+Airteagal 236 Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoin gCur Chuige IRB
---+Airteagal 236 1.
---+Airteagal 236 1a.
---+Airteagal 236 1b.
---+Airteagal 236 1c.
---+Airteagal 236 1d.
---+Airteagal 236 2.
---+Airteagal 236 3.
|
Airteagal 236 Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoin gCur Chuige IRB
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 236 1.
|
I gcás aon neamhchosanta lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith, ach gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid, agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3, cinnfidh an institiúid cuid chumhdaithe na neamhchosanta mar an luach is ísle de luach na neamhchosanta (E) agus luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa neamhchistithe (GA).
|
|
Airteagal 236 1a.
|
Institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta a úsáideann a meastacháin féin ar PD, ríomhfaidh sí méid na neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méid an chaillteanais ionchasaigh don chuid chumhdaithe de luach na neamhchosanta trí úsáid a bhaint as PD an tsoláthraí cosanta agus LGD is infheidhme i gcás neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta dá dtagraítear in Airteagal 161(1), i gcomhréir le mír 1b den Airteagal seo. I gcás fo-neamhchosaintí fo-ordaithe agus cosaint creidmheasa neamhchistithe neamh-fho-ordaithe, is é a bheidh san LGD atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir leis an gcuid chumhdaithe de luach na neamhchosanta an LGD atá bainteach le héilimh shinsearacha agus féadfaidh na hinstitiúidí cuntas a thabhairt ar aon chosaint creidmheasa chistithe lena n-urraítear an chosaint creidmheasa neamhchistithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
|
|
Airteagal 236 1b.
|
Ríomhfaidh institiúidí an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint fholuiteach trí úsáid a bhaint as an PD, an LGD a shonraítear i mír 1a den Airteagal seo, agus an fheidhm chéanna ualaithe riosca agus a úsáidtear i gcás neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta, agus úsáidfidh siad, i gcás inarb infheidhme, an aibíocht (M) a bhaineann leis an neamhchosaint fholuiteach, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 162.
|
|
Airteagal 236 1c.
|
Institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta a úsáideann an modh dá bhforáiltear in Airteagal 153(5), úsáidfidh siad an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint a chomhfhreagraíonn do na cinn dá bhforáiltear in Airteagail 153(5) agus 158(6).
|
|
Airteagal 236 1d.
|
D’ainneoin mhír 1c den Airteagal seo, déanfaidh institiúidí a úsáideann an modh dá bhforáiltear in Airteagal 153(5) chun Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ráthaithe an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint a ríomh trí úsáid a bhaint as an PD, an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta dá dtagraítear in Airteagal 161(1), i gcomhréir le mír 1b den Airteagal seo, agus an fheidhm chéanna ualaithe riosca agus a úsáidtear i gcás neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta, agus úsáidfidh siad, i gcás inarb infheidhme, an aibíocht (M) a bhaineann leis an neamhchosaint fholuiteach, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 162. I gcás neamhchosaintí fo-ordaithe agus cosaint creidmheasa neamhchistithe neamh-fho-ordaithe, is é a bheidh san LGD atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir leis an gcuid chumhdaithe de luach na neamhchosanta an LGD atá bainteach le héilimh shinsearacha agus féadfaidh na hinstitiúidí cuntas a thabhairt ar aon chosaint creidmheasa chistithe lena n-urraítear an chosaint creidmheasa neamhchistithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
|
|
Airteagal 236 2.
|
I gcás aon chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta (E), úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach a chomhfhreagraíonn don neamhchosaint fholuiteach. I gcás an ríomha a leagtar amach in Airteagal 159, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ginearálta nó sonracha ar bith i leith riosca creidmheasa nó coigeartuithe luacha breise ar bith arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34 a bhaineann le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide nó le laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an neamhchosaint seachas na hasbhaintí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m), a shannadh don chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta.
|
|
Airteagal 236 3.
|
Chun críocha an Airteagail seo, is é (GA) méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) arna ríomh faoi Airteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aon aisioncronacht aibíochta mar a leagtar síos i Roinn 5. den Chaibidil seo. Is é luach na neamhchosanta (E) luach na neamhchosanta arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 5. Déanfaidh institiúidí luach na neamhchosanta i gcás ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe seachas díorthaigh arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a ríomh trí úsáid a bhaint as CCF 100 % seachas as an SA-CCFanna nó IRB-CCF dá bhforáiltear in Airteagal 166(8), (8a) agus (8b).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|