+Airteagal 67 Iarratas ar rochtain ar shonraí shláinte
---+Airteagal 67 1
---+Airteagal 67 2
---+Airteagal 67 3
---+Airteagal 67 4
---+Airteagal 67 5

Airteagal 67 Iarratas ar rochtain ar shonraí shláinte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 67 1

1.   Féadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte a chur isteach le haghaidh na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 53(1) chuig comhlacht rochtana sonraí sláinte.

Airteagal 67 2

2.   Áireofar an méid seo a leanas san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte:

(a)

céannacht an iarratasóra ar shonraí sláinte, tuairisc ar fheidhmeanna agus gníomhaíochtaí gairmiúla an iarratasóra ar shonraí sláinte sin, lena n-áirítear céannacht na ndaoine nádúrtha a mbeadh rochtain acu ar na sonraí leictreonacha sláinte, má eisíodh cead sonraí; tabharfaidh an t-iarratasóir ar shonraí sláinte fógra don chomhlacht rochtana sonraí sláinte faoi aon nuashonrú a dhéantar ar liosta na ndaoine nádúrtha;

(b)

na críocha dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a bhfuil iarratas ar rochtain ar shonraí déanta ina leith;

(c)

míniú mionsonraithe ar úsáid bheartaithe na sonraí leictreonacha sláinte agus ar an sochar ionchasach a bhaineann leis an úsáid sin agus conas a rannchuideodh an tairbhe sin leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 53(1);

(d)

tuairisc ar na sonraí leictreonacha sláinte a iarradh, lena n-áirítear a raon feidhme agus ama, a bhformáid, foinsí agus, i gcás inar féidir, an cumhdach geografach i gcás ina n-iarrann sealbhóirí sonraí sláinte i roinnt Ballstát nó rannpháirtithe údaraithe in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75; den sórt sin;

(e)

tuairisc lena mínítear cibé acu atá nó nach bhfuil gá leis na sonraí leictreonacha sláinte a chur ar fáil i bhformáid ina bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm nó atá anaithnidithe; agus i gcás formáid ina bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm, réasúnú ar cén fáth nach féidir an phróiseáil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as sonraí anaithnidithe;

(f)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte tacair sonraí atá i seilbh an iarratasóra ar shonraí sláinte sin cheana féin a thabhairt isteach sa timpeallacht shlán phróiseála, tuairisc ar na tacair sonraí sin;

(g)

tuairisc ar na coimircí atá beartaithe, atá le bheith i gcomhréir leis na rioscaí, chun aon mhí-úsáid a bhaintear as na sonraí leictreonacha sláinte a chosc, chomh maith le cearta agus leasanna an tsealbhóra sonraí sláinte agus na ndaoine nádúrtha lena mbaineann a chosaint, lena n-áirítear chun cosc a chur ar aon ath-shainaithint daoine nádúrtha sa tacar sonraí;

(h)

léiriú a bhfuil bonn cirt leis ar an tréimhse ama ar lena linn a bheidh gá leis na sonraí leictreonacha sláinte chun próiseáil a dhéanamh i dtimpeallacht shlán phróiseála;

(i)

tuairisc ar na huirlisí agus na hacmhainní ríomhaireachta a bheidh ag teastáil le haghaidh timpeallacht shlán phróiseála;

(j)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi aon mheasúnú ar na gnéithe eiticiúla den phróiseáil, a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta, a d’fhéadfadh teacht in ionad mheasúnú eitice an iarratasóra ar shonraí sláinte féin;

(k)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte úsáid a bhaint as eisceacht faoi Airteagal 71(4), an bonn cirt a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta de bhun an Airteagail sin.

Airteagal 67 3

3.   Nuair atáthar á lorg rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte atá i seilbh sealbhóirí sonraí sláinte atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin nó rannpháirtithe údaraithe ábhartha in SonraíSláinte@AE (HealthaData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75, déanfaidh an t-iarratasóir ar shonraí sláinte iarratas aonair ar rochtain ar shonraí sláinte a chur isteach trí chomhlacht rochtana sonraí sláinte an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an iarratasóra ar shonraí sláinte lonnaithe, trí chomhlacht rochtana sonraí sláinte an Bhallstáit ina bhfuil ceann de na sealbhóirí sonraí sin bunaithe nó trí na seirbhísí arna soláthar ag an gCoimisiún in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75. Cuirfear an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte ar aghaidh go huathoibríoch chuig na rannpháirtithe údaraithe ábhartha in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) agus chuig comhlachtaí rochtana sonraí sláinte na mBallstát ina bhfuil na sealbhóirí sonraí sláinte a shainaithnítear san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte bunaithe.

Airteagal 67 4

4.   Nuair atáthar á lorg rochtain ar na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte i bhformáid ina bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm, soláthróidh an t-iarratasóir ar shonraí sláinte, mar aon leis an iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte, tuairisc ar conas a chomhlíonfadh an phróiseáil dlí is infheidhme an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus, go sonrach, Airteagal 6(1) de.

Airteagal 67 5

5.   Soláthróidh comhlachtaí earnála poiblí, agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear faoi mhíreanna 2 agus 4, seachas mír 2, pointe (h), ar sa chás sin a chuirfidh siad isteach, in ionad na faisnéise sin, faisnéis maidir leis an tréimhse ar ina leith is féidir rochtain a fháil ar na sonraí leictreonacha sláinte, minicíocht na rochtana sin nó minicíocht na nuashonruithe sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.