+4.3. Nuashonruithe ar na liostaí nó ar na cláir
---+16. Ba cheart d'údaráis inniúla faisnéis a bhaineann leis an liosta nó leis an gclár a phróiseáil …
---+17. Sa chás sonrach ina bhfuil an cinneadh glactha ag an údarás inniúil sa Bhallstát baile údarú …
---+18. A luaithe a gheobhaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát óstach an fhaisnéis a shonraítear faoi …
---+19. Ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát baile an t-údarás inniúil sa Bhallstát óstach a chur …
---+20. I gcás ina seolann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra den chéad uair i gcomhréir le …
---+21. Chun nuashonruithe ar na cláir náisiúnta ar fud an Aontais a éascú trí liosta lárnach de …

4.3. Nuashonruithe ar na liostaí nó ar na cláir

4.3. Nuashonruithe ar na liostaí nó ar na cláir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
16. Ba cheart d'údaráis inniúla faisnéis a bhaineann leis an liosta nó leis an gclár a phróiseáil …

Ba cheart d'údaráis inniúla faisnéis a bhaineann leis an liosta nó leis an gclár a phróiseáil agus an liosta nó an clár a nuashonrú uair amháin in aghaidh na seachtaine ar a laghad.

17. Sa chás sonrach ina bhfuil an cinneadh glactha ag an údarás inniúil sa Bhallstát baile údarú …

Sa chás sonrach ina bhfuil an cinneadh glactha ag an údarás inniúil sa Bhallstát baile údarú seirbhíseora creidmheasa a tharraingt siar chun gníomhaíochtaí seirbhíse creidmheasa a sholáthar nó cistí a fháil agus a shealbhú ó iasachtaithe, ba cheart don údarás inniúil ón mBallstát baile an fhaisnéis a leagtar amach i mír 9, pointe (i) agus, i gcás inarb infheidhme, mír 9, pointe (j) de na Treoirlínte seo a thabhairt cothrom le dáta tráth nach déanaí ná faoi dheireadh an dá lá oibre ina dhiaidh sin.

18. A luaithe a gheobhaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát óstach an fhaisnéis a shonraítear faoi …

A luaithe a gheobhaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát óstach an fhaisnéis a shonraítear faoi mhír 17 ón údarás inniúil sa Bhallstát baile, ba cheart dó a liosta nó a chlár a thabhairt cothrom le dáta tráth nach déanaí ná faoi dheireadh an dá lá oibre ina dhiaidh sin.

19. Ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát baile an t-údarás inniúil sa Bhallstát óstach a chur …

Ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát baile an t-údarás inniúil sa Bhallstát óstach a chur ar an eolas faoi aon athruithe atá ábhartha dá liosta nó dá gclár, tráth nach déanaí ná nuair a dhéanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile a liosta nó a chlár a nuashonrú. Ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát baile an fhaisnéis a sheoladh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát óstach trí mhodh cumarsáide meandrach agus inrianaithe agus tríd an teimpléad san Iarscríbhinn a úsáid.

20. I gcás ina seolann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra den chéad uair i gcomhréir le …

I gcás ina seolann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra den chéad uair i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Threoir (AE) 2021/2167 le haghaidh seirbhíseoir creidmheasa ar leith, ba cheart dó tic a chur le “fógra tosaigh” i roinn 1 den teimpléad agus roinn 2 a chomhlánú agus freisin an fhaisnéis neamhphoiblí i roinn 3 den teimpléad. I gcásanna seachas fógraí tosaigh, ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát baile aird a tharraingt ar an bhfaisnéis a d'athraigh ar an teimpléad i gcomparáid leis an bhfógra deireanach a sheol sé chuig an údarás inniúil sa Bhallstát óstach ar an teimpléad agus ba cheart dó, ar a laghad, ranna 1 agus 2 den teimpléad a chomhlánú.

21. Chun nuashonruithe ar na cláir náisiúnta ar fud an Aontais a éascú trí liosta lárnach de …

Chun nuashonruithe ar na cláir náisiúnta ar fud an Aontais a éascú trí liosta lárnach de sheoltaí ríomhphoist feidhmiúla, ba cheart d'údaráis inniúla ÚBE a chur ar an eolas faoin seoladh ríomhphoist ábhartha chun an liosta nó an clár a bhainistiú a luaithe a bhunófar a liosta nó a gclár náisiúnta faoi seach chomh maith le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an seoladh ríomhphoist sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/