+14. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais raon feidhme, céimeanna agus ceanglais …

14. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais raon feidhme, céimeanna agus ceanglais …

Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais raon feidhme, céimeanna agus ceanglais maidir le coimeád taifead an mheasúnaithe réamh-chur chun feidhme a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta, lena n-áireofaí ar a laghad:

  • a) measúnú ar leordhóthanacht an réitigh maidir le hiomláine agus cruinneas na sonraí agus na ndoiciméad atá le bailiú, chomh maith le hiontaofacht agus neamhspleáchas na bhfoinsí faisnéise a úsáideann sé;
  • b) measúnú ar an tionchar a bheidh ag úsáid an chianréitigh ionduchtaithe cliant ar a rioscaí uile-ghnó, lena n-áirítear ML/TF, rioscaí oibríochtúla, clú agus dlíthiúla;
  • c) bearta maolaithe féideartha agus gníomhaíochtaí feabhais a shainaithint do gach riosca a shainaithnítear sa mheasúnú faoi litir b);
  • d) tástálacha chun rioscaí calaoise a mheasúnú, lena n-áirítear rioscaí calaoise pearsanaithe agus rioscaí eile teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (“TFC”) agus slándála, i gcomhréir le foráil 43 de Threoirlínte ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht riosca slándála;5
  • e) tástáil ceann go ceann ar fheidhmiú an réitigh ina ndírítear ar an gcliant/na cliaint, ar an táirge/na táirgí agus ar an tseirbhís/na seirbhísí a shainaithnítear sna cianbheartais agus cian-nósanna imeachta ionduchtaithe cliant.

5 ÚBE/GL/2019/04

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/