+18.1 Ról RMF i straitéis agus cinntí riosca
---+166. Ba cheart go mbeadh RMF rannpháirteach go gníomhach go luath i straitéis riosca an ghnólachta …
---+167. Ba cheart go n-áiritheodh rannpháirtíocht RMF sna próisis chinnteoireachta go gcuirfear …

18.1 Ról RMF i straitéis agus cinntí riosca

18.1 Ról RMF i straitéis agus cinntí riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
166. Ba cheart go mbeadh RMF rannpháirteach go gníomhach go luath i straitéis riosca an ghnólachta …

Ba cheart go mbeadh RMF rannpháirteach go gníomhach go luath i straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta a fhorbairt agus a áirithiú go mbeidh próisis éifeachtacha bainistíochta riosca i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta. Ba cheart do RMF an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le riosca a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta ionas go mbeidh sé in ann leibhéal inghlacthachta riosca an ghnólachta infheistíochta a shocrú. Ba cheart do RMF stuamacht agus inbhuanaitheacht na straitéise riosca agus na hinghlacthachta riosca a mheas. Ba cheart go n-áiritheodh sé go n-aistrítear go hiomchuí an inghlacthacht riosca go teorainneacha riosca sonracha. Ba cheart do RMF measúnú a dhéanamh freisin ar straitéisí riosca aonad gnó, lena n-áirítear spriocanna arna moladh ag na haonaid ghnó, agus ba cheart go mbeadh sé rannpháirteach freisin sula ndéanann an comhlacht bainistíochta cinneadh maidir leis na straitéisí riosca agus an inghlacthacht riosca. Ba cheart go mbeadh spriocanna inchreidte agus comhsheasmhach le straitéis riosca agus inghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta.

167. Ba cheart go n-áiritheodh rannpháirtíocht RMF sna próisis chinnteoireachta go gcuirfear …

Ba cheart go n-áiritheodh rannpháirtíocht RMF sna próisis chinnteoireachta go gcuirfear breithniúcháin riosca san áireamh go hiomchuí. É sin ráite, ba cheart gurb iad na haonaid ghnó agus na haonaid inmheánacha a bheadh freagrach as na cinntí a dhéantar, agus i ndeireadh an dála, an comhlacht bainistíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/