+CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 32 Costais
------+Airteagal 32 1.
------+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 33 Sonraí pearsanta a chosaint
---+Airteagal 34 Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh
------+Airteagal 34 1.
------+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 35 Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
------+Airteagal 35 1.
------+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 36 Tuairisciú agus athbhreithniú
---+Airteagal 37 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 37 1.
------+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 38 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
---+Airteagal 39 Teacht i bhfeidhm
|
CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 Costais
|
|
|
Airteagal 33 Sonraí pearsanta a chosaint
|
Airteagal 33
Sonraí pearsanta a chosaint
Maidir le próiseáil na sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag údaráis inniúla comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2018/1725 .
|
|
Airteagal 34 Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh
|
|
|
Airteagal 35 Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
|
|
|
Airteagal 36 Tuairisciú agus athbhreithniú
|
Airteagal 36
Tuairisciú agus athbhreithniú
Tráth nach déanaí ná 12 Nollaig 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na
►C1
tairsí ◄ agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar an staidreamh agus ar an aiseolas arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26. San athbhreithniú sin, déanfar meastóireacht ar raon feidhme Airteagal 14 go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlí a bhaineann le malartú fianaise idir údaráis inniúla.
|
|
Airteagal 37 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 38 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
|
Airteagal 38
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
“Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI’) le haghaidh comhar riaracháin i measc na ngníomhaithe IMI, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta.”;
(2)
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:
“1.
Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:
(a)
comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;
(b)
comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.”;
(3)
in Airteagal 5, leasaítear an dara mír mar seo a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a)
ciallaíonn ‘IMI’ an uirlis leictreonach sin de chuid an Choimisiúin dar feidhm an comhar riaracháin a éascú i measc na ngníomhaithe IMI;”;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b)
ciallaíonn ‘comhar riaracháin’ an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr,”;
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
“(g)
ciallaíonn ‘gníomhaithe IMI’ na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;”;
(4)
in Airteagal 8(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(f)
comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh”;
(5)
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 4:
“4.
Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligfear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais, agus air sin amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí de chuid an mhargaidh inmheánaigh inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.”;
(6)
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a áirithiú, nuair atá an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag próiseáil sonraí pearsanta ina ról mar ghníomhaithe IMI. Beidh feidhm ag na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (
*1
) dá réir.
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as i gcomhréir le hAirteagal 62 de [Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725].”;
(7)
in Airteagal 29, scriostar mír 1;
(8)
san Iarscríbhinn, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
“11. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (
*2
): Airteagal 56, Airteagal 60 go hAirteagal 66 agus Airteagal 70(1).
12. Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le
►C1
tairseach aonair dhigiteach ◄ a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (
*3
): Airteagal 6(4), Airteagal 15 agus Airteagal 19.
|
|
Airteagal 39 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 39
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 4, Airteagail 7 go 12, Airteagal 16, Airteagal 17, Airteagal 18(1) go (4), Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 24(1), (2) agus (3), Airteagal 25(1) go (4), Airteagal 26 agus Airteagal 27 ón 12 Nollaig 2020.
Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 13, Airteagal 14(1) go (8) agus (10) agus Airteagal 15 ón 12 Nollaig 2023.
D’ainneoin dháta chur i bhfeidhm Airteagail 2, 9, 10 agus 11, cuirfidh na údaráis bhardasacha an fhaisnéis, na míniúcháin agus na treoracha dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar faoin 12 Nollaig 2022 ar a dheanaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|