+Airteagal 45 Neamhchomhlíonadh a láimhseáil
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3
---+Airteagal 45 4
---+Airteagal 45 5

Airteagal 45 Neamhchomhlíonadh a láimhseáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1

1.   I gcás ina bhfaighidh údarás faireachais margaidh amach go bhfuil neamh-chomhlíonadh ann, cuirfidh sé de cheangal ar mhonaróir an chórais RTS lena mbaineann, ar a ionadaí údaraithe agus ar gach oibreoir eacnamaíoch ábhartha eile, gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach a ghlacadh, faoi spriocdháta sonrach, chun an córas RTS a thabhairt chun comhréireachta. Áirítear na nithe seo a leanas ar fhionnachtana neamhchomhlíonta den sórt sin, ach níl siad teoranta dóibh:

(a)

níl an córas RTS i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II ná leis na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b)

níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil, nó níl sí iomlán, nó níl sí i gcomhréir le hAirteagal 37;

(c)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú nó níor dréachtaíodh i gceart é i gcomhréir le hAirteagal 39;

(d)

greamaíodh an mharcáil comhréireachta CE de shárú ar Airteagal 41 nó níor greamaíodh í;

(e)

níl oibleagáidí clárúcháin Airteagal 49 comhlíonta.

Airteagal 45 2

2.   I gcás nach nglacann monaróir an chórais RTS, a ionadaí údaraithe nó aon oibreoir eacnamaíoch ábhartha eile gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh de thréimhse ama réasúnta, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an gcóras RTS ó bheith á chur ar fáil ar an margadh de chuid a mBallstáit, nó chun an córas RTS a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sealadacha sin. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun córas RTS neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an chórais RTS sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart a rinne na húdaráis faireachais margaidh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios go háirithe cé acu a tharla nó nár tharla an neamhchomhlíontacht i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

mainneachtain an chórais RTS na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chomhlíonadh;

(b)

easnaimh i ndáil leis na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 36.

Airteagal 45 3

3.   Déanfaidh údaráis faireachais margaidh seachas na húdaráis faireachais margaidh a bhfuil an nós imeachta á thionscnamh aige faoin Airteagal seo an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas, gan mhoill, maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh an chórais RTS lena mbaineann, agus, i gcás easaontais leis an mbeart náisiúnta a glacadh, maidir lena gcuid agóidí.

Airteagal 45 4

4.   Más rud é, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a fháil, nach ndéanann údarás faireachais margaidh ó Bhallstát eile ná an Coimisiún agóid in aghaidh beart sealadach a rinne údarás faireachais margaidh, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

Airteagal 45 5

5.   I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh lena mbaineann na bearta iomchuí uile is gá chun cosc nó srian a chur ar an gcóras RTS ó bheith á chur ar fáil ar an margadh nó chun a áirithiú go n-aisghairfear é nó go dtarraingeofar siar ón margadh é.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.