+Airteagal 39 Dearbhú comhréireachta AE
---+Airteagal 39 1
---+Airteagal 39 2
---+Airteagal 39 3
---+Airteagal 39 4
---+Airteagal 39 5
---+Airteagal 39 6

Airteagal 39 Dearbhú comhréireachta AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1

1.   Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (e), gur léirigh monaróir chóras RTS gur comhlíonadh na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 39 2

2.   I gcás ina bhfuil córas RTS faoi réir ghníomhartha dlí eile an Aontais a mhéid a bhaineann le gnéithe nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo, lena gceanglaítear ar an monaróir freisin dearbhú comhréireachta AE a sholáthar ina bhfuil sé léirithe gur comhlíonadh ceanglais na ngníomhartha dlí sin, déanfar dearbhú comhréireachta amháin AE a tharraingt suas i ndáil le gach gníomh dlí de chuid an Aontais is infheidhme maidir le córas RTS. Áireofar i ndearbhú comhréireachta AE sin an fhaisnéis ar fad atá de dhíth chun na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a mbaineann sé leo a shainaithint.

Airteagal 39 3

3.   I ndearbhú comhréireachta AE, beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déanfar é a aistriú go teanga amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais de réir mar a éilíonn na Ballstáit ina gcuirfear an córas RTS ar fáil.

Airteagal 39 4

4.   I gcás ina ndéantar dearbhú comhréireachta digiteach AE a tharraingt suas i bhformáid dhigiteach, cuirfear ar fáil ar líne é le haghaidh shaolré ionchasach an chórais RTS agus, i gcás ar bith, ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón gcóras RTS a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

Airteagal 39 5

5.   Trí dhearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin go gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna comhchuibhithe bogearraí den chóras RTS na ceanglais leagtar síos sa Rialachán seo nuair a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é.

Airteagal 39 6

6.   Foilseoidh an Coimisiún teimpléad caighdeánach aonfhoirmeach le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta AE agus cuirfidh sé ar fáil é i bhformáid dhigiteach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.