+48. Nuair a bhíonn an éadáil bheartaithe nó an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha …
|
48. Nuair a bhíonn an éadáil bheartaithe nó an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha …
Nuair a bhíonn an éadáil bheartaithe nó an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2013/36/AE á meas, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, comhoibriú agus faisnéis a mhalartú leis na maoirseoirí AML/CFT ábhartha chun críche a measúnaithe, go háirithe maidir leis an measúnú ar na forais réasúnacha amhrais maidir le ML/TF i ndáil leis an bhfaighteoir beartaithe nó rioscaí ML/TF i ndiaidh na héadála beartaithe nó méadú na sealúchas cáilitheach9 . Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, faisnéis a iarraidh ón maoirseoir ábhartha AML/CFT chun measúnú a dhéanamh ar chritéar AML/CFT a bhunaítear in Airteagal 23(1)(e) de Threoir 2013/36/AE i gcomhréir le mír 14 de na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir leis an measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe ar shealúchais cháilitheacha.10
9 I gcomhréir le Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (EBA/GL/2021/06) agus leis na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir leis an measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe ar shealúchais cháilitheacha san earnáil baincéireachta, árachais agus urrús (JC/GL/2016/01). 10 Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe sealúchas cáilitheach san earnáil baincéireachta, árachais agus urrús (JC/GL/2016/01).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|