+367. Ba cheart d’údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú ar bhonn easnaamh a …

367. Ba cheart d’údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú ar bhonn easnaamh a …

Ba cheart d’údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú ar bhonn easnaamh a shainaithnítear i rith na measúnuithe ar na gnéithe aonair de SREP agus measúnú foriomlán SREP, lena n-áirítear an scór, a chur san áireamh agus an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • a. ábharthacht na n-easnamh/leochaileachtaí agus an tionchar stuamachta a d’fhéadfadh a bheith ann mura dtabharfaí aghaidh ar an tsaincheist (i.e. cibé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach déileáil leis an tsaincheist trí bheart sonrach);
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil na bearta comhsheasmhach le/comhréireach lena measúnú foriomlán ar ghné ar leith de SREP (agus measúnú foriomlán SREP);
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta maoirseachta nó bearta riaracháin eile chun déileáil le heasnaimh/leochaileachtaí stuamachta a bhaineann le rioscaí ML/TF laistigh dá gcúram maoirseachta i ndiaidh dul i mbun idirchaidrimh le maoirseoirí ábhartha AML/CFT;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil aghaidh tugtha cheana féin ar na heasnaimh/leochaileachtaí nó an bhfuil siad clúdaithe ag bearta eile;
  • e. cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh an cuspóir céanna bainte amach ag bearta eile a bhfuil tionchar riaracháin agus teicniúil níos lú acu ar an ngnólacht infheistíochta;
  • f. an leibhéal is fearr agus tréimhse chur i bhfeidhm an bhirt chun an cuspóir maoirseachta a chomhlíonadh; agus

113

  • g. an fhéidearthacht go bhféadfadh na rioscaí agus na leochaileachtaí a shainaithnítear a bheith comhghaolmhar nó féin-threisithe, nó an dá rud, rud a chiallaíonn gur gá déine na mbeart maoirseachta a mhéadú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/