|
+IARSCRÍBHINN V |
IARSCRÍBHINN V
IARSCRÍBHINN V Teimpléad don mheasúnú riosca náisiúnta Eolas ginearálta Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú ( 13 ). 1. Tuairisc ar an gcóras
2. An caighdeán bonneagair (Airteagal 5) Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:
(a)
foirmle N – 1
(i)
an bonneagar gáis is mó a shainaithint;
(ii)
foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;
(iii)
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);
(iv)
má úsáideadh modheolaíochtaí agus chun na paraiméadair bhhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
(v)
míniú ar thorthaí ríomh fhoirmle N – 1 i bhfianaise na leibhéal stórála ag 30 % agus 100 % den uastoirt oibre;
(vi)
míniú ar phríomhthorthaí ionsamhlúchán chás fhéideartha fhoirmle N – 1 trí shamhail hiodrálach a úsáid;
(vii)
má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:
—
foirmle N – 1 a ríomh i gcomhréir le pointe 2 d'Iarscríbhinn II;
—
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 2(a)(iii) thuas);
—
má úsáideadh modheolaíochtaí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
—
mínigh na bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh a glacadh/atá le glacadh chun suaitheadh an tsoláthair gáis agus an tionchar a mheastar a bheidh aige (Deff) a chúiteamh;
(viii)
ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha fhoirmle N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:
—
foirmle N – 1 a ríomh i gcomhréir le pointe 5 d'Iarscríbhinn II;
—
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 2(a)(iii);
—
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
—
mínigh na socruithe arna gcomhaontú chun comhlíonadh oibleagáid N – 1 a áirithiú;
(b)
acmhainn dhéthreoch:
(i)
tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;
(ii)
tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);
(iii)
tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í. 3. Rioscaí a shainaithint Tabhair tuairisc ar na fachtóirí riosca a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa Bhallstát, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí. Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na cineálacha fachtóirí riosca is gá a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme agus sa chás sin amháin de réir an údaráis inniúil:
(a)
rioscaí polaitiúla
—
suaitheadh an tsoláthair gáis ó thríú tíortha ar chúiseanna éagsúla,
—
corraíl pholaitiúil (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),
—
cogadh/cogadh cathartha (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),
—
sceimhlitheoireacht;
(b)
rioscaí teicneolaíocha
—
pléascadh/dóiteáin,
—
dóiteáin (laistigh de shaoráid ar leith),
—
sceitheadh,
—
easpa cothabhála cuí,
—
mífheidhmiú trealaimh (cliseadh trealaimh tosú, cliseadh trealaimh le linn oibriú, etc.),
—
easpa leictreachais (nó foinse fuinnimh eile),
—
cliseadh na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (cliseadh na mbogearraí nó na gcrua-earraí, fadhbanna leis an idirlíon, fadhbanna le córais um maoirseacht agus fáil sonraí (SCADA) etc.),
—
cibear-ionsaí,
—
tionchar ó oibreacha tochailte (tochailt, píleáil), oibreacha talún, etc.;
(c)
rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais
—
comhaontuithe le soláthróirí tríú tír,
—
díospóid tráchtála,
—
ceannas ag eintitis tríú tír ar bhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair, cor as a bhféadfadh sé go dtiocfadh, i measc rudaí eile, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú na héagsúlachta nó neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais,
—
luaineacht praghsanna,
—
tearcinfheistíocht,
—
buaicéileamh tobann gan choinne,
—
rioscaí eile a bhféadfadh tearcfheidhmíocht struchtúrach a bheith mar thoradh orthu;
(d)
rioscaí sóisialta
—
stailceanna (in earnálacha eile gaolmhara, amhail earnáil an gháis, calafoirt, iompar, etc.),
—
sabaitéireacht,
—
loitiméireacht,
—
gadaíocht;
(e)
rioscaí nádúrtha
—
creathanna talún,
—
sciorrthaí talún,
—
tuilte (báisteach throm, tuilte abhann),
—
stoirmeacha (farraige),
—
maidhmeanna sléibhe,
—
dálaí adhaimsire,
—
dóiteáin (lasmuigh den tsaoráid, e.g. i bhforaoisí, féaraigh mórthimpeall, etc.).
Anailís:
(a)
sainaithin na fachtóirí riosca ábhartha i gcás an Bhallstáit, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu;
(b)
tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;
(c)
leag síos liosta de rioscaí féideartha ábhartha i gcomhréir leis na fachtóirí riosca agus an dóchúlacht a bhaineann leo agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad. 4. Anailís riosca agus measúnú ar riosca: Déan anailís ar an tacar cás eiseamláireach rioscaí féideartha ábhartha a tugadh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, agus an caighdeán soláthair gáis. In aghaidh an cháis eiseamláirigh gach riosca féideartha ar leith:
(a)
tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an gcás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;
(b)
tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais). 5. Conclúidí Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn ina raibh na Ballstáit páirteach, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|