+16 Creat bainistíochta riosca
---+139. Mar chuid den chreat rialaithe inmheánach foriomlán, ba cheart go mbeadh creat bainistíochta …
---+140. Ba cheart go n-áireofaí i gcreat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta beartais …
---+141. Le creat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta, ba cheart treoir shonrach a …
---+142. Ba cheart go mbeadh an creat bainistíochta riosca faoi réir athbhreithniú inmheánach …
---+143. Nuair a bhíonn rioscaí á sainaithint agus á dtomhas nó á measúnú, ba cheart don ghnólacht …
---+144. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a chur san áireamh go bhfuil torthaí modheolaíochtaí …
---+145. Is ar an ngnólacht infheistíochta amháin atá an fhreagracht i ndeireadh na dála as an measúnú …
---+146. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a bheith ar an eolas faoi na srianta atá ar shamhlacha …
---+147. I dteannta leis na measúnuithe a dhéanann na gnólachtaí infheistíochta, féadfaidh gnólachtaí …
---+148. Ba cheart sásraí tuairiscithe rialta agus trédhearcacha a bhunú ionas go soláthrófar …
---+149. Tá cumarsáid agus feasacht éifeachtach maidir le rioscaí agus leis an straitéis riosca …
|
16 Creat bainistíochta riosca
16 Creat bainistíochta riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
139. Mar chuid den chreat rialaithe inmheánach foriomlán, ba cheart go mbeadh creat bainistíochta …
|
Mar chuid den chreat rialaithe inmheánach foriomlán, ba cheart go mbeadh creat bainistíochta riosca iomlánaíoch ag gnólachtaí infheistíochta atá ábhartha dá línte gnó agus aonaid inmheánacha uile, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, a thugann aitheantas iomlán don tsubstaint eacnamaíoch a bhaineann lena neamhchosaintí riosca uile lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann leis an ngnólacht infheistíochta féin, a chustaiméirí agus a mhargaí agus rioscaí leachtachta, go háirithe iad siúd ar féidir leo tionchar ábhartha a bheith acu ag leibhéal na gcistí dílse atá ar fáil nó a d’fhéadfadh an leibhéal cistí dílse atá ar fáil a ídiú. Ba cheart go gcuirfeadh an creat bainistíochta riosca ar chumas an ghnólachta infheistíochta cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le dul i riosca. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcuimseofaí sa chreat bainistíochta riosca gach riosca mar aon le rioscaí iarbhír agus rioscaí a d’fhéadfadh an gnólacht infheistíochta a bheith neamhchosanta orthu amach anseo. Ba cheart meastóireacht ón mbun aníos agus ón mbarr anuas a dhéanamh ar rioscaí, laistigh de réimeanna gnó agus thar línte gnó, trí úsáid á baint as téarmaíocht chomhsheasmhach agus modheolaíochtaí comhoiriúnacha ar fud an ghnólachta infheistíochta agus ag leibhéal comhdhlúite. Ba cheart na rioscaí ábhartha go léir a chuimsiú sa chreat bainistíochta riosca agus breithniú iomchuí a dhéanamh ar rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais araon, lena n-áirítear rioscaí margaidh, leachtachta, comhchruinnithe, oibríochtúla, TF, clú, dlí, iompair, comhlíonadh AML/CTF agus rioscaí eile airgeadais, ESG agus rioscaí straitéiseacha.
|
|
140. Ba cheart go n-áireofaí i gcreat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta beartais …
|
Ba cheart go n-áireofaí i gcreat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta beartais, nósanna imeachta, teorainneacha riosca agus rialuithe riosca lena n-áiritheofar sainaithint, tomhas nó measúnú atá leordhóthanach, tráthúil agus leanúnach, faireachán, bainistiú, maolú agus tuairisciú ar na rioscaí don líne ghnó, gnólacht infheistíochta agus ag na leibhéil chomhdhlúite.
|
|
141. Le creat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta, ba cheart treoir shonrach a …
|
Le creat bainistíochta riosca an ghnólachta infheistíochta, ba cheart treoir shonrach a sholáthar maidir le cur chun feidhme a straitéisí. Leis an treoir sin, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, teorainneacha inmheánacha a bhunú agus a chothabháil i gcomhréir le hinghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta agus i gcomhréir lena oibriú fónta, fóntacht airgeadais, bonn caipitil agus cuspóirí straitéiseacha. Ba cheart próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta a choinneáil laistigh de na teorainneacha bunaithe sin. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcreat bainistíochta riosca, aon uair a tharlaíonn sáruithe ar theorainneacha riosca, go bhfuil próiseas sainithe ann chun géarú a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt orthu trí nós imeachta leantach iomchuí.
|
|
142. Ba cheart go mbeadh an creat bainistíochta riosca faoi réir athbhreithniú inmheánach …
|
Ba cheart go mbeadh an creat bainistíochta riosca faoi réir athbhreithniú inmheánach neamhspleách, e.g. arna dhéanamh ag an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí, agus ba cheart athmheasúnú rialta a dhéanamh air ag féachaint d’inghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta, agus faisnéis ón bhfeidhm bainistíochta riosca agus ón gcoiste riosca á cur san áireamh, i gcás ina mbunaítear a leithéid. Áirítear i measc na bhfachtóirí ba cheart a mheas, forbairtí inmheánacha agus seachtracha, lena n-áirítear athruithe ar ioncam; aon mhéadú ar chastacht ghnó, próifíl riosca nó struchtúr oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta; leathnú geografach; cumaisc agus éadálacha; agus táirgí nó línte gnó nua a bhunú.
|
|
143. Nuair a bhíonn rioscaí á sainaithint agus á dtomhas nó á measúnú, ba cheart don ghnólacht …
|
Nuair a bhíonn rioscaí á sainaithint agus á dtomhas nó á measúnú, ba cheart don ghnólacht infheistíochta modheolaíochtaí iomchuí a fhorbairt lena n-áirítear uirlisí réamhbhreathnaitheacha agus siarbhreathnaitheacha araon. Ba cheart go n-áireofaí i measc na n-uirlisí sin measúnú ar an bpróifíl riosca iarbhír i gcomparáid le hinghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta, chomh maith le neamhchosaintí ar riosca féideartha agus i ndálaí anáis a shainaithint agus a mheasúnú faoi raon imthosca díobhálacha glactha i gcoinne acmhainn riosca an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart faisnéis a sholáthar sna huirlisí maidir le haon choigeartú ar an bpróifíl riosca a d’fhéadfadh a bheith riachtanach. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta toimhdí coimeádacha iomchuí a dhéanamh nuair a bhíonn cásanna anáis á bhforbairt.
|
|
144. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a chur san áireamh go bhfuil torthaí modheolaíochtaí …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a chur san áireamh go bhfuil torthaí modheolaíochtaí um measúnú cainníochtúil, lena n-áirítear tástáil struis, ag brath go mór ar theorainneacha agus ar thoimhdí na samhlacha (lena n-áirítear déine agus fad na turrainge agus na rioscaí foluiteacha). Mar shampla, d’fhéadfadh samhlacha a léiríonn torthaí an-ard ar chaipiteal eacnamaíoch a bheith mar thoradh ar laige sna samhlacha (e.g. roinnt rioscaí ábhartha a eisiamh) seachas ar straitéis níos fearr ná ar chur i gcrích sármhaith straitéise sa ghnólacht infheistíochta. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an cinneadh maidir le leibhéal an riosca a ghlactar bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil nó ar aschuir samhla amháin; ba cheart go mbeadh cur chuige cáilíochtúil san áireamh freisin (lena n-áirítear breithiúnas saineolach agus anailís chriticiúil). Ba cheart aghaidh a thabhairt go sainráite ar threochtaí agus ar shonraí maicreacnamaíocha ábhartha comhshaoil chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar neamhchosaintí agus ar phunanna a shainaithint.
|
|
145. Is ar an ngnólacht infheistíochta amháin atá an fhreagracht i ndeireadh na dála as an measúnú …
|
Is ar an ngnólacht infheistíochta amháin atá an fhreagracht i ndeireadh na dála as an measúnú riosca, agus ba cheart don ghnólacht sin, dá réir sin, meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar a rioscaí agus níor cheart dó brath go heisiach ar mheasúnuithe seachtracha.
|
|
146. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a bheith ar an eolas faoi na srianta atá ar shamhlacha …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a bheith ar an eolas faoi na srianta atá ar shamhlacha agus ar mhéadracht agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint, ní hamháin as uirlisí cainníochtúla ach as uirlisí cáilíochtúla measúnaithe riosca freisin (lena n-áirítear breithiúnas saineolach agus anailís chriticiúil).
|
|
147. I dteannta leis na measúnuithe a dhéanann na gnólachtaí infheistíochta, féadfaidh gnólachtaí …
|
I dteannta leis na measúnuithe a dhéanann na gnólachtaí infheistíochta, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta measúnuithe riosca seachtracha a úsáid (lena n-áirítear rátálacha creidmheasa seachtracha nó samhlacha riosca a ceannaíodh go seachtrach). Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ar an eolas faoi raon feidhme beacht measúnuithe den chineál sin agus na teorainneacha a bhaineann leo.
|
|
148. Ba cheart sásraí tuairiscithe rialta agus trédhearcacha a bhunú ionas go soláthrófar …
|
Ba cheart sásraí tuairiscithe rialta agus trédhearcacha a bhunú ionas go soláthrófar tuarascálacha don chomhlacht bainistíochta, dá choiste riosca, i gcás ina bhfuil a leithéid bunaithe, agus do gach aonad ábhartha i ngnólacht infheistíochta ar bhealach tráthúil, cruinn, gonta, intuigthe agus fiúntach agus ionas go mbeidh siad in ann faisnéis ábhartha a roinnt maidir le rioscaí a shainaithint, a thomhas nó a mheasúnú, agus maidir le faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar rioscaí. Ba cheart go mbeadh an creat tuairiscithe dea-shainithe agus doiciméadaithe.
|
|
149. Tá cumarsáid agus feasacht éifeachtach maidir le rioscaí agus leis an straitéis riosca …
|
Tá cumarsáid agus feasacht éifeachtach maidir le rioscaí agus leis an straitéis riosca ríthábhachtach i ndáil leis an bpróiseas bainistíochta riosca ar fad, lena n-áirítear na próisis athbhreithnithe agus chinnteoireachta, agus cabhraíonn sé le cinntí a chosc a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le riosca a mhéadú go haineolach. Is éard atá i gceist le tuairisciú éifeachtach rioscaí breithniú inmheánach fónta agus cur in iúl na straitéise riosca agus na sonraí riosca ábhartha (e.g. neamhchosaintí agus eochairtháscairí riosca), go cothrománach ar fud na ngnólachtaí infheistíochta agus feadh an tslabhra bainistíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|