+Airteagal 102 Meastóireacht, athbhreithniú agus tuarascáil ar dhul chun cinn
---+Airteagal 102 1
---+Airteagal 102 2
---+Airteagal 102 3
---+Airteagal 102 4

Airteagal 102 Meastóireacht, athbhreithniú agus tuarascáil ar dhul chun cinn

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 102 1

1.   Faoin 26 Márta 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht spriocdhírithe ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh a leasaithe. Cumhdófar an méid seo a leanas sa mheastóireacht sin:

(a)

na féidearthachtaí chun idir-inoibritheacht a leathnú tuilleadh idir córais RTS agus seirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte seachas na seirbhísí sin arna mbunú ag na Ballstáit;

(b)

an gá atá leis na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 51 agus na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 53(1) a nuashonrú;

(c)

cur chun feidhme agus úsáid na sásraí ag daoine nádúrtha chun roghnú gan bheith páirteach san úsáid thánaisteach dá dtagraítear in Airteagal 71, go háirithe maidir le tionchar na sásraí sin ar an tsláinte phoiblí, ar thaighde eolaíoch agus ar chearta bunúsacha;

(d)

úsáid agus cur chun feidhme aon bhirt níos déine a tugadh isteach de bhun Airteagal 51(5);

(e)

déanamh agus cur chun feidhme an chirt dá dtagraítear in Airteagal 8;

(f)

measúnú ar chreat deimhniúcháin do chórais RTS arna mbunú i gCaibidil III agus an gá atá le huirlisí breise a thabhairt isteach maidir le measúnú comhréireachta;

(g)

measúnú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do chórais RTS;

(h)

measúnú ar chostais agus ar thairbhí chur chun feidhme na bhforálacha maidir le húsáid thánaisteach a leagtar síos i gCaibidil IV;

(i)

cur i bhfeidhm táillí dá dtagraítear in Airteagal 62.

Airteagal 102 2

2.   Faoin 26 Márta 2035, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir lena leasú nó bearta iomchuí eile. Áireofar sa mheastóireacht sin measúnú ar éifeachtúlacht agus ar fheidhmiú na gcóras lena dtugtar rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte le haghaidh tuilleadh próiseála, a dhéanfar ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(7), maidir lena dtionchar ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 102 3

3.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh go cuí sna tuarascálacha sin.

Airteagal 102 4

4.   Gach bliain tar éis an 25 Márta 2025 go dtí deireadh na bliana ina mbeidh feidhm ag forálacha uile an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 105, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle maidir leis na hullmhúcháin do chur chun feidhme iomlán an Rialacháin seo. Beidh faisnéis sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn faoi mhéid an dul chun cinn agus faoi ullmhacht na mBallstát i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar a indéanta atá sé na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagal 105 a bhaint amach, agus féadfaidh moltaí do na Ballstáit a bheith inti freisin chun ullmhacht do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fheabhsú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.