+IARSCRÍBHINN VII LIOSTA DE SHAMPLAÍ DE BHEARTA ATHCHÓIRIÚCHÁIN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(16)

IARSCRÍBHINN VII LIOSTA DE SHAMPLAÍ DE BHEARTA ATHCHÓIRIÚCHÁIN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(16)

IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA DE SHAMPLAÍ DE BHEARTA ATHCHÓIRIÚCHÁIN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(16)

(1)   

Bogaigh a athchóiriú, trí thailte móna draenáilte a athfhliuchadh, struchtúir draenála tailte móna a bhaint nó tochailt mhóna a bhaint agus a scor.

(2)   

Dálaí hidreolaíocha a fheabhsú trí chainníocht, cáilíocht agus dinimic na n-uiscí dromchla agus leibhéil screamhuisce i gcomhair éiceachórais nádúrtha agus leathnádúrtha a mhéadú.

(3)   

Cúngach scrobarnaí nach dteastaíonn nó plandálacha neamhdhúchasacha ar fhéarthailte, ar bhogaigh, ar fhoraoisí agus ar thalamh fásra scáinte a bhaint.

(4)   

Riascshaothrú a chur i bhfeidhm.

(5)   

Meánú aibhneacha a athbhunú agus lúba nó lúblochannna a gearradh go saorga a athcheangal.

(6)   

Fadbhacainní agus bacainní cliathánacha, amhail cladáin agus dambaí; níos mó spáis a thabhairt do dhinimic abhann agus stráicí abhann saorchúrsála a athchóiriú.

(7)   

Leapacha abhann agus lochanna agus sruthchúrsaí ísealchríche a athchóiriú, mar shampla, tríd an bhfosúchán leapa shaorga a bhaint, comhdhéanamh substráití a bharrfheabhsú, clúdach gnáthóige a fheabhsú nó a fhorbairt.

(8)   

Próisis dríodraithe nádúrtha a athchóiriú.

(9)   

Maoláin bhruachánacha a bhunú, amhail foraoisí bruachánacha, stráicí maolánacha, móinéir nó féaraigh.

(10)   

Gnéithe éiceolaíochta a mhéadú i bhforaoisí, amhail crainn mhóra, seanchrainn agus crainn atá ag fáil bháis (crainn gnáthóige) agus méideanna adhmaid mhairbh atá ina luí agus ina seasamh.

(11)   

Oibriú i dtreo struchtúr foraoise éagsúlaithe ó thaobh, mar shampla, comhdhéanamh agus aoise speiceas de, athghiniúint nádúrtha agus comharbas speiceas crann a chumasú.

(12)   

Cabhrú le haistriú bunáitíochtaí agus speiceas nuair is gá sin de bharr an athraithe aeráide.

(13)   

Éagsúlacht foraoise a fheabhsú trí mhósáic de ghnáthóga neamhfhoraoise a athchóiriú, amhail paistí oscailte féarthalún nó fraochmhá, linnte nó limistéir charraigeacha.

(14)   

Cuir chuige fhoraoiseachta ‘gar don dúlra’ nó ‘leanúnachais’ a úsáid; speiceas crann dúchasach a thabhairt isteach.

(15)   

Feabhas a chur ar fhorbairt foraoisí dúchasacha seanfháis agus ar chlampaí aibí, mar shampla, tríd an mbuaint a thréigean nó trí bhainistiú ghníomhach a thacaíonn le feidhmeanna uathrialála agus athléimneacht iomchuí a fhorbairt.

(16)   

Gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta a thabhairt isteach i dtalamh arúil agus féarthailte dianúsáide, amhail stráicí maolánacha, imill pháirce ina bhfuil bláthanna dúchasacha, fálta, crainn, foraoisí beaga, ballaí léibheannacha, linnte, conairí gnáthóige, clocha cora, etc.

(17)   

An limistéar talmhaíochta a mhéadú faoi réir cineálacha cur chuige bainistíochta agrai-éiceolaíocha amhail talmhaíocht orgánach nó agrafhoraoiseacht, ilchúraíocht agus uainíocht na mbarr, bainistiú comhtháite lotnaidí agus cothaitheach.

(18)   

Déine innilte nó córais bainte féir ar fhéarthailte a laghdú i gcás inarb ábhartha agus innilt fhairsing a athbhunú le beostoc intíre agus le córais fhairsinge bainte féir sna háiteanna a tréigeadh.

(19)   

Deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí ceimiceacha chomh maith le leasacháin aoiligh cheimiceacha agus leasacháin aoiligh ainmhithe nó a n-úsáid a laghdú.

(20)   

Deireadh a chur le féarthailte a threabhadh agus síolta féara táirgiúla a thabhairt isteach.

(21)   

Fáschoille ar chórais dumhcha intíre dhinimiciúla a bhaint d’fhonn dinimic ghaoithe nádúrtha a ath-chumasú i bhfabhar gnáthóga oscailte.

(22)   

Feabhas a chur ar an nascacht ar fud na ngnáthóg chun gur féidir daonraí speiceas a fhorbairt, agus chun go mbeidh malartú leordhóthanach aonair nó géiniteach ann, mar aon le himirce speiceas agus oiriúnú don athrú aeráide.

(23)   

An deis a thabhairt d’éiceachórais a ndinimic nádúrtha féin a fhorbairt, mar shampla tríd an saothrú a thréigean agus trí nádúrthacht agus fiántas a chur chun cinn.

(24)   

Speicis choimhthíocha ionracha a bhaint agus a rialú, agus tabhairt isteach speiceas nua a chosc nó a íoslaghdú.

(25)   

Tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú, mar shampla trí threalamh a úsáid ar lú a thionchar ar ghrinneall na farraige.

(26)   

Limistéir thábhachtacha sceathraí éisc agus iasclainne a athchóiriú.

(27)   

Struchtúir nó substráití a sholáthar chun filleadh na beatha muirí a spreagadh chun tacú le sceireacha coiréil, oisrí nó bolláin a athchóiriú.

(28)   

Móinéir féir mara agus foraoisí ceilpe a athchóiriú trí ghrinneall na farraige a chobhsú go gníomhach, brú a laghdú agus, i gcás inar féidir, brú a dhíothú nó trí iomadú gníomhach agus plandú gníomhach.

(29)   

Daonra na speiceas dúchasach saintréitheach atá ríthábhachtach d’éiceolaíocht na ngnáthóg muirí a athchóiriú nó a fheabhsú trí bhearta athchóiriúcháin éighníomhacha nó gníomhacha a dhéanamh, mar shampla, cinn óga a thabhairt isteach.

(30)   

Cineálacha éagsúla truaillithe mara a laghdú, amhail luchtú cothaitheach, truailliú torainn agus dramhaíl phlaistigh.

(31)   

Spásanna glasa uirbeacha a mhéadú ina bhfuil gnéithe éiceolaíocha, amhail páirceanna, crainn agus dáileachtaí coillearnaí, díonta glasa, féarthailte bláthanna fiáine, gairdíní, gairneoireacht chathrach, sráideanna a bhfuil crainn lena dtaobh, móinéir uirbeacha agus fálta, linnte agus sruthchúrsaí, agus éagsúlacht speiceas, speicis dhúchasacha, dálaí áitiúla agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, i measc nithe eile, á gcur san áireamh.

(32)   

Deireadh a chur le truailliú ó chógaisíocht, ó cheimiceáin ghuaiseacha, ó fhuíolluisce uirbeach agus tionsclaíoch, agus dramhaíl eile, lena n-áirítear bruscar agus plaistigh, nó sin a laghdú nó a leigheas mar aon le solas i ngach éiceachóras.

(33)   

Láithreáin athfhorbraíochta, iar-limistéir thionsclaíocha agus cairéil a thiontú ina láithreáin nádúrtha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.