+Iarscríbhinn II – Maitrís chastachta chun IRRBB a thomhas

Iarscríbhinn II – Maitrís chastachta chun IRRBB a thomhas

Ba cheart d'institiúidí an leibhéal castachta atá luaite lena mbearta riosca sa tábla thíos atá ag comhfhreagairt dá gcatagóiriú faoi Threoirlínte SREP a chur i bhfeidhm. Sa chás go bhfuil castacht nó raon feidhme shamhail ghnó na hinstitiúide suntasach, d'ainneoin a méid, ba cheart don institiúid, bearta riosca a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chomhfhreagraíonn dá samhail ghnó shonrach agus ina gcuimsítear na híogaireachtaí ar fad go cuí. Ba cheart gach íogaireacht ábhartha a bhaineann leis na hathruithe ar ráta úis a ghabháil go cuí, lena n-áirítear íogaireacht do thoimhdí iompraíochta.

Ba cheart d'institiúidí a thairgeann táirgí airgeadais a bhfuil roghnaíochtaí leabaithe iontu córais tomhais a úsáid atá in ann spleáchas roghanna ar athruithe ráta úis a ghabháil go cuí. Ba cheart

d'institiúidí a sholáthraíonn roghnaíochtaíiompraíochta do chliaint úsáid a bhaint as cur chuige

samhaltaithe sreabhadh airgid choinníollaigh chun IRRBB a chainníochtú chomh fada is a bhaineann le hathruithe ar iompar cliant a d'fhéadfadh tarlú faoi chásanna difriúla struis a bhaineann le ráta úis.

Léirítear sna ceithre chatagóir dá dtagraítear dóibh sa tábla castachta thíos catagóiriú na n-institiúidí atá sonraithe i dTreoirlínte SREP an ÚBE. Léirítear sna catagóirí difriúla méid, struchtúr agus nádúr, raon agus castacht gníomhaíochtaí institiúidí; agus comhfhreagraíonn Catagóir 1 do na hinstitiúidí is casta.

Méadracht agus samhaltú IRRBBIonchais tháscacha mhaoirseachta maidir le méadracht agus samhaltú IRRBB ag brath ar chatagóir chastachta na hinstitiúide
Samhaltú MéadrachtInstitiúid Chatagóir Institiúidí Chatagóir Institiúidí Chatagóir 2 Institiúidí Chatagóir 1

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/