|
+Airteagal 38 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 |
Airteagal 38 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012Airteagal 38 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Ábhar Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI’) le haghaidh comhar riaracháin i measc na ngníomhaithe IMI, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta.”;
(2)
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:
“1.
Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:
(a)
comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;
(b)
comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.”;
(3)
in Airteagal 5, leasaítear an dara mír mar seo a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a)
ciallaíonn ‘IMI’ an uirlis leictreonach sin de chuid an Choimisiúin dar feidhm an comhar riaracháin a éascú i measc na ngníomhaithe IMI;”;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b)
ciallaíonn ‘comhar riaracháin’ an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr,”;
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
“(g)
ciallaíonn ‘gníomhaithe IMI’ na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;”;
(4)
in Airteagal 8(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(f)
comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh”;
(5)
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 4:
“4.
Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligfear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais, agus air sin amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí de chuid an mhargaidh inmheánaigh inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.”;
(6)
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a áirithiú, nuair atá an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag próiseáil sonraí pearsanta ina ról mar ghníomhaithe IMI. Beidh feidhm ag na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (
*1
) dá réir.
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as i gcomhréir le hAirteagal 62 de [Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725].”;
(c)
scriostar mír 4;
(7)
in Airteagal 29, scriostar mír 1;
(8)
san Iarscríbhinn, cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “11. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) ( *2 ): Airteagal 56, Airteagal 60 go hAirteagal 66 agus Airteagal 70(1). 12. Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ►C1 tairseach aonair dhigiteach ◄ a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ( *3 ): Airteagal 6(4), Airteagal 15 agus Airteagal 19. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|