Idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl mar a leanas:
ρkl = ρkl
(tranche) · ρkl
(tenor) · ρkl
(basis)
nuair is amhlaidh an méid a leanas:
beidh ρkl
(thranche) cothrom le 1 i gcás ina bhfuil an dá ainm de chuid íogaireachtaí k agus l laistigh den bhuicéad céanna agus ina mbaineann siad leis an tráinse céanna urrúsúcháin (níos mó ná 80 % d'fhorluí i dtéarmaí barúlacha) agus cothrom le 40 % i gcásanna eile;
beidh ρkl
(tenor) cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá rinn de chuid íogaireachtaí k agus l, agus cothrom le 80 % i gcásanna eile; agus
beidh ρkl
(basis) cothrom le 1 i gcás ina mbaineann an dá íogaireacht leis na cuair chéanna, agus cothrom le 99,90 % i gcásanna eile.