+Airteagal 21 Truailliú aeir trasteorann
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
---+Airteagal 21 5
---+Airteagal 21 6
---+Airteagal 21 7
|
Airteagal 21 Truailliú aeir trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. I gcás ina rannchuidíonn iompar trasteorann truaillithe aeir ó aon Bhallstát nó ó níos mó ná sin go suntasach le sárú ar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó tairseach foláirimh i mBallstát eile, cuirfidh an Ballstát eile sin in iúl do na Ballstáit agus don Choimisiún cén Ballstát inar thionscain an truailliú aeir.
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar le chéile, lena n-áirítear trí fhoirne comhpháirteacha saineolaithe a bhunú agus le tacaíocht theicniúil ón gCoimisiún, chun foinsí an truaillithe aeir, rannchuidiú na bhfoinsí sin maidir le sáruithe i mBallstát eile agus na bearta atá le déanamh ina n-aonar agus i gcomhar le Ballstáit eile chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint, agus gníomhaíochtaí comhordaithe a tharraingt suas, amhail comhordú pleananna aercháilíochta de bhun Airteagal 19, ina dtabharfaidh gach Ballstát aghaidh ar fhoinsí truaillithe atá lonnaithe ina chríoch, chun na sáruithe sin a bhaint.
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas, agus iarrfar air a bheith i láthair nó cuidiú le haon chomhar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann nuashonrú a thabhairt ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme aon ghníomhaíochtaí comhordaithe arna mbunú de bhun na míre sin. I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na tuairiscí arna mbunú de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/2284 á gcur san áireamh, ar cheart gníomh breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun astaíochtaí réamhtheachtacha atá freagrach as truailliú trasteorann a laghdú.
|
|
Airteagal 21 4
|
4. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, de bhun Airteagal 20, pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheidh comhordaithe, lena gcumhdaítear criosanna comharsanachta i mBallstáit eile a ullmhú agus a chur chun feidhme. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh limistéir chomharsanachta i mBallstáit eile an fhaisnéis iomchuí uile maidir leis na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 21 5
|
5. I gcás ina sárófar na tairseacha foláirimh nó na tairseacha faisnéise i limistéir atá gar do theorainneacha náisiúnta, cuirfear faisnéis ar fáil maidir leis na sáruithe sin a luaithe is féidir do na húdaráis inniúla sna Ballstáit chomharsanachta lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal freisin.
|
|
Airteagal 21 6
|
6. San fhógra dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit, don bhliain ábhartha, na nithe seo a leanas a shainaithint:
|
(a)
|
limistéir ina rannchuidíonn iompar trasteorann truaillithe aeir ó aon Bhallstát nó ó níos mó ná sin go suntasach le sárú na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna sna limistéir sin;
|
|
(b)
|
aonaid chríochacha meánteagmhála, ina gcuireann iompar trasteorann truaillithe aeir ó Bhallstát amháin nó níos mó go mór le sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh ag na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála sna haonaid sin.
|
Féadfaidh Ballstát liostaí na limistéar sin agus na n-aonad críochach meánteagmhála a sholáthar do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún mar aon le faisnéis faoi thiúchaintí agus an fhianaise lena léirítear go rannchuidíonn truailliú aeir ó fhoinsí trasteorann, lena n-áirítear truailliú ó thríú tíortha, nach bhfuil aon rialú díreach ag an mBallstát sin orthu, go mór leis na sáruithe sin. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a mheas, i gcás inarb ábhartha, chun críocha Airteagal 18.
|
|
Airteagal 21 7
|
7. Agus pleananna dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 4 á mbunú acu, agus an pobal dá dtagraítear i mír 5 á chur ar an eolas, féachfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le bheith ag oibriú i gcomhar le tríú tíortha, agus go háirithe le tíortha is iarrthóirí. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht theicniúil a iarraidh ar an gCoimisiún.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|