+6.2 Measúnú ar éadálacha beartaithe nó ar mhéaduithe ar shealúchais cháilitheacha
---+48. Nuair a bhíonn an éadáil bheartaithe nó an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha …
---+49. Ina theannta sin, i gcásanna ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis an institiúid nó …
---+50. Nuair a bhíonn faisnéis á lorg, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta a dhéanann an iarraidh an …
---+51. I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta cur i gcoinne na héadála beartaithe bunaithe ar …
---+52. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin ag maoirseoirí stuamachta, comhoibriú lena …
---+53. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, ar a dtionscnamh féin, faisnéis a roinnt le maoirseoirí …
---+54. Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs éadálacha beartaithe nó méaduithe beartaithe ar …

6.2 Measúnú ar éadálacha beartaithe nó ar mhéaduithe ar shealúchais cháilitheacha

Maoirseoirí stuamachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
48. Nuair a bhíonn an éadáil bheartaithe nó an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha …

Nuair a bhíonn an éadáil bheartaithe nó an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2013/36/AE á meas, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, comhoibriú agus faisnéis a mhalartú leis na maoirseoirí AML/CFT ábhartha chun críche a measúnaithe, go háirithe maidir leis an measúnú ar na forais réasúnacha amhrais maidir le ML/TF i ndáil leis an bhfaighteoir beartaithe nó rioscaí ML/TF i ndiaidh na héadála beartaithe nó méadú na sealúchas cáilitheach9 . Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, faisnéis a iarraidh ón maoirseoir ábhartha AML/CFT chun measúnú a dhéanamh ar chritéar AML/CFT a bhunaítear in Airteagal 23(1)(e) de Threoir 2013/36/AE i gcomhréir le mír 14 de na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir leis an measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe ar shealúchais cháilitheacha.10


9 I gcomhréir le Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (EBA/GL/2021/06) agus leis na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir leis an measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe ar shealúchais cháilitheacha san earnáil baincéireachta, árachais agus urrús (JC/GL/2016/01).

10 Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le measúnú stuamachta ar éadálacha agus ar mhéaduithe sealúchas cáilitheach san earnáil baincéireachta, árachais agus urrús (JC/GL/2016/01).

49. Ina theannta sin, i gcásanna ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis an institiúid nó …

Ina theannta sin, i gcásanna ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis an institiúid nó leis an iarratasóir, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta freisin, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a lorg ó aonaid um fhaisnéis airgeadais chun eolas a chur ar fáil dá measúnú ar iarratas ar éadáil nó méadú beartaithe ar shealúchais cháilitheachta. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta á dhéanamh nó go bhfuiltear ag iarraidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó go bhfuil riosca méadaithe ann ina leith i dtaca leis an institiúid nó leis an iarratasóir agus go háirithe i gcásanna ina mbeidh amhras ann, de bharr na faisnéise atá ar fáil, faoi dhlisteanacht thionscnamh na gcistí.

50. Nuair a bhíonn faisnéis á lorg, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta a dhéanann an iarraidh an …

Nuair a bhíonn faisnéis á lorg, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta a dhéanann an iarraidh an fhaisnéis ábhartha ar fad a cuireadh ar fáil nó a bhaineann leis an bhfógra de réir Airteagal 22(1) de Threoir 2013/36/AE a chur ar fáil. San iarraidh sin, ba cheart daoine dlítheanacha agus nádúrtha a shainaithint ar bhealach soiléir chun a áirithiú go soláthrófar sonraí don duine ceart.

51. I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta cur i gcoinne na héadála beartaithe bunaithe ar …

I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta cur i gcoinne na héadála beartaithe bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe ar chritéar AML/CFT a bhunaítear in Airteagal 23(1)(e) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an cinneadh ábhartha nó codanna den chinneadh a roinnt leis an maoirseoir ábhartha AML/CFT agus leis an aonad um fhaisnéis airgeadais.

Maoirseoirí AML/CFT

52. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin ag maoirseoirí stuamachta, comhoibriú lena …

Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin ag maoirseoirí stuamachta, comhoibriú lena measúnú ar an iarratasóir bunaithe ar AML/CFT chun measúnú a dhéanamh ar an éadáil nó ar an méadú atá beartaithe ar shealúchais cháilitheacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT faisnéis a lorg freisin ón aonad um fhaisnéis airgeadais mar chuid dá m(h)easúnú ar an iarratas, mura bhfuil a leithéid d’fhaisnéis ar fáil cheana féin don mhaoirseoir stuamachta nó murar lorg an maoirseoir stuamachta an fhaisnéis sin ón aonad um fhaisnéis airgeadais.

53. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, ar a dtionscnamh féin, faisnéis a roinnt le maoirseoirí …

Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, ar a dtionscnamh féin, faisnéis a roinnt le maoirseoirí stuamachta a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar éadálacha beartaithe nó méaduithe beartaithe ar shealúchais cháilitheacha i gcás ina bhfuil siad ar an eolas faoi fhíricí nua a bhaineann le ML/TF institiúidí, a scairshealbhóirí nó a gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhmeanna.

54. Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs éadálacha beartaithe nó méaduithe beartaithe ar …

Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs éadálacha beartaithe nó méaduithe beartaithe ar shealúchais cháilitheacha a chur ar fáil gan aon mhoill mhíchuí i bhfianaise an chreata ama dhlíthiúil ghearr atá ag an maoirseoir stuamachta chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/