+2. Sláinte an duine a chosaint
|
2. Sláinte an duine a chosaint
2. Sláinte an duine a chosaint
|
(a)
|
Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint shláinte an duine a lonnú ar bhealach ina gcuirfear sonraí iontaofa ar fáil faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
leibhéil tiúchana ag teophointí aerthruaillithe laistigh de na limistéir;
|
|
(ii)
|
leibhéil tiúchana i gceantair eile laistigh de na limistéir atá ina léiriú ar theagmháil an phobail i gcoitinne, i gcúlsuíomhanna uirbeacha agus i gcúlsuíomhanna tuaithe araon;
|
|
(iii)
|
i gcás arsanaice, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicile agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha, na rátaí deascaidh lena léirítear teagmháil indíreach an phobail tríd an mbiashlabhra;
|
|
|
(b)
|
déanfar pointí samplála a lonnú, go ginearálta, ar bhealach ina seachnófar tomhas ar mhicrea-thimpeallachtaí i ngarchomharsanacht an phointe samplála, rud a fhágann go ndéanfar, i gcás inarb indéanta, pointe samplála a lonnú ar bhealach ina mbeidh an t-aer sampláilte ionadaíoch d’aercháilíocht le haghaidh stráice sráide nach lú ná 100 m ar fad ag suíomhanna ina dtomhaistear rannchuidiú an tráchta bóithre, ar a laghad 25 m × 25 m ag suíomhanna ina dtomhaistear an rannchuidiú ó théamh baile, agus ar a laghad 250 m × 250 m ag suíomhanna ina dtomhaistear an rannchuidiú ó laithreáin thionsclaíocha nó ó fhoinsí eile amhail calafoirt nó aerfoirt;
|
|
(c)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht i dteophointí aerthruaillithe, déanfar pointí samplála a shuiteáil sna ceantair laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchaintí is airde is dócha a mbeidh an daonra i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le tréimhse mheánaithe na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna; beidh na pointí samplála lonnaithe, i gcás inarb ábhartha agus a mhéid is féidir, i gceantair inar dócha go mbeidh daonra íogair agus grúpaí leochaileacha i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le meántréimhse na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do limistéir chónaithe, scoileanna, ospidéil, saoráidí maireachtála cuidithe nó limistéir oifige;
|
|
(d)
|
déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna uirbeacha a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó na foinsí ábhartha go léir ar a leibhéal truaillithe; ní bheidh an chuid is mó den tionchar ag foinse aonair ar an leibhéal truaillithe ach amháin má tá a leithéid de chás tipiciúil i gceantar mór uirbeach; mar riail ghinearálta, beidh na pointí samplála sin ionadaíoch do roinnt ciliméadar cearnach;
|
|
(e)
|
déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna tuaithe a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó fhoinsí ábhartha ar a leibhéal truaillithe ach nach mbeidh tionchar ag limistéir uirbeacha, mórbhóithre nó láithreáin thionsclaíocha ina gcomharsanacht air, i.e. níos gaire ná 5 km, ar a leibhéal truaillithe;
|
|
(f)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tráchta bóithre, beidh pointí samplála suite ar bhealach ina soláthrófar sonraí ar na sráideanna ina dtarlaíonn na tiúchaintí is airde, agus méid tráchta (arb ionann é agus an dlús tráchta is mó sa limistéar), dálaí scaipthe áitiúla agus úsáid na talún spásúla (mar shampla i gcainneon sráide) á gcur san áireamh;
|
|
(g)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an téimh baile, suiteálfar pointí samplála ar chúl na gaoithe ó na príomhfhoinsí laistigh de phríomhthreo gaoithe ábhartha na bhfoinsí sin;
|
|
(h)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidithe foinsí tionsclaíocha, calafort nó aerfort, suiteálfar pointe samplála amháin ar a laghad ar chúl na gaoithe ón bpríomhfhoinse laistigh de phríomhthreo na gaoithe ábhartha, sa limistéar cónaithe is gaire; i gcás nach eol an tiúchan cúlra, déanfar pointe samplála breise a lonnú ar thaobh na gaoithe den phríomhfhoinse, i gcoibhneas le príomhthreo gaoithe ábhartha; féadfar na pointí samplála a shuíomh ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm BAT;
|
|
(i)
|
beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála; sna limistéir ina bhfuil leibhéal na dtruailleán aeir os cionn na tairsí measúnaithe, saineofar go soiléir an limistéar a bhfuil gach pointe samplála ionadaíoch dó; cumhdófar an limistéar iomlán, i gcás inar féidir, leis na limistéir ionadaíochais éagsúla a shainítear le haghaidh na bpointí samplála sin; maidir le tiúchaintí i gceantair laistigh de limistéir nach gcumhdaítear le pointí samplála an limistéir sin, déanfar iad a mheasúnú le modhanna iomchuí;
|
|
(j)
|
tabharfar aird ar an ngá le pointí samplála a lonnú ar oileáin i gcás ina bhfuil gá leis sin chun sláinte an duine a chosaint;
|
|
(k)
|
i gcás inar féidir, déanfar pointí samplála lena dtomhaistear arsanaic, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a chomhlonnú le pointí samplála le haghaidh PM10.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|