+IARSCRÍBHINN I Creat ginearálta comhchoiteann chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh

IARSCRÍBHINN I Creat ginearálta comhchoiteann chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh




IARSCRÍBHINN I

Creat ginearálta comhchoiteann chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh

(dá dtagraítear in Airteagal 4)

1. Cinnfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn úsáid fuinnimh ríofa nó fuinnimh mhéadraithe agus léireofar léi an ghnáthúsáid fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú ionsuite agus córais theicniúla foirgnimh eile. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an ghnáthúsáid fuinnimh ionadaíoch do na dálaí iarbhír oibriúcháin maidir le gach tíopeolaíocht ábhartha agus go léiríonn sí iompraíocht thipiciúil an úsáideora. I gcás inar féidir, beidh úsáid thipiciúil fuinnimh agus iompraíocht thipiciúil úsáideoirí bunaithe ar an staidreamh náisiúnta, ar chóid tógála agus ar shonraí méadraithe atá ar fáil.

I gcás inarb é úsáid fuinnimh mhéadraithe an bonn le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, beidh an mhodheolaíocht ríofa in ann tionchar iompraíocht na n-áititheoirí agus na haeráide áitiúla a shainaithint, rud nach léireofar mar thoradh ar an ríomh. Maidir le húsáid fuinnimh mhéadraithe chun críocha feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, beidh gá lena léamh gach mí ar a laghad agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir iompróirí fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit tomhaltas fuinnimh mhéadraithe a úsáid faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin chun cirte na húsáide fuinnimh ríofa a fhíorú agus chun comparáid a dhéanamh idir an fheidhmíocht ríofa agus an fheidhmíocht iarbhír. Féadfar tomhaltas fuinnimh mhéadraithe chun críocha fíoraithe agus comparáide a bhunú ar léamha míosúla.

Cuirfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh in iúl le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil in aghaidh an aonaid d’achar urláir tagartha in aghaidh na bliana, in kWh/(m2.y) chun críche feidhmíocht fuinnimh a dheimhniú agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh araon. Beidh an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chinneadh trédhearcach agus oscailte do nuálaíocht.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar a modheolaíocht ríofa náisiúnta ar bhonn Iarscríbhinn A a ghabhann leis na príomhchaighdeáin Eorpacha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, eadhon (EN) ISO 52000-1, (EN) ISO 52003-1, (EN) ISO 52010-1, (EN) ISO 52016-1, EN ISO 52018-1, (EN) ISO 52120-1, EN 16798-1 agus EN 17423 nó doiciméid a ghabhfaidh ionad na gcaighdeán sin. Ní hionann an fhoráil seo agus códú dlíthiúil na gcaighdeán sin.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina soláthraíonn córais téimh nó fuaraithe ceantair foirgnimh, go n-aithneofar agus go dtabharfar cuntas ar thairbhí an tsoláthair sin sa mhodheolaíocht ríofa, go háirithe an sciar den fhuinneamh atá in-athnuaite, trí fhachtóirí fuinnimh phríomhúil atá deimhnithe nó aitheanta ina n-aonar.

2. Déanfar riachtanais fuinnimh agus úsáid fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú agus córais theicniúla foirgnimh eile a ríomh trí úsáid a bhaint as eatraimh ríomha gach mí, gach uair an chloig nó faoi bhun gach uair an chloig chun am a ríomh chun dálaí éagsúla a chur san áireamh a dhéanann difear suntasach d’oibriú agus d’fheidhmíocht an chórais agus do dhálaí laistigh, agus sláinte, cáilíocht aeir laistigh, lena n-áirítear leibhéil chompoird arna sainiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a bharrfheabhsú.

I gcás ina bhfuil ceanglais shonracha maidir le faisnéis faoi tháirge ar áireamh i rialacháin táirgeshonracha le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE chun feidhmíocht fuinnimh agus GWP ar feadh saolré a ríomh faoin Treoir seo, ní bheidh faisnéis bhreise ag teastáil ó mhodhanna ríofa náisiúnta.

Beidh ríomh an fhuinnimh phríomhúil bunaithe ar fhachtóirí fuinnimh phríomhúil réamhbhreathnaitheacha a ndéantar a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, (agus fuinneamh neamh-in-athnuaite, in-athnuaite agus iomlán á sonrú) nó ar fhachtóirí ualúcháin in aghaidh an iompróra fuinnimh, nach mór do na húdaráis náisiúnta iad a aithint agus an meascán fuinnimh measta á chur san áireamh ar bhonn a bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Féadfar na fachtóirí fuinnimh phríomhúil nó na fachtóirí ualúcháin sin a bhunú ar fhaisnéis náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Féadfar fachtóirí fuinnimh phríomhúil nó na fachtóirí ualúcháin a shocrú ar bhonn bliantúil, séasúrach, míosúil, laethúil nó in aghaidh na huaire nó ar fhaisnéis níos sonraí a chuirtear ar fáil do chórais ceantair aonair.

Déanfaidh na Ballstáit na fachtóirí fuinnimh phríomhúil nó na fachtóirí ualúcháin a shainiú. Déanfar na roghanna arna ndéanamh agus na foinsí sonraí a thuairisciú de réir EN 17423 nó de réir aon bhundoiciméad. Féadfaidh na Ballstáit meán fhachtóir fuinnimh phríomhúil an Aontais a roghnú do leictreachas arna bhunú de bhun Threoir (AE) 2023/1791 in ionad fachtóir fuinnimh phríomhúil a léiríonn an meascán leictreachais sa tír.

3. Chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chur in iúl, déanfaidh na Ballstáit táscairí breise uimhriúla den úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán, neamh-in-athnuaite agus in-athnuaite, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla arna dtáirgeadh in kgCO2eq/(m2.y).

4. Leagfar síos an mhodheolaíocht agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

(a) 

na saintréithe teirmeacha iarbhír seo a leanas den fhoirgneamh lena n-áirítear a dheighiltí inmheánacha:

(i) 

toilleadh teirmeach;

(ii) 

insliú;

(iii) 

téamh éighníomhach;

(iv) 

eilimintí fuaraithe;

(v) 

droichid theirmeacha;

(b) 

suiteáil téimh agus soláthar uisce the tí, lena n-áirítear a saintréithe inslithe;

(c) 

toilleadh giniúint fuinnimh in-athnuaite agus stórála atá suiteáilte ar an láthair;

(d) 

suiteálacha aerchóirithe;

(e) 

aeráil nádúrtha agus mheicniúil a bhféadfadh aerdhíonacht agus aisghabháil teasa a bheith mar chuid de;

(f) 

suiteáil soilsithe ionsuite (san earnáil neamhchónaithe den chuid is mó);

(g) 

dearadh, suíomh agus treoshuíomh an fhoirgnimh, lena n-áirítear an aeráid lasmuigh;

(h) 

grianchórais éighníomhacha agus grianchosaint;

(i) 

dálaí aeráide laistigh, lena n-áirítear an aeráid dhíonach atá deartha;

(j) 

ualaí inmheánacha;

(k) 

córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh agus a gcumas faireachán, rialú agus barrfheabhsú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh.

5. Cuirfear dea-thionchar na ngnéithe seo a leanas san áireamh:

(a) 

dálaí áitiúla nochta gréine, grianchórais ghníomhacha agus córais eile téimh agus leictreachais ar bhonn fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b) 

leictreachas arna tháirgeadh trí chomhghiniúint;

(c) 

córais téimh agus fuaraithe ceantair nó bloic;

(d) 

soilsiú nádúrtha;

(e) 

córais stórála leictrí;

(f) 

córais teirmeastórála.

6. Chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, ba cheart na foirgnimh a aicmiú go leordhóthanach sna catagóirí seo a leanas:

(a) 

tithe aonteaghlaigh de chineálacha éagsúla;

(b) 

bloic árasán;

(c) 

oifigí;

(d) 

foirgnimh oideachais;

(e) 

ospidéil;

(f) 

óstáin agus bialanna;

(g) 

saoráidí spóirt;

(h) 

foirgnimh seirbhísí mórdhíola agus miondíola;

(i) 

cineálacha eile foirgneamh a ídíonn fuinneamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.