+2.1. Ábhar agus raon feidhme
---+5. Sonraítear sna Treoirlínte seo na critéir chun na cásanna a shocrú ba cheart d’institiúidí a …
---+6. Sonraítear sna Treoirlínte seo freisin conas ba cheart tosca riosca a bhaineann leis an aeráid a …
---+7. Comhlánaíonn na Treoirlínte seo Treoirlínte ÚBE maidir le rioscaí ESG a bhainistiú …
---+8. Ina theannta sin, sonraítear tuilleadh sna Treoirlínte seo conas ba cheart d’institiúidí, a …
---+9. Tá raon feidhme na dTreoirlínte dírithe ar rioscaí comhshaoil agus tosaíocht á tabhairt don …
---+10. Ba cheart d’institiúidí agus d’údaráis inniúla na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir …

2.1. Ábhar agus raon feidhme

2.1. Ábhar agus raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
5. Sonraítear sna Treoirlínte seo na critéir chun na cásanna a shocrú ba cheart d’institiúidí a …

Sonraítear sna Treoirlínte seo na critéir chun na cásanna a shocrú ba cheart d’institiúidí a úsáid chun a n - athléimneacht i leith tionchair dhiúltacha fhadtéarmacha tosca comhshaoil a thástáil, go háirithe tosca a bhaineann leis an aeráid, i gcomhréir le hAirteagal 87a(3) agus Airteagal 87a(5), pointe (d) de Threoir 2013/36/AE2 .


2 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuama ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n - aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj) .

6. Sonraítear sna Treoirlínte seo freisin conas ba cheart tosca riosca a bhaineann leis an aeráid a …

Sonraítear sna Treoirlínte seo freisin conas ba cheart tosca riosca a bhaineann leis an aeráid a chomhtháthú i gcleachtadh tástála struis agus leagtar amach iontu critéir maidir le hanailís ar chásanna is féidir a úsáid chun tástáil a dhéanamh ar athléimneacht na hinstitiúide i leith tionchair dhiúltacha ghearrthéarmacha tosca comhshaoil.

7. Comhlánaíonn na Treoirlínte seo Treoirlínte ÚBE maidir le rioscaí ESG a bhainistiú …

Comhlánaíonn na Treoirlínte seo Treoirlínte ÚBE maidir le rioscaí ESG a bhainistiú (EBA/GL/2025/01)3 maidir le hanailís ar chásanna. Comhlánaíonn na Treoirlínte seo freisin Treoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis institiúidí (ÚBE/GL/2018/4)4 .


3 Sonraítear i dTreoirlínte ÚBE maidir le rioscaí ESG a bhainistiú na caigh deáin íosta agus na modheolaíochtaí tagartha chun rioscaí ESG a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Go háirithe, sonraítear iontu ábhar na bpleananna atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de CRD. Treoirlínte ÚBE maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a bhainistiú (ÚBE/GL/2025/01) .

4 Soláthraítear i dTreoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na n- institiúidí (ÚBE/GL/2018/04) ionchais, modheolaíochtaí agus próisis eagraíochtúla choiteanna maidir le feidhmíocht na tástála struis ag institiúidí, lena sonraítear conas ba cheart iad a chur san áireamh chun críocha leordhóthanachta caipitil agus bainistithe riosca.

8. Ina theannta sin, sonraítear tuilleadh sna Treoirlínte seo conas ba cheart d’institiúidí, a …

Ina theannta sin, sonraítear tuilleadh sna Treoirlínte seo conas ba cheart d’institiúidí, a fuair cead óna n - údarás inniúil an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IRB) a úsáid chun ceanglais cistí dílse a ríomh do chuid dá neamhchosaintí ar riosca creidmheasa nó dá neamhchosaintí uile ar riosca creidmheasa, cásanna tástála struis a shainiú agus a úsáid lena n- áirítear tionscnóirí riosca comhshaoil, go háirithe spreagaithe riosca fisiciúla agus spreagaithe riosca aistrithe a eascraíonn as athrú aeráide, mar chuid dá gcláir tástála struis ar riosca creidmheasa chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 177(2a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh5 .


5 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

9. Tá raon feidhme na dTreoirlínte dírithe ar rioscaí comhshaoil agus tosaíocht á tabhairt don …

Tá raon feidhme na dTreoirlínte dírithe ar rioscaí comhshaoil agus tosaíocht á tabhairt don aeráid mar a shonraítear sa sainordú. Féadfar tosca sóisialta agus rialachais a ionchorprú san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na Treoirlínte sin ar choinní oll go gceadaítear é sin leis na modheolaíochtaí sna réimsí sin.

10. Ba cheart d’institiúidí agus d’údaráis inniúla na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir …

Ba cheart d’institiúidí agus d’údaráis inniúla na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an leibhéal cur i bhfeidhm atá leagtha amach in Airteagal 109 de Threoir 2013/36/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/