+Airteagal 31 Ionadaithe údaraithe
---+Airteagal 31 1
---+Airteagal 31 2
---+Airteagal 31 3
---+Airteagal 31 4

Airteagal 31 Ionadaithe údaraithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1

1.   Sula gcuirfear córas RTS ar fáil ar mhargadh an Aontais, déanfaidh monaróir córais RTS atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas a cheapadh, trí shainordú i scríbhinn.

Airteagal 31 2

2.   Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú arna chomhaontú leis an monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 37 a choinneáil ar fáil d’údaráis faireachais margaidh ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 30(3);

(b)

tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás faireachais margaidh, cóip den sainordú a chur ar fáil d’údaráis an Bhallstáit lena mbaineann mar aon leis an bhfaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht córais RTS leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, agus leis na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 36, a léiriú;

(c)

an monaróir a chur ar an eolas gan moill mhíchuí má tá cúis ag an ionadaí údaraithe lena chreidiúint nach bhfuil córas RTS i gcomhréir a thuilleadh leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(d)

an monaróir a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon ghearán a fhaightear ó thomhaltóirí nó úsáideoirí gairmiúla;

(e)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéantar i ndáil leis na córais RTS a chumhdaítear lena sainordú;

(f)

an sainordú a fhoirceannadh mura bhfuil oibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige;

(g)

a áirithiú gur féidir an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 37 a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 31 3

3.   I gcás ina n-athraítear an t-ionadaí údaraithe, tabharfar aghaidh sna socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an athrú sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

dáta foirceanta shainordú an ionadaí údaraithe imeachta agus dáta tosaigh shainordú an ionadaí údaraithe inteachta;

(b)

aistriú na ndoiciméad, lena n-áirítear gnéithe rúndachta agus cearta maoine.

Airteagal 31 4

4.   I gcás ina bhfuil an monaróir bunaithe lasmuigh den Aontas agus nár chomhlíon sé na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 30, beidh an t-ionadaí údaraithe faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i leith neamhchomhlíonadh ar an mbonn céanna leis an monaróir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.