+Airteagal 6 Creat faireacháin le haghaidh sláinte ithreach agus le haghaidh séalú ithreach agus baint ithreach
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7
---+Airteagal 6 8
---+Airteagal 6 9

Airteagal 6 Creat faireacháin le haghaidh sláinte ithreach agus le haghaidh séalú ithreach agus baint ithreach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1

1.   Bunóidh na Ballstáit creat faireacháin (‘creat um fhaireachán ithreach’) ar leibhéal atá iomchuí maidir leis na tuairisceoirí ithreach agus na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta, comhleanúnach agus cruinn ar shláinte ithreach agus ar shéalú ithreach agus baint ithreach i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinní I agus II.

Leis an gcreat um faireachán ithreach, cuirfear leis na creataí faireacháin atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, sonraí ón suirbhé staidrimh fráma limistéir ar úsáid/cumhdach talún (LUCAS).

Más gá, féadfaidh na Ballstáit a gcreat um fhaireachán ithreach a oiriúnú do na réigiúin is forimeallaí acu chun saintréithe sonracha na réigiún sin a chur san áireamh.

Airteagal 6 2

2.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar shláinte ithreach i ngach aonad ithreach agus ar shéalú ithreach agus baint ithreach i ngach ceantar ithreach.

Airteagal 6 3

3.   Beidh an creat faireacháin bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

na tuairisceoirí ithreach agus na critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

na pointí samplála atá le cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(1);

(c)

na tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit agus, más infheidhme, ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (4);

(d)

sonraí agus táirgí cianbhraiteachta atá stóinsithe go heolaíoch dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, más ann dóibh;

(e)

na táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír.

Airteagal 6 4

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (GEC) sonraí agus táirgí spásbhunaithe atá ann cheana arna seachadadh faoi chomhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696, a ghiaráil chun féidearthachtaí maidir le táirgí cianbhraiteachta ithreach a fhiosrú, agus iad a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, chun na sonraí is gá maidir le táscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a sholáthar do na Ballstáit agus chun tacú leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na tuairisceoirí ithreach ábhartha.

Airteagal 6 5

5.   Faoin 17 Nollaig 2027, bunóidh an Coimisiún agus GEC, ar bhonn sonraí atá ann cheana, tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach (‘an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach’) chun rochtain a sholáthar i bhformáid spásúil gheothagartha ar na sonraí maidir le sláinte ithreach atá ar fáil ar a laghad, ar sonraí iad arna gcomhiomlánú ar leibhéal an aonaid ithreach nó ar leibhéal níos mionsonraithe, de thoradh an mhéid seo a leanas:

(a)

na tomhais ithreach dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus (4);

(b)

na sonraí agus táirgí cianbhraiteachta ithreach ábhartha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Déanfar na sonraí maidir le sláinte ithreach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil agus a rochtain i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

Airteagal 6 6

6.   Áiritheoidh an Coimisiún agus GEC go dtabharfar an deis do na Ballstáit, ar bhealach tráthúil agus éifeachtach, athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le sláinte ithreach agus ceartú aon earráidí a iarraidh, sula gcuirfear sonraí den sórt sin ar fáil go poiblí tríd an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach. Áiritheoidh an Coimisiún agus GEC go dtabharfar an deis sin freisin i ndáil le haon tuarascáil eile atá le foilsiú sa tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach agus bunaithe ar an gcreat um fhaireachán ithreach.

Airteagal 6 7

7.   Leis an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach, féadfar rochtain a thabhairt ar shonraí a bhaineann le sláinte ithreach seachas na sonraí dá dtagraítear i mír 5 má comhroinneadh nó má bailíodh na sonraí sin a bhaineann le sláinte ithreach i gcomhréir leis na formáidí nó na modhanna arna mbunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 9.

Airteagal 6 8

8.   Leis an tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach, ní thabharfar rochtain ar shonraí ná ar fhaisnéis a ndéanfadh a nochtadh dochar don tslándáil phoiblí nó don chosaint náisiúnta.

Airteagal 6 9

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáidí nó modhanna a bhunú chun na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhroinnt nó a bhailiú nó chun na sonraí sin a chomhtháthú sa tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.