+Preamble: 1
|
Preamble: 1
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Leis an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Aontais Eorpaigh arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceanglaítear ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar gheallsealbhóirí ardchaighdeáin trédhearcachta, rannpháirtíocht an phobail agus rochtana ar an gceartas a chur i bhfeidhm go héifeachtach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’), ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon.
|
|
(2)
|
Le Coinbhinsiún Aarhus, arna dhaingniú ag an gComhphobal Eorpach an 17 Feabhra 2005 le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle (5), aithnítear go rannchuidíonn rochtain mhéadaithe an phobail ar fhaisnéis chomhshaoil agus scaipeadh faisnéise den sórt sin go mór le feasacht níos fearr ar chúrsaí comhshaoil, le saormhalartú tuairimí, le rannpháirtíocht níos éifeachtaí ag an bpobal sa chinnteoireacht chomhshaoil agus, ar deireadh, le comhshaol níos fearr. Thairis sin, aithnítear le Coinbhinsiún Aarhus an ceart chun rúndacht sonraí pearsanta agus/nó comhad a bhaineann le duine nádúrtha a chosaint, i gcás nár thoiligh an duine sin leis an bhfaisnéis a nochtadh don phobal, i gcás ina bhforáiltear do rúndacht den sórt sin sa dlí náisiúnta. I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais go gcoinneofar faisnéis tráchtála nó thionsclaíoch faoi rún chun leas eacnamaíoch dlisteanach a chosaint, ba cheart an rúndacht sin a choimirciú.
|
|
(3)
|
Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 (6) agus (AE) 2018/1725 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, faoi seach, faoi chuimsiú an Rialacháin seo. Dá réir sin, tá sé de cheart ag ábhair sonraí go gcuirfí ar an eolas iad faoi phróiseáil a gcuid sonraí faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi fheidhmiú a gceart faoi na Rialacháin sin.
|
|
(4)
|
An 2 Nollaig 2005, dhaingnigh an Comhphobal Eorpach Prótacal UNECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (‘an Prótacal’) le Cinneadh 2006/61/CE ón gComhairle (8).
|
|
(5)
|
Le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), bunaíodh Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán chun an Prótacal a chur chun feidhme.
|
|
(6)
|
Leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, a foilsíodh an 13 Nollaig 2017, thángthas ar an gconclúid gur cheart oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú trí fhéachaint a thuilleadh ar shineirgí le dlí comhshaoil gaolmhar eile an Aontais maidir le truailliú ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear go háirithe Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (11). Cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil freisin gur gá roghanna maidir le faisnéis bhreise chomhthéacsúil a fhiosrú chun na sonraí a thuairiscítear a dhéanamh níos éifeachtaí.
|
|
(7)
|
Le teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’
[Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú], bunaítear plean gníomhaíochta de chuid Aontais maidir leis an truailliú nialasach, fuinneamh, dícharbónú agus an geilleagar ciorclach, agus cuirtear chun cinn úsáid éifeachtach na faisnéise a thuairiscítear sa chreat faireacháin agus ionchais truaillithe nialasaigh níos leithne agus faoin gcreat faireacháin dá bhforáiltear san 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil.
|
|
(8)
|
I gcomhréir leis na conclúidí ón gCoimisiún ina thuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, a foilsíodh an 13 Nollaig 2017, i mí an Mheithimh 2021, d’fhorbair an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’), Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (‘an Tairseach’) chun teacht in ionad an Chláir Eorpaigh ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán, agus é mar aidhm aige feabhas a chur ar shineirgí le tuairisciú a dhéantar faoi Threoir 2010/75/AE.
|
|
(9)
|
Trí bhíthin na Tairsí, ba cheart rochtain ar líne atá saor in aisce a sholáthar don phobal ar thacar sonraí atá níos comhtháite agus níos comhleanúnaí maidir leis na príomhbhrúnna comhshaoil a ghineann suiteálacha tionsclaíocha, ós rud é gur uirlis chostéifeachtach iad sonraí den sórt sin chun comparáidí agus cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí comhshaoil, feidhmíocht chomhshaoil níos fearr a spreagadh, treochtaí a rianú, dul chun cinn a léiriú maidir le truailliú a laghdú, suiteálacha a thagarmharcáil, faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta, tosaíochtaí a leagan síos agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar trí bheartais chomhshaoil agus cláir chomhshaoil de chuid an Aontais agus trí bheartais chomhshaoil náisiúnta agus cláir chomhshaoil náisiúnta.
|
|
(10)
|
Ba cheart, ar an Tairseach, na sonraí a áirítear inti a chur i láthair i bhfoirmeacha comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe ionas go mbeidh úsáideoirí ina ann cuardaigh spriocdhírithe a dhéanamh chomh maith le modh leictreonach a sholáthar chun sonraí a asbhaint ar bhealach éasca, lena n-áirítear i bhfoirm tacair sonraí atá bunaithe ar iarratais.
|
|
(11)
|
Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais tuairiscithe ar leibhéal na suiteála chun sineirgí a chur chun feidhme idir an Tairseach agus na tacair sonraí maidir le brúnna comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear na cinn a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE, agus chun comhleanúnachas le cur chun feidhme na Treorach sin a áirithiú agus chun tacú lena cur chun feidhme.
|
|
(12)
|
Chun ceanglais an Phrótacail a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal agus, i gcomhlíonadh na gceanglas tuairiscithe sin, ba cheart an tsaoráid lena mbaineann an tsuiteáil, nó cuid di, a léiriú. Ina theannta sin, agus d’fhonn sineirgí a bhaint amach le dlí comhshaoil gaolmhar an Aontais lena ndéantar difear do shuiteálacha tionsclaíocha, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith ailínithe leis na gníomhaíochtaí tionsclaíocha faoi Iarscríbhinní I agus Ia a ghabhann le Treoir 2010/75/AE agus le gníomhaíochtaí áirithe a chumhdaítear le Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).
|
|
(13)
|
Chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil suiteálacha tionsclaíocha, ba cheart, trí bhíthin na sonraí atá le háireamh sa Tairseach, scaoileadh truailleán áirithe sa chomhshaol, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ar fuíolluisce é ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán os cionn na dtairseach cainníochtúil is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II a chumhdach.
|
|
(14)
|
Ba cheart sonraí a áireamh sa Tairseach freisin maidir leis an úsáid a bhaineann na suiteálacha lena mbaineann as uisce, fuinneamh agus amhábhair ábhartha chun go mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo geilleagar ciorclach agus an-tíosach ar acmhainní. Leis na sonraí atá le háireamh sa Tairseach, ba cheart amhábhair ábhartha a úsáidtear sa phróiseas táirgthe agus a bhfuil éifeacht nó tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol a chumhdach. Ba cheart an cinneadh maidir le cé na hamhábhair atá le meas mar amhábhair ábhartha a bheith bunaithe ar an obair a rinneadh sa phróiseas as a dtagann tarraingt suas na ndoiciméad tagartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil de bhun Threoir 2010/75/AE.
|
|
(15)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil leis an tuairisciú a dhéanann oibreoirí chuig údaráis inniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta na n-amhábhar ábhartha a bhunú atá le tuairisciú ag na hoibreoirí tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil chun cinn. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
|
|
(16)
|
Ba cheart d’oibreoirí suiteálacha faisnéis a thuairisciú maidir le toirt táirgeachta agus uaireanta oibriúcháin na suiteála lena mbaineann chun gur féidir na sonraí arna dtuairisciú maidir le scaoiltí truailleán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán a chur i gcomhthéacs. Ba cheart an fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, a láimhseáil i gcomhréir le forálacha rúndachta an Rialacháin seo.
|
|
(17)
|
Ba cheart tairbhe fhoriomlán na Tairsí maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil a bhaineann le suiteálacha tionsclaíocha a uasmhéadú trí fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE a áireamh mar aon le sreafaí faisnéise eile a eascraíonn as dlí comhshaoil an Aontais maidir leis an athrú aeráide, cosaint aeir, uisce agus talún, dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear an tuairisciú faoi Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Treoir 2010/75/AE. Thairis sin, chun luach na Tairsí a uasmhéadú d’úsáideoirí, ba cheart í a dhearadh chun éascú a dhéanamh ar chomhtháthú a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo le sreafaí ábhartha eile sonraí comhshaoil.
|
|
(18)
|
Chun críoch na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart d’oibreoirí nó do na Ballstáit a léiriú an bhfuil sonraí maidir le scaoileadh truailleán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán faoi bhun na dtairseach tuairiscithe.
|
|
(19)
|
Chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí tuairiscithe agus chun a n-inchomparáideacht a áirithiú, is iomchuí comhchuibhiú a dhéanamh ar na modhanna cainníochtaithe atá le húsáid ag oibreoirí agus scaoileadh truailleán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ina bhfuil na truailleáin sin, aistrithe dramhaíola ón láithreán agus úsáid acmhainní á dtuairisciú. Ós rud é gurb é tomhas an modh cainníochtaithe is cruinne, ba cheart d’oibreoirí tomhas a úsáid chun críoch cainníochtaithe. I gcás nach bhfuil sé indéanta tomhas a dhéanamh, ba cheart do na hoibreoirí ríomh a úsáid. Níor cheart meastachán a úsáid ach amháin mar rogha dheiridh.
|
|
(20)
|
Toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní is gá ag oibreoirí suiteálacha táirgthe beostoic agus dobharshaothraithe chun scaoileadh truailleán a dhéantar d’aon ghnó a chainníochtú go cruinn, ba cheart na Ballstáit a bheith i dteideal scaoiltí den sórt sin a chainníochtú ar a son.
|
|
(21)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil leis an tuairisciú a dhéanann na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cineál agus formáid na faisnéise atá le soláthar agus na sprioc-amanna tuairiscithe a leagan síos. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
|
|
(22)
|
I bhfianaise a thábhachtaí atá rochtain thapa ar fhaisnéis chomhshaoil do shaoránaigh an Aontais, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfeadh na Ballstáit agus an Coimisiún na sonraí ar fáil go poiblí a thapúla agus is féidir go teicniúil. Chuige sin, cé go bhfuil an sprioc-am beacht tuairiscithe le leagan síos i ngníomh cur chun feidhme, níor cheart é a bheith níos déanaí ná 11 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe lena mbaineann.
|
|
(23)
|
I gcás inarb iomchuí, trí bhíthin na Tairsí, ba cheart rochtain a éascú ar fhaisnéis faoi scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata chun é a chur ar a gcumas do chinnteoirí scaoileadh truailleán a chur i gcomhthéacs agus an réiteach is éifeachtaí a roghnú chun an truailliú a laghdú.
|
|
(24)
|
Maidir le sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit agus oibreoirí, ba cheart iad a bheith ar ardcháilíocht, go háirithe maidir lena gcruinneas, a n-iomláine, a gcomhsheasmhacht agus a n-inchreidteacht. Ba cheart do na húdaráis inniúla, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí a sholáthraíonn oibreoirí.
|
|
(25)
|
An rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil a thuairiscíonn na Ballstáit, ba cheart í a bheith neamhshrianta agus níor cheart eisceachtaí ón riail sin a bheith ann ach amháin i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nó le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), de réir mar is iomchuí.
|
|
(26)
|
Ba cheart rannpháirtíocht an phobail in aon fhorbairt bhreise a dhéanfar ar an Tairseach a áirithiú trí dheiseanna luatha éifeachtacha a chur ar fáil chun barúlacha, faisnéis, anailís agus tuairimí a thíolacadh le haghaidh an phróisis cinnteoireachta i ndáil leis sin.
|
|
(27)
|
Chun úsáideacht agus tionchar na Tairsí a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, treoraíocht a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus aird ar leith á tabhairt ar chur chun feidhme forálacha nach raibh mar chuid de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, agus ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar earnálacha nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin.
|
|
(28)
|
Chun é a chur ar chumas an Choimisiúin liosta na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha nó talmhaíochta a bhfuil feidhm ag ceanglais tuairiscithe maidir leo a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú chun Iarscríbhinn I a ailíniú le leasuithe ar an bPrótacal.
|
|
(29)
|
Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun tairseacha tuairiscithe a chinneadh, chun truailleáin a chur léi, ar truailleáin iad atá faoi réir bearta sonracha rialála faoi dhlí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus an uisce agus maidir le ceimiceáin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), agus Treoracha 2000/60/CE (19), 2004/107/CE (20), 2006/118/CE (21), 2008/50/CE (22), 2008/105/CE (23) agus (AE) 2020/2184 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus chun léiriú a dhéanamh ar athruithe a dhéantar ar an bPrótacal maidir leis na truailleáin atá le tuairisciú nó a dtairseacha tuairiscithe. Chun cur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo a éascú, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéantar athbhreithniú ar liosta na substaintí agus na dtairseach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear, inter alia, measúnú ar an ngá atá leis na tairseacha tuairiscithe do shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) agus do shubstaintí ábhartha eile a laghdú.
|
|
(30)
|
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
|
|
(31)
|
Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pionóis is infheidhme maidir lena sáruithe a leagan síos agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad.
|
|
(32)
|
Ós rud é gur gá Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a mhodhnú go substaintiúil, ba cheart é a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, soiléireachta agus trédhearcachta.
|
|
(33)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar an rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis ar an gcomhshaol trí bhunachar sonraí leictreonach comhtháite agus comhleanúnach a bhunú ar fud an Aontais agus faireachán ar thruailliú tionsclaíoch chun rannchuidiú lena chosc agus lena laghdú a chumasú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go bhfuil gá le hinchomparáideacht sonraí sna Ballstáit ar mhaithe le hardleibhéal comhchuibhithe agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
|
|
(34)
|
Na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu ón mbliain tuairiscithe 2027 ar aghaidh chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus do na hoibreoirí na bearta is gá a dhéanamh.
|
|
(35)
|
Chun leanúnachas sonraí agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 go dtí deireadh na bliana tuairiscithe 2026,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1244
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|