A)

0,5

0,4

0,3

0,2

0,1

0,0

3.2.   Feithicil

3.2.1.

Beidh an fheithicil atá le tástáil ionadaíoch ar fheithiclí a chuirfear ar an margadh agus a roghnóidh an monaróir i gcomhaontas leis an tseirbhís theicniúil, chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Déanfar na tomhais gan aon leantóir, seachas i gcás feithiclí nach bhfuil indeighilte. Arna iarraidh sin don mhonaróir féadfar tomhais a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil acastóir(í) ardaithe in airde acu.

Déanfar feithiclí a thomhas ag an mais tástála mt de réir mar atá sonraithe sa tábla seo a leanas:



Feithicil na feithicle

Mais tástála na feithicle (mt)

M1

mt = mro

N1

mt = mro

N2, N3

mt = 50 kg in aghaidh an kW de chumhacht rátaithe innill

Cuirfear ualú breise os cionn an acastóra cúil tiomáinte/na n-acastóirí cúil tiomáinte chun mais tástála na feithicle a bhaint amach. Tá an t-ualú breise teoranta do 75 % den uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil don acastóir cúil. Beidh lamháltas de ± 5 % ann don mhais tástála.

Murar féidir meáchanlár an ualaithe bhreise a ailíniú le lár an acastóra cúil, ní rachaidh mais tástála na feithicle thar iomlán ualach an acastóra tosaigh agus an acastóra cúil nuair atá an fheithicil folamh chomh maith leis an ualú breise.

Is ionann an mhais tástála d'fheithiclí a bhfuil breis agus dhá acastóir acu agus an mhais tástála d'fheithiclí a bhfuil dhá acastóir acu.

M2, M3

mt = mro — mais an chomhalta foirne (más infheidhme)

nó i gcás go ndéantar tástáil ar fheithicil neamhiomlán nach bhfuil cabhalra aici,

mt = 50 kg in aghaidh an kW de chumhacht rátaithe innill faoi seach i gcomhréir leis na coinníollacha thuas (féach catagóir N2, N3).

3.2.2.

Ar iarraidh sin don iarratasóir measfar go mbeidh an fheithicil den chatagóir M2, M3, N2 nó N3 ionadaíoch ar a cineál iomlánaithe má dhéantar na tástálacha ar fheithicil neamhiomlán nach bhfuil cabhalra aici. I gcás tástála ar fheithicil neamhiomlán déanfar gach ábhar fuaimdhíonta lena mbaineann, painéil, comhpháirteanna agus córais laghdaithe torainn a fheistiú ar na feithiclí mar a dhear an monaróir iad ach amháin cuid den chabhalra a thógfar tráth níos faide anonn.

Ní bheidh gá le haon tástáil nua as los umar breosla breise a fheistiú nó an bunumar breosla a athlonnú ar an gcoinníoll nár athraíodh páirteanna nó struchtúir eile na feithicle ar dócha go ndéanfaidh siad difear d'astaíochtaí fuaime.

3.2.3.

Leagtar amach astaíochtaí fuaime ón rolladh bonn i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009. Beidh na boinn a úsáidfear don tástáil ionadaíoch don fheithicil agus roghnóidh monaróir na feithicle iad agus déanfar iad a thaifeadadh i bhFoscríbhinn 2 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo. Freagróidh siad do cheann de na méideanna bonn atá ainmnithe don fheithicil mar bhuntrealamh. Tá an cineál boinn sin ar fáil nó beidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála ar an margadh ag an am céanna leis an bhfeithicil ( 8 ). Teannfar na boinn go dtí an brú atá molta ag monaróir na feithicle do mhais tástála na feithicle. Beidh ar a laghad doimhneacht snáithe 1,6 mm ag na boinn.

3.2.4.

Sula dtosaítear ag déanamh na dtomhas, cuirfear an t-inneall ag obair faoina gnáthdhálaí oibrithe.

3.2.5.

Má tá an fheithicil feistithe le níos mó ná tiomáint dhá roth, déanfar é a thástáil faoin tiomáint atá beartaithe le haghaidh gnáthúsáide ar an mbóthar.

3.2.6.

Má tá an fheithicil feistithe le gaothrán nó le gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch ag roinnt leo, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus na tomhais á ndéanamh.

3.2.7.

Má tá an fheithicil feistithe le córas tosta ina bhfuil ábhair shnáithíneacha, ní mór cóireáil a dhéanamh ar an sceithchóras sula ndéantar an tástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

4.   MODHANNA TÁSTÁLA

4.1.   Torann ó fheithiclí atá ag gluaiseacht a thomhas

4.1.1.   Coinníollacha ginearálta tástála

Déanfar dhá líne, AA' agus BB', agus iad comhthreomhar le líne PP' agus suite 10 m faoi seach chun tosaigh ó líne PP' agus 10 m taobh thiar de líne PP', a mharcáil ar an rúidbhealach tástála.

Déanfar ar a laghad ceithre thomhas ar gach taobh den fheithicil agus do gach giar. Féadfar réamh-thomhas a dhéanamh chun críocha coigeartaithe, ach déanfar neamhshuim díobh sin.

Beidh an micreafón suite 7.5 m ± 0,05 m ó líne thagartha CC' ar an raon agus 1.2 m ± 0,02 m os cionn na talún.

Beidh an ais thagartha le haghaidh coinníollacha saora úsáide (féach IEC 61672-1:2002) cothrománach agus díreofar í go hingearach i dtreo chosán líne feithicle CC'.

4.1.2.   Coinníollacha sonracha tástála d'fheithiclí

4.1.2.1.   Feithiclí de chatagóirí M1, M2≤ 3 500 kg, N1

Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh géar agus is féidir le linn na tástála, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Má tá an fheithicil feistithe le níos mó ná tiomáint dhá roth, déanfar é a thástáil faoin tiomáint atá beartaithe le haghaidh gnáthúsáide ar an mbóthar.

Má tá an fheithicil feistithe le traiseoladh láimhe cúnta nó le hacastóir ilghiaranna, úsáidfear an t-ionad a úsáidtear le haghaidh gnáth-thiomáint uirbeach. I ngach cás, eisiafar na cóimheasa giair le haghaidh gluaiseachtaí malla, le haghaidh páirceála nó le haghaidh coscánaithe.

Is ionann mais tástála na feithicle agus é sin atá leagtha amach sa Tábla i bpointe 3.2.1.

50 km/u ± 1 km/u atá sa luas tástála vtest. Bainfear an luas tástála amach nuair atá an pointe tagartha ag líne PP'.

4.1.2.1.1.   Cóimheas cumhachta/maise (PMR)

Déanfar PMR a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

PMR = (Pn/mt) × 1 000 i gcás ina dtomhaistear Pn i kW agus i gcás ina dtomhaistear mt i kg i gcomhréir le pointe 3.2.1 den Iarscríbhinn seo.

PMR, gan toise, chun luasghéarú a ríomh.

4.1.2.1.2.   Luasghéarú a ríomh

Beidh feidhm ag ríomhanna luasghéaraithe maidir le catagóirí M1, N1 agus M2 ≤ 3 500 kg amháin.

Déantar na luasghéaruithe go léir a ríomh agus an fheithicil ar luasanna éagsúla ar an raon tástála. Úsáidtear na foirmlí thíos chun awoti, awot i+1 agus awot test. a ríomh. Is é atá sa luas ag AA' nó PP' luas na feithicle nuair a théann an pointe tagartha thar AA' (vAA') nó PP' (vPP). Sainítear an luas ag BB' nuair a théann cúl na feithicle thar BB' (vBB'). Sonrófar an modh a úsáidtear chun an luasghéarú a ríomh sa tuarascáil tástála.

Mar gheall ar an sainmhíniú ar phointe tagartha na feithicle, san fhoirmle thíos meastar go bhfuil fad na feithicle difriúil (lveh). Más é tosach na feithicle an pointe tagartha, mar sin l = lveh, ag an lár: l = 1/2 lveh agus cúl: l = 0.

4.1.2.1.2.1

Is mar seo a leanas atá an nós imeachta um ríomh d'fheithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí athraitheacha leanúnacha (CTVanna) a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte:

awot test = ((vBB'/3.6)2 – (vAA'/3.6)2)/(2*(20+l))

Is é a bheidh san awot test arna úsáid chun giaranna a roghnú meán na gceithre awot test, i le linn gach babhta bhailí tomhais.

Is féidir réamh-luasghéarú a úsáid. Déanfar an pointe ag a mbeidh an luasaire brúite síos roimh líne AA' a thuairisciú sa tuarascáil.

4.1.2.1.2.2.

Is mar seo a leanas atá an nós imeachta um ríomh d'fheithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí athraitheacha leanúnacha (CTVanna) a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte:

Is é a bheidh san awot test arna úsáid chun giaranna a roghnú meán na gceithre awot test, i le linn gach babhta bhailí tomhais.

I gcás inar féidir feistí nó bearta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 4.1.2.1.4.2 a úsáid chun traiseoladh a rialú chun na ceanglais tástála a chomhlíonadh, déanfar awot test a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:

awot test

((vBB'/3.6)2 – (vAA'/3.6)2)/(2*(20+l))

Is féidir réamh-luasghéarú a úsáid.

I gcás nach n-úsáidtear feistí nó bearta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 4.1.2.1.4.2, déanfar awot test a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:

awot_testPP-BB : ((vBB'/3.6)2 – (vPP'/3.6)2)/(2*(10+l))

Ní úsáidfear réamh-luasghéarú.

Tosófar ag brú síos an luasaire áit a dtéann pointe tagartha na feithicle thar líne AA'.

4.1.2.1.2.3.

Sprioc-luasghéarú

Sainítear leis an sprioc-luasghéarú a urban an luasghéarú tipiciúil i dtrácht uirbeach agus tá sé díorthaithe ó iniúchtaí staitistiúla. Braitheann a úsáid ar PMR na feithicle.

Déanfar an sprioc-luasghéarú a urban a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

a urban = 0,63 * log10 (PMR) – 0,09

4.1.2.1.2.4.

Luasghéarú tagartha

Sainítear leis an luasghéarú tagartha awot ref an luasghéarú ar ceangal é i rith na tástála luasghéaraithe ar an raon tástála. Braitheann a úsáid ar PMR na feithicle. Tá an fheidhm sin éagsúil do na catagóirí sonracha feithicle.

Déanfar an luasghéarú tagartha awot ref a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

a wot ref = 1,59 * log10 (PMR) –1,41 i gcás PMR ≥ 25
a wot ref = a urban = 0,63 * log10 (PMR) – 0,09 i gcás PMR < 25

4.1.2.1.3.   An fachtóir cumhachta páirtí kP

Úsáidtear an fachtóir cumhachta páirtí kP (féach pointe 4.1.3.1.) le haghaidh chomhcheangal ualaithe thorthaí na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh i gcás feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1.

I ngach cás seachas i gcás tástála ar chóimheas giair aonair, úsáidfear a wot ref seachas a wot test (féach pointe 4.1.3.1).

4.1.2.1.4.   Roghnú cóimheasa giair

Braitheann roghnú na gcóimheas giair don tástáil ar chumas sonrach luasghéaraithe na feithicle (awot) leis an scóig lánoscailte, i gcomhréir leis an luasghéaraithe thagartha awot ref is gá don tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte.

Tharlódh go mbeidh cláir éagsúla bhogearraí ag roinnt feithiclí nó modhanna éagsúla acu don traiseoladh (e.g. ceann spórtúil, ceann don gheimhreadh nó ceann oiriúnaitheach). I gcás ina bhfuil modhanna éagsúla ag an bhfeithicil lena mbaineann luasghéaruithe bailí, cruthóidh monaróir na feithicle, chun sástachta na seirbhíse teicniúla, go ndéantar an fheithicil a thástáil sa mhodh lena mbaintear amach an luasghéarú atá chomh cosúil le a wot ref agus is féidir.

4.1.2.1.4.1.

Feithiclí le traiseoltaí láimhe, traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha nó CVTanna a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair glasáilte

Is féidir cóimheasa giair a roghnú mar seo a leanas:

(a) 

má bhaineann luasghéarú le cóimheas giair ar leith ar luasghéarú é atá inchurtha leis an luasghéarú tagartha awotref ± 5 % agus nach dtéann thar 2,0 m/s2, déanfar an tástáil leis an gcóimheas giair sin.

(b) 

murar féidir le haon cheann de na cóimheasa giair an luasghéarú is gá a sholáthar, ní mór cóimheas giair “i” a roghnú, a bhfuil cumas luasghéaraithe níos fearr ag baint leis ná mar a bhaineann leis an luasghéarú tagartha, agus cóimheas giair “i + 1”, a bhfuil luasghéarú níos measa ag baint leis ná mar a bhaineann leis an luasghéarú tagartha. Mura dtéann luach an luasghéaraithe i gcóimheas giair “i” thar 2,0 m/s2, ní mór an dá chóimheas a úsáid don tástáil. Déantar an cóimheas ualaithe i ndáil leis an luasghéarú tagartha awotref a ríomh mar seo a leanas:

k = (a wot ref – a wot (i+1))/(a wot (i) – a wot (i+1))

(c) 

má théann luach an luasghéaraithe i gcóimheas giair “i” thar 2,0m/s2, úsáidfear an chéad chóimheas giair a bhfuil luasghéarú níos lú ná 2,0 m/s2 aige ach amháin má tá luasghéarú níos lú ná aurban.ag baint le cóimheas giair “i + 1”. Sa chás sin, úsáidfear an dá ghiar, i agus i+ 1, lena n-áirítear giar “i” le luasghéarú a théann thar 2,0 m/s2. I gcásanna eile, ní úsáidfear aon ghiar eile. Úsáidfear an luasghéarú awot test a bhaintear amach le linn na tástála seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí kP a ríomh.

(d) 

má tá traiseoladh ag an bhfeithicil le nach féidir ach cóimheas giair amháin a roghnú, déanfar an tástáil luasghéaraithe sa ghiar sin. Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála ansin seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kP) a ríomh.

(e) 

má sháraítear an luas rátaithe innill i gcóimheas giair sula dtéann an fheithicil thar líne BB' úsáidfear an chéad ghiar eile is airde ná sin.

4.1.2.1.4.2.

Feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus CVTanna le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte

Cuirfear roghnóir na ngiaranna sa ghiar le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch.

Déanfar luach luasghéarú thástáil awot a ríomh mar atá sainithe i bpointe 4.1.2.1.2.2.

Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go ceann níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Seachnófar athrú giair go cóimheas giair nach n-úsáidtear i dtrácht uirbeach.

Dá bhrí sin, ceadófar bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha chun athrú síos go cóimheas giair nach gnách a úsáid i gcás an choinníll shonraigh tástála i dtrácht uirbeach a chosc.

Beidh an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála (tástáil awot) cothrom le aurban nó níos mó ná sin.

Más féidir, déanfaidh an monaróir bearta le cinntiú nach mbeidh luach luasghéaraithe awot test níos mó ná 2,0 m/s2.

Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála (a wot test) ansin seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kp) a ríomh (féach pointe 4.1.2.1.3.).

4.1.2.1.5.   Tástáil luasghéaraithe

Saineoidh an monaróir suíomh an phointe thagartha os comhair líne AA' ag a mbeidh an luasaire brúite síos go hiomlán. Beidh an luasaire brúite síos go hiomlán (chomh sciobtha agus is féidir) nuair a shroicheann pointe tagartha na feithicle an pointe sainithe. Coinneofar brú ar an luasaire sa dóigh sin go sroichfidh cúl na feithicle líne BB'. Scaoilfear amach an luasaire ina dhiaidh sin chomh sciobtha agus is féidir. Déanfar an pointe ag a mbeidh an luasaire brúite síos go hiomlán a thuairisciú sa tuarascáil. Beidh deis ag an tseirbhís theicniúil réamh-thástáil a dhéanamh.

I gcás feithicle altaí atá comhdhéanta de dhá aonad nach bhfuil indeighilte agus a mheastar a bheith ina feithicil aonair, déanfar neamhshuim den leathleantóir nuair a chinntear an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB'.

4.1.2.1.6.   Tástáil luais sheasmhaigh

Déanfar an tástáil luais sheasmhaigh leis an ngiar/leis na giaranna céanna a shonraítear don tástáil luasghéaraithe agus ar luas seasmhach de 50 km/h ± 1km/h idir líne AA' agus líne BB'. Le linn na tástála luais sheasmhaigh déanfar an luasghéarú a rialú sa dóigh is go gcoinneofar luas seasmhach idir líne AA' agus líne BB' mar atá sonraithe. Má tá an giar glasáilte do thástáil an luasghéaraithe beidh an giar céanna glasáilte do thástáil an luais sheasmhaigh.

Ní gá an tástáil luais sheasmhaigh a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a PMR < 25.

4.1.2.2.   Feithiclí de chatagóirí M2 > 3 500 kg, M3, N2, N3

Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh géar agus is féidir le linn na tástála, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Déanfar an tástáil gan leantóir ná leathleantóir. Mura féidir leantóir a bhaint den fheithicil tarraingthe, ní chuirfear an leantóir san áireamh nuair a dhéantar an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB' a mheas. Má tá an fheithicil feistithe le trealamh amhail meascthóir coincréite, comhbhrúiteoir, etc., ní bheidh an trealamh sin ag obair le linn na tástála. Déanfar mais tástála na feithicle a leagan amach sa tábla i bpointe 3.2.1.

Sprioc-choinníollacha do chatagóirí M2 > 3 500 kg, N2

Nuair a théann an pointe tagartha thar líne BB' beidh luas an innill nBB idir 70 % agus 74 % de luas S, ar luas é sin ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht rátaithe amach, agus 35 km/u ± 5km/u a bheidh i luas na feithicle. Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí idir líne AA' agus líne BB'.

Sprioc-choinníollacha do chatagóirí M3, N3:

Nuair a théann an pointe tagartha thar líne BB' beidh luas an innill nBB idir 85 % agus 89 % de luas S, ar luas é sin ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht rátaithe amach, agus 35 km/u ± 5km/u a bheidh i luas na feithicle. Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí idir líne AA' agus líne BB'.

4.1.2.2.1.   Roghnú cóimheasa giair

4.1.2.2.1.1.   Feithiclí le traiseoltaí láimhe

Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí. Déanfar an giar a roghnú trí na sprioc-choinníollacha. Má tá an difríocht sa luas níos mó ná an lamháltas atá leagtha amach déanfar dhá ghiar a thástáil, i.e. giar amháin lena mbaineann luas níos gasta ná an spriocluas agus giar eile lena mbaineann luas níos moille ná an spriocluas.

Má chomhlíonann níos mó ná giar amháin na sprioc-choinníollacha, úsáideofar an giar a bhfuil luas aige is giorra do 35km/u. Mura gcomhlíonann aon ghiar an sprioc-choinníoll do vtest déanfar dhá ghiar a thástáil i.e. giar amháin lena mbaineann luas níos gasta ná vtest agus giar eile lena mbaineann luas níos moille ná vtest. Ní mór spriocluas an innill a bhaint amach sna cásanna uile.

Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí. Mura féidir an luasghéarú a choinneáil cobhsaí i ngiar áirithe, déanfar neamhshuim den ghiar sin.

4.1.2.2.1.2.   Feithiclí a bhfuil traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí uathoibríocha agus CVTanna acu

Cuirfear roghnóir na ngiaranna sa ghiar le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch. Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go ceann níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Seachnófar athrú giair go cóimheas giair nach n-úsáidtear i dtrácht uirbeach i gcás an choinníll shonraigh tástála. Dá bhrí sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, chun athrú síos go cóimheas giair nach gnách a úsáid i gcás an choinníll shonraigh tástála i dtrácht uirbeach a chosc.

Má tá an fheithicil feistithe le traiseoladh de chineál nach bhfuil ach aon roghnú giair (tiomáint) ag baint leis, a chuireann teorainn le luas an innill le linn na tástála, ní úsáidfear ach spriocluas na feithicle chun an fheithicil a thástáil. Má úsáideann an fheithicil inneall agus traiseoladh le chéile nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i bpointe 4.1.2.2.1.1., ní úsáidfear ach spriocluas na feithicle chun an fheithicil a thástáil. Is ionann spriocluas na feithicle (vBB') don tástáil agus 35km/h ± 5km/u. Is féidir athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle tar éis do phointe tagartha na feithicle dul thar líne PP'. Déanfar dhá thástáil: i gceann acu beidh an luas deiridh vtest = vBB' + 5 km/u, agus sa cheann eile beidh an luas deiridh, vtest = vBB' – 5 km/u. Is éard a bheidh sa leibhéal fuaime tuairiscithe toradh na tástála a bhain amach an luas innill is airde le linn na tástála ó líne AA' go líne BB'.

4.1.2.2.2.   Tástáil luasghéaraithe

Nuair a shroicheann pointe tagartha na feithicle líne AA', beidh an luasaire brúite síos go hiomlán (gan athrú síos go giar níos ísle ná mar a úsáidtear de ghnáth le haghaidh tiomáint uirbeach) agus coinneofar é brúite síos go hiomlán mar sin go dtéann cúl na feithicle thar líne BB', ach beidh an pointe tagartha ar a laghad 5 m taobh thair de líne BB' go fóill féin. Scaoilfear amach an luasaire ansin.

I gcás feithicle altaí atá comhdhéanta de dhá aonad nach bhfuil indeighilte agus a mheastar a bheith ina feithicil aonair, déanfar neamhshuim den leathleantóir nuair a chinntear an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB'.

4.1.3.   Torthaí a léirmhíniú

Déanfar nóta den leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin ”A” arna léiriú gach uair a thaistealaíonn an fheithicil idir an dá líne AA' agus BB'. Má bhraitear buaic sa torann nach bhfuil ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, caithfear amach an tomhas. Déanfar ar a laghad ceithre thomhas do gach coinníoll tástála ar gach taobh den fheithicil agus do gach cóimheas giair. Féadfar an taobh clé agus an taobh deas a thomhas le chéile nó ar leithligh. Úsáidfear na chéad cheithre thomhas chomhleantacha bhailí, laistigh de 2 dB(A), agus ceadófar torthaí neamhbhailí a scriosadh (féach pointe 3.1.), úsáidfear na chéad cheithre thomhas sin chun an toradh deiridh don taobh den fheithicil atá i gceist a ríomh. Déanfar na torthaí do gach taobh a mheánú ar leithligh. Is éard atá sa toradh idirmheánach an luach is airde den dá mheán arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.

Déanfar nóta de na tomhais luais ag AA', BB' agus ag PP' agus úsáidfear iad i ríomhaireachtaí go dtí an chéad fhigiúr suntasach tar éis an ionaid dheachúil.

Déanfar nóta den luasghéarú ríofa awot test go dtí an dara figiúr tar éis an ionaid dheachúil.

4.1.3.1.   Feithiclí i gcatagóir M1, i gcatagóir N1 agus i gcatagóir M2 ≤ 3 500 kg

Is mar seo a leanas a dhéanfar na luachanna don tástáil luasghéaraithe agus don tástáil luais sheasmhaigh a ríomh:

Lwot rep = Lwot (i+1) + k * (Lwot(i) – Lwot (i+1))
Lcrs rep = Lcrs(i+1) + k * (Lcrs (i) – Lcrs (i+1))

Agus is ionann k agus (awot ref – awot (i+1))/(awot (i) – awot (i+1))

I gcás tástála ar chóimheas giair aonair is ionann na luachanna agus toradh gach tástála.

Déantar an toradh deiridh a ríomh trí Lwot rep. agus Lcrs rep. a chur le chéile. Seo a leanas an chothromóid:

Lurban = Lwot rep – kP * (Lwot rep – Lcrs rep)

Leis an bhfachtóir ualúcháin (kP), soláthraítear an fachtóir cumhachta páirtí le haghaidh tiomáint uirbeach. Ach amháin i gcás tástála ar chóimheas giair aonair, déantar kP a ríomh mar seo a leanas:

kP = 1 – (aurban/awot ref)

Mura sonraítear ach aon ghiar amháin don tástáil is mar seo a leanas a dhéantar kP a ríomh:

kP = 1 – (aurban/awot test)

I gcásanna ina bhfuil awot test níos lú ná aurban:

kP = 0

4.1.3.2.   Feithiclí de chatagóirí M2 > 3 500 kg, M3, N2, N3

Nuair a dhéantar giar amháin a thástáil is ionann an toradh deiridh agus an toradh idirmheánach. Nuair a dhéantar dhá ghiar a thástáil, déanfar meán uimhríochtúil na dtorthaí idirmheánacha a ríomh.

4.2.   Torann feithiclí atá ina stad a thomhas

4.2.1.   Leibhéal fuaime i gcóngar feithiclí

Cuirfear torthaí na dtomhas isteach sa tuarascáil tástála dá dtagraítear san Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

4.2.2.   Tomhais fuaime

Úsáidfear beachtmhéadar fuaimleibhéil, nó córas tomhais coibhéiseach, mar a shainítear i bpointe 2.1, chun na tomhais a dhéanamh

4.2.3.

Láthair tástála — coinníollacha áitiúla dá dtagraítear i bhFigiúr 2 agus i bhFigiúr 3a go Figiúir 3d den Fhoscríbhinn.

4.2.3.1.

Ní bheidh aon bhacainn ann, i gcóngar an mhicreafóin, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse fuaime agus ní bheidh aon duine suite idir an micreafón agus foinse an torainn. Beidh an breathnóir ar an méadar suite sa dóigh is nach n-imreoidh sé tionchar ar léamh an mhéadair.

4.2.4.

Torann ó chorraíl agus trasnaíocht ón ngaoth

Beidh aon léamh ar na huirlisí tomhais ó thorann comhthimpeallach agus ón ngaoth ar a laghad10 dB(A) níos lú ná an leibhéal fuaime atá le tomhas. Féadfar gaothscáth oiriúnach a fheistiú ar an micreafón ar an gcoinníoll go gcuirfear an tionchar atá aige ar íogaireacht an mhicreafóin san áireamh (féach pointe 2.1.).

4.2.5.

Modh tomhais

4.2.5.1.   Cineál agus líon na dtomhas

Déanfar an uasleibhéal fuaime arna shloinneadh i ndeicibeilí de réir an chuair ualúcháin A-(dB(A)) a thomhas le linn na tréimhse oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe 4.2.5.3.2.1.

Déanfar trí thomhas ar a laghad ag gach pointe tomhais.

4.2.5.2.   Suíomh agus ullmhú na feithicle

Beidh an fheithicil suite i lár na láithreach tástála sa ghiar neodrach agus an chrág greamaithe. Má fhágann dearadh na feithicle nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar an fheithicil a thástáil i gcomhréir le saintreoracha an mhonaróra do thástáil inneall agus an fheithicil ina stad. Sula ndéantar gach sraith tomhas, cuirfear an t-inneall ag obair faoina ghnáthdhálaí oibrithe, mar atá sainithe ag an monaróir.

Má tá an fheithicil feistithe le gaothrán nó le gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch acu, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus an leibhéal fuaime á thomhas.

Má tá cochall innill nó cumhdach urrainne ann beidh sé dúnta.

4.2.5.3.

Torann a thomhas i gcóngar an sceithchórais dá dtagraítear i bhfigiúr 2 agus i bhFigiúr 3a go Figiúir 3d den Fhoscríbhinn.

4.2.5.3.1.   Suíomhanna an mhicreafóin

4.2.5.3.1.1.

Beidh an micreafón suite 0,5m ± 0,01 ó phointe tagartha an sceithphíobáin atá sainithe i bhFigiúr 2 agus i bhFigiúr 3a go Figiúir 3d den Fhoscríbhinn, agus ar uillinn 45° (± 5o) leis an tsreabh-ais ag deireadh an phíobáin. Beidh an micreafón ar chomhard leis an bpointe tagartha, ach ní bheidh sé níos lú ná 0.2m ó dhromchla na talún. Beidh ais tagartha an mhicreafóin suite ar phlána comhthreomhar le dromchla na talún agus beidh sí dírithe i dtreo an phointe thagartha ar an sceith-easrais. Má tá dhá shuíomh féideartha ann don mhicreafón, úsáidfear an ceann is faide go taobhach ó fhad-lárlíne na feithicle. Má tá sreabh-ais na sceith-easraise ar uillinn 90° le fad-lárlíne na feithicle, beidh na micreafón suite ag an bpointe is faide ón inneall.

4.2.5.3.1.2.

I gcás feithiclí a bhfuil sceithchóras acu a bhfuil easraisí aige a bhfuil níos mó ná 0,3 m eatarthu, déanfar tomhas do gach easrais. Déanfar an leibhéal is airde a thaifeadadh.

4.2.5.3.1.3.

I gcás sceithchórais a thagann le dhá easrais nó níos mó a bhfuil spás níos mó ná 0,3m eatarthu agus atá nasctha leis an gcóras tosta céanna, ní dhéanfar ach an t-aon tomhas amháin; baineann suíomh an mhicreafóin leis an easrais is cóngaraí do cheann de chiumhaiseanna forimeallacha na feithicle nó, mura bhfuil a leithéid d'easrais ann, baineann an suíomh leis an easrais is airde os cionn na talún.

4.2.5.3.1.4.

I gcás feithiclí a bhfuil sceithchóras ingearach acu (feithiclí tráchtála mar shampla), cuirfear an micreafón ar chomhard leis an sceith-easrais. Beidh an ais ingearach agus dírithe in airde. Cuirfear é 0,5m ± 0,01m ó phointe tagartha an sceithphíobáin, ach ní bheidh sé riamh níos lú ná 0,2m ón taobh sin den fheithicil is cóngaraí don sceithchóras.

4.2.5.3.1.5.

I gcás sceith-easraisí atá suite faoi chabhail na feithicle, beidh an micreafón suite ar a laghad 0,2m ón gcuid den fheithicil is cóngaraí, ag an bpointe is cóngaraí do phointe tagartha an sceithphíobáin ach nach bhfuil níos lú ná 0,5m uaidh sin, agus atá 0,2m os cionn na talún agus nach bhfuil ar shreabh-ais an sceithchórais. Murar féidir an méid sin a dhéanamh go fisiciúil ní gá an ceanglas uilleachais i bpointe 4.2.5.3.1.1. a chomhlíonadh.

4.2.5.3.1.6.

Samplaí de shuíomh an mhicreafóin, ag brath ar shuíomh an sceithphíobáin, tugtar iad i Léaráidí 3a-3d den Fhoscríbhinn.

4.2.5.3.2.   Dálaí oibrithe an innill

4.2.5.3.2.1.   Spriocluas an innill

— 
75 % de luas innill S d'fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá ≤ 5 000 min-1
— 
3 750 min-1 d'fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá os cionn 5 000 min-1 agus faoi bhun 7 500 min-1
— 
50 % de luas innill S d'fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá ≤ 5 000 nóim-1.

Mura féidir leis an bhfeithicil an luas sin a bhaint amach, beidh spriocluas an innill 5 % níos lú ná uasluas féideartha an innill don tástáil agus an fheithicil ina stad.

4.2.5.3.2.2.   Nós imeachta tástála

Ardófar luas an innill de réir a chéile ó luas réchasta go spriocluas an innill, gan dul thar ± 3 % de spriocluas an innill, agus coinneofar seasta é ansin. Ansin scaoilfear rialú na scóige go sciobtha agus rachaidh luas an innill ar ais go luas réchasta. Déanfar leibhéal na fuaime a thomhas le linn tréimhse oibriúcháin ina mbeidh luas seasta á choinneáil ag an inneall ar feadh soicindamháin agus ar feadh na tréimhse luasmhoillithe ar fad. Is é an léamh is airde ón méadar fuaimleibhéil le linn na tréimhse feidhmithe sin a bheidh ina luach tástála arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.

4.2.5.3.2.3.   Bailíochtú tástála

Measfar go bhfuil an tomhas bailí mura n-imíonn luas innill na tástála níos mó ná ± 3 % ó spriocluas an innill ar feadh aon soicind ar a laghad.

4.2.6.

Torthaí

Déanfar trí thomhas ar a laghad do gach suíomh tástála. Taifeadfar an leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin ”A” le linn gach ceann de na trí thomhas a dhéanamh. Úsáidfear na chéad trí thomhas chomhleantacha bhailí, laistigh de 2 dB(A), agus ceadófar torthaí neamhbhailí a scriosadh (ag cur sonraíochtaí na láithreach tástála san áireamh mar atá leagtha amach i bpointe 3.1.), úsáidfear na chéad trí thomhas sin chun an toradh deiridh don suíomh atá i gceist a ríomh. Is é a bheidh sa toradh deiridh uasleibhéal fuaime na dtrí thomhas, do gach suíomh tástála.

5.

Torann ó fheithiclí hibrideacha leictreacha de chatagóirí M1 agus iad ag gluaiseacht, nuair nach féidir le hinneall dócháin inmheánaigh feidhmiú nuair atá an fheithicil ina stad (sonraí a thuairiscítear chun tástáil na feithicle a éascú agus í á húsáid).

5.1.

Chun tástáil chomhlíonachta in-úsáide feithiclí hibrideacha leictreacha a éascú — i gcás nach féidir don inneall dócháin inmheánaigh oibriú nuair atá an fheithicil ina stad — tagraítear don fhaisnéis a leanas a bhaineann le tomhais leibhéil fuaimbhrú a dhéantar i gcomhréir le pointe 4.1 d'Iarscríbhinn II do mhótarfheithiclí ag gluaiseacht dá dtagraítear mar shonraí tagartha comhlíonachta in-úsáide:

(a) 

giar (i) nó, i gcás feithiclí a thástáiltear le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte, suíomh roghnóir na ngiaranna a roghnaítear don tástáil;

(b) 

suíomh na laisce oibriúcháin agus leibhéal fuaimbhrú Lwot,(i) á thomhas (má tá lasc feistithe);

(c) 

fad an réamhluasghéaraithe lPA in m;

(d) 

meánluas na feithicle in km/u ag tús an luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte do thástálacha i ngiar (i); agus

(e) 

leibhéal fuaimbhrú Lwot,(i) in dB(A) de na tástálacha leis an scóig lánoscailte i ngiar (i), arna shonrú mar uasmhéid an dá luach de thoradh ar mheán na dtorthaí tomhais aonair a fháil ag gach suíomh micreafóin ar leithligh.

5.2.

Déanfar na sonraí tagartha comhlíonachta inúsáide a iontráil sa teastas chineálcheadú AE dá sonraítear i bpointe 2.3 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.05.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0540
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.