+Airteagal 67 2
|
Airteagal 67 2
2. Áireofar an méid seo a leanas san iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte:
|
(a)
|
céannacht an iarratasóra ar shonraí sláinte, tuairisc ar fheidhmeanna agus gníomhaíochtaí gairmiúla an iarratasóra ar shonraí sláinte sin, lena n-áirítear céannacht na ndaoine nádúrtha a mbeadh rochtain acu ar na sonraí leictreonacha sláinte, má eisíodh cead sonraí; tabharfaidh an t-iarratasóir ar shonraí sláinte fógra don chomhlacht rochtana sonraí sláinte faoi aon nuashonrú a dhéantar ar liosta na ndaoine nádúrtha;
|
|
(b)
|
na críocha dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a bhfuil iarratas ar rochtain ar shonraí déanta ina leith;
|
|
(c)
|
míniú mionsonraithe ar úsáid bheartaithe na sonraí leictreonacha sláinte agus ar an sochar ionchasach a bhaineann leis an úsáid sin agus conas a rannchuideodh an tairbhe sin leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 53(1);
|
|
(d)
|
tuairisc ar na sonraí leictreonacha sláinte a iarradh, lena n-áirítear a raon feidhme agus ama, a bhformáid, foinsí agus, i gcás inar féidir, an cumhdach geografach i gcás ina n-iarrann sealbhóirí sonraí sláinte i roinnt Ballstát nó rannpháirtithe údaraithe in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75; den sórt sin;
|
|
(e)
|
tuairisc lena mínítear cibé acu atá nó nach bhfuil gá leis na sonraí leictreonacha sláinte a chur ar fáil i bhformáid ina bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm nó atá anaithnidithe; agus i gcás formáid ina bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm, réasúnú ar cén fáth nach féidir an phróiseáil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as sonraí anaithnidithe;
|
|
(f)
|
i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte tacair sonraí atá i seilbh an iarratasóra ar shonraí sláinte sin cheana féin a thabhairt isteach sa timpeallacht shlán phróiseála, tuairisc ar na tacair sonraí sin;
|
|
(g)
|
tuairisc ar na coimircí atá beartaithe, atá le bheith i gcomhréir leis na rioscaí, chun aon mhí-úsáid a bhaintear as na sonraí leictreonacha sláinte a chosc, chomh maith le cearta agus leasanna an tsealbhóra sonraí sláinte agus na ndaoine nádúrtha lena mbaineann a chosaint, lena n-áirítear chun cosc a chur ar aon ath-shainaithint daoine nádúrtha sa tacar sonraí;
|
|
(h)
|
léiriú a bhfuil bonn cirt leis ar an tréimhse ama ar lena linn a bheidh gá leis na sonraí leictreonacha sláinte chun próiseáil a dhéanamh i dtimpeallacht shlán phróiseála;
|
|
(i)
|
tuairisc ar na huirlisí agus na hacmhainní ríomhaireachta a bheidh ag teastáil le haghaidh timpeallacht shlán phróiseála;
|
|
(j)
|
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi aon mheasúnú ar na gnéithe eiticiúla den phróiseáil, a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta, a d’fhéadfadh teacht in ionad mheasúnú eitice an iarratasóra ar shonraí sláinte féin;
|
|
(k)
|
i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte úsáid a bhaint as eisceacht faoi Airteagal 71(4), an bonn cirt a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta de bhun an Airteagail sin.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|