+IARSCRÍBHINN Gnéithe inréiteachta
---+1. Leanúnachas oibríochtúil (a) a mhéid a sainaithníodh na hidirthuilleamaíochtaí ábhartha …
---+2. Rochtain ar bhonneagair margaí airgeadais A mhéid atá na próisis agus na socruithe is gá …
---+3. Indeighilteacht (a) a mhéid a rinne gnóthais nó grúpaí foinsí castachta míchuí a shainaithint, a …
---+4. Cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitilithe (a) a mhéid atá cumas ionsúcháin …
---+5. Leachtacht agus cistiú i gcás réitigh (a) a mhéid a d’fhéadfadh riachtanais leachtachta i gcás …
---+6. Córais faisnéise agus ceanglais sonraí A mhéid atá córais faisnéise bainistíochta …
---+7. Cumarsáid A mhéid atá pleananna cumarsáide i bhfeidhm ag gnóthais nó grúpaí chun cumarsáid …
---+8. Rialachas A mhéid atá próisis láidre rialachais ann lena n-éascaítear ullmhú agus cur chun …
---+9. Creidiúnacht agus tionchar (a) a mhéid a chomhlíonann an ghníomhaíocht réitigh na cuspóirí …
|
IARSCRÍBHINN Gnéithe inréiteachta
IARSCRÍBHINN Gnéithe inréiteachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Leanúnachas oibríochtúil (a) a mhéid a sainaithníodh na hidirthuilleamaíochtaí ábhartha …
|
|
1.
|
Leanúnachas oibríochtúil
|
(a)
|
a mhéid a sainaithníodh na hidirthuilleamaíochtaí ábhartha inmheánacha agus seachtracha, airgeadais agus oibríochtúla uile trí thagairt a dhéanamh do gach seirbhís agus ról ábhartha, lena n-áirítear an fhoireann, agus mapáilte ar eintitis dhlítheanacha, feidhmeanna criticiúla, príomhlínte gnó agus socruithe conarthacha gaolmhara;
|
|
(b)
|
a mhéid atá socruithe oibríochtúla leordhóthanacha i bhfeidhm chun leanúnachas na seirbhísí ábhartha a áirithiú is gá chun feidhmeanna criticiúla a chaomhnú, agus na príomhlínte gnó is gá chun an ghníomhaíocht réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus aon athstruchtúrú ina dhiaidh sin a dhéanamh, go háirithe trí aistrithe féideartha sócmhainní, ceart nó dliteanas, ról agus foirne a éascú;
|
|
(c)
|
a mhéid a rinneadh measúnú cuimsitheach ar rioscaí don leanúnachas oibríochtúil i gcás réitigh, lena n-áirítear faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil lenar féidir criticiúlacht na seirbhísí ábhartha a shainaithint, lena n-áirítear an tionchar a bheadh ag briseadh nó scor na seirbhísí ábhartha i gcás réitigh agus a n-inionadaitheacht;
|
|
(d)
|
a mhéid a maolaíodh rioscaí don leanúnachas oibríochtúil go héifeachtach agus bearta a bheith ann chun ullmhacht le haghaidh réitigh a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le forfheidhmiú socruithe leanúnachais le soláthraithe seachtracha tríú páirtí seirbhísí ábhartha;
|
|
|
|
2. Rochtain ar bhonneagair margaí airgeadais A mhéid atá na próisis agus na socruithe is gá …
|
|
2.
|
Rochtain ar bhonneagair margaí airgeadais
A mhéid atá na próisis agus na socruithe is gá bunaithe ag gnóthais nó ag grúpaí chun rochtain a choinneáil, roimh réiteach, le linn an réitigh agus ina dhiaidh, ar bhonneagair na margaí airgeadais agus ar sheirbhísí íocaíochta, imréitigh, glanta agus cumhdaigh arna soláthar ag idirghabhálaithe.
|
|
|
3. Indeighilteacht (a) a mhéid a rinne gnóthais nó grúpaí foinsí castachta míchuí a shainaithint, a …
|
|
3.
|
Indeighilteacht
|
(a)
|
a mhéid a rinne gnóthais nó grúpaí foinsí castachta míchuí a shainaithint, a laghdú agus, i gcás inar gá, a bhaint den struchtúr atá acu agus dá gcórais faisnéise, ar foinsí iad a bhfuil riosca ag baint leo do chur chun feidhme na gníomhaíochta réitigh, go háirithe leis an gcuspóir scaradh agus aistriú feidhmeanna criticiúla agus príomhlínte gnó a éascú;
|
|
(b)
|
a mhéid atá aistrí nó ceannaitheoir ar fáil do phunann nó gnó an ghnóthais;
|
|
|
|
4. Cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitilithe (a) a mhéid atá cumas ionsúcháin …
|
|
4.
|
Cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitilithe
|
(a)
|
a mhéid atá cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitilithe ann agus measúnú a dhéanamh an leor an cumas sin chun an plean réitigh a chur chun feidhme, lena n-áirítear infhaighteacht aon scéimeanna ráthaíochta árachais nó socruithe maoiniúcháin agus an inchreidteacht go mbeidh sealbhóir an chumais ionsúcháin caillteanais in ann caillteanais a iompar;
|
|
(b)
|
a mhéid atá socruithe leordhóthanacha ann chun aitheantas agus éifeachtacht trasteorann gníomhaíochtaí réitigh a áirithiú;
|
|
(c)
|
a mhéid is ann do shocruithe leordhóthanacha rialachais, próisis inmheánacha agus córais faisnéise bainistíochta chun tacú le forghníomhú oibríochtúil na díluachála nó an chomhshó, lena n-áirítear chun tacú le haistriú punann;
|
|
|
|
5. Leachtacht agus cistiú i gcás réitigh (a) a mhéid a d’fhéadfadh riachtanais leachtachta i gcás …
|
|
5.
|
Leachtacht agus cistiú i gcás réitigh
|
(a)
|
a mhéid a d’fhéadfadh riachtanais leachtachta i gcás réitigh teacht as samhail ghnó an ghnóthais nó an ghrúpa;
|
|
(b)
|
a mhéid atá próisis agus cumais chun (i) meastachán a dhéanamh ar na riachtanais leachtachta agus ar na riachtanais chistiúcháin chun an straitéis réitigh a chur chun feidhme, (ii) an staid leachtachta i réiteach a thuairisciú agus (iii) an chomhthaobhacht atá ar fáil a shainaithint agus a shlógadh ann agus is féidir iad a úsáid chun cistiú a fháil le linn an réitigh agus ina dhiaidh.
|
|
|
|
6. Córais faisnéise agus ceanglais sonraí A mhéid atá córais faisnéise bainistíochta …
|
|
6.
|
Córais faisnéise agus ceanglais sonraí
A mhéid atá córais faisnéise bainistíochta leordhóthanacha, cumais luachála agus bonneagar teicneolaíochta i bhfeidhm ag gnóthais nó ag grúpaí chun an fhaisnéis is gá a sholáthar chun (i) pleananna réitigh a fhorbairt agus a chothabháil, (ii) luacháil chóir, stuama agus réalaíoch a fhorghníomhú agus (iii) gníomhaíochtaí réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus faoi choinníollacha atá ag athrú go tapa freisin.
|
|
|
7. Cumarsáid A mhéid atá pleananna cumarsáide i bhfeidhm ag gnóthais nó grúpaí chun cumarsáid …
|
|
7.
|
Cumarsáid
A mhéid atá pleananna cumarsáide i bhfeidhm ag gnóthais nó grúpaí chun cumarsáid thráthúil, láidir agus chomhsheasmhach a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus chun tacú le cur chun feidhme na gníomhaíochta réitigh, chomh maith le socruithe rialachais chun feidhmiú éifeachtach na bpleananna seo a áirithiú.
|
|
|
8. Rialachas A mhéid atá próisis láidre rialachais ann lena n-éascaítear ullmhú agus cur chun …
|
|
8.
|
Rialachas
A mhéid atá próisis láidre rialachais ann lena n-éascaítear ullmhú agus cur chun feidhme na gníomhaíochta réitigh, lena n-áirítear (i) faisnéis ábhartha a sholáthar go tráthúil agus go cruinn ar bhonn tráthrialta agus ad hoc, (ii) formhaoirseacht éifeachtach le linn pleanála réitigh agus le linn géarchéime agus (iii) cinnteoireacht éifeachtúil tráth an réitigh.
|
|
|
9. Creidiúnacht agus tionchar (a) a mhéid a chomhlíonann an ghníomhaíocht réitigh na cuspóirí …
|
|
9.
|
Creidiúnacht agus tionchar
|
(a)
|
a mhéid a chomhlíonann an ghníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh agus a mhéid atá sí inchreidte, lena n-áirítear meastóireacht ar na tionchair dhóchúla ar shealbhóir polasaí, ar chreidiúnaithe, ar chontrapháirtithe, agus ar fhostaithe;
|
|
(b)
|
a mhéid is féidir meastóireacht leordhóthanach a dhéanamh ar thionchar réiteach an ghnóthais nó an ghrúpa ar an bhfíorgheilleagar nó ar an gcobhsaíocht airgeadais agus an éifeacht ghabhála a shrianadh, agus gníomhaíochtaí féideartha a d’fhéadfadh údaráis tríú tír a dhéanamh á gcur san áireamh;
|
|
(c)
|
a mhéid atá aon socruithe agus aon mhodhanna ann a d’fhéadfadh réiteach a éascú i gcás grúpaí a bhfuil foghnóthais acu atá bunaithe i ndlínsí éagsúla.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|