2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid measúnú ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag a gcustaiméirí ar bhonn agus i gcoinne aon fhíorais agus faisnéise ábhartha atá ar eolas acu nó atá ina seilbh acu. I gcás inar gá, tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid tosaíocht dá measúnú agus aird á tabhairt ar phráinn an idirbhirt nó na gníomhaíochta agus ar na rioscaí a dhéanann difear don Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe.
Beidh amhras, de bhun mhír 1, pointe (a), ar shaintréithe an chustaiméara agus a chontrapháirtithe, ar mhéid agus ar chineál an idirbhirt nó na gníomhaíochta, nó ar mhodhanna agus ar phatrúin an idirbhirt nó na gníomhaíochta, ar an nasc idir roinnt idirbheart nó gníomhaíochtaí, ar thionscnamh, ceann scríbe nó úsáid na gcistí, nó ar aon imthoisc eile is eol don eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear comhsheasmhacht an idirbhirt nó na gníomhaíochta leis an bhfaisnéis a fuarthas de bhun Chaibidil III lena n-áirítear próifíl riosca an chliaint.