+RIALACHÁN (AE) 2023/2631 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+TEIDEAL I ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE
------+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+TEIDEAL II CEANGLAIS MAIDIR LE hÚSÁID AN AINMNITHE ‘BANNA GLAS EORPACH’ NÓ ‘EUGB’
------+CAIBIDIL 1 Ceanglais a bhaineann le bannaí
---------+Airteagal 3 An t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’
---------+Airteagal 4 Úsáid na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha
------------+Airteagal 4 1.
------------+Airteagal 4 2.
------------+Airteagal 4 3.
---------+Airteagal 5 Solúbthacht in úsáid na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha
------------+Airteagal 5 1.
------------+Airteagal 5 2.
------------+Airteagal 5 3.
------------+Airteagal 5 4.
---------+Airteagal 6 Sócmhainní Airgeadais
------------+Airteagal 6 1.
------------+Airteagal 6 2.
---------+Airteagal 7 Pleananna CapEx
------------+Airteagal 7 1.
------------+Airteagal 7 2.
------------+Airteagal 7 3.
---------+Airteagal 8 Na critéir scagtha theicniúla agus marthanachta a chur i bhfeidhm
------------+Airteagal 8 1.
------------+Airteagal 8 2.
------------+Airteagal 8 3.
------------+Airteagal 8 4.
---------+Airteagal 9 Eisiaimh dlínsí neamhchomhoibríocha chun críocha cánach
------+CAIBIDIL 2 Trédhearcacht agus ceanglais maidir le hathbhreithniú seachtrach
---------+Airteagal 10 Bileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus athbhreithniú réamheisiúna
------------+Airteagal 10 1.
------------+Airteagal 10 2.
------------+Airteagal 10 3.
---------+Airteagal 11 Tuarascálacha leithdháilte agus athbhreithniú iareisiúna ar thuarascálacha leithdháilte
------------+Airteagal 11 1.
------------+Airteagal 11 2.
------------+Airteagal 11 3.
------------+Airteagal 11 4.
------------+Airteagal 11 5.
------------+Airteagal 11 6.
------------+Airteagal 11 7.
------------+Airteagal 11 8.
---------+Airteagal 12 Tuarascáil tionchair maidir le Bannaí Glasa Eorpacha
------------+Airteagal 12 1.
------------+Airteagal 12 2.
------------+Airteagal 12 3.
---------+Airteagal 13 Eisitheoirí ceannasacha
------------+Airteagal 13 1.
------------+Airteagal 13 2.
---------+Airteagal 14 Réamheolaire le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha
------------+Airteagal 14 1.
------------+Airteagal 14 2.
------------+Airteagal 14 3.
------------+Airteagal 14 4.
---------+Airteagal 15 Foilsiú ar shuíomh gréasáin an eisitheora agus fógra chuig ESMA agus údaráis inniúla
------------+Airteagal 15 1.
------------+Airteagal 15 2.
------------+Airteagal 15 3.
------------+Airteagal 15 4.
------------+Airteagal 15 5.
---------+Airteagal 15 a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
------------+Airteagal 15 a 1.
------------+Airteagal 15 a 2.
------------+Airteagal 15 a 3.
------------+Airteagal 15 a 4.
------------+Airteagal 15 a 5.
------------+Airteagal 15 a 6.
------+CAIBIDIL 3 Coinníollacha chun an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a úsáid i leith bannaí urrúsúcháin
---------+Airteagal 16 An t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a chur i bhfeidhm maidir le bannaí urrúsúcháin
------------+Airteagal 16 1.
------------+Airteagal 16 2.
------------+Airteagal 16 3.
---------+Airteagal 17 Bannaí a eisiamh a eisítear chun críche urrúsú sintéiseach
---------+Airteagal 18 Eisiaimh i gcomhair neamhchosaintí urrúsaithe áirithe
------------+Airteagal 18 1.
------------+Airteagal 18 2.
------------+Airteagal 18 3.
------------+Airteagal 18 4.
---------+Airteagal 19 Ceanglais bhreise nochta i gcás urrúsú
------------+Airteagal 19 1.
------------+Airteagal 19 2.
------------+Airteagal 19 3.
---+TEIDEAL III TEIMPLÉID NOCHTA ROGHNACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ A MHARGAÍTEAR MAR BHANNAÍ ATÁ INBHUANAITHE Ó THAOBH AN CHOMHSHAOIL DE AGUS LE hAGHAIDH BANNAÍ ATÁ NASCTHA LE hINBHUANAITHEACHT
------+Airteagal 20 Nochtaí réamheisiúna d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
---------+Airteagal 20 1.
---------+Airteagal 20 2.
---------+Airteagal 20 3.
---------+Airteagal 20 4.
------+Airteagal 21 Nochtaí iareisiúna tréimhsiúla d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
---------+Airteagal 21 1.
---------+Airteagal 21 2.
---------+Airteagal 21 3.
---------+Airteagal 21 4.
---+TEIDEAL IV ATHBHREITHNEOIRÍ SEACHTRACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ GLASA EORPACHA
------+CAIBIDIL 1 Coinníollacha le haghaidh athbhreithniú seachtrach ar Bhannaí Glasa Eorpacha
---------+Airteagal 22 Clárú
------------+Airteagal 22 1.
------------+Airteagal 22 2.
------------+Airteagal 22 3.
---------+Airteagal 23 Iarratas ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha
------------+Airteagal 23 1.
------------+Airteagal 23 2.
------------+Airteagal 23 3.
------------+Airteagal 23 4.
------------+Airteagal 23 5.
------------+Airteagal 23 6.
------------+Airteagal 23 7.
---------+Airteagal 24 Athruithe ábhartha maidir leis an gclárú
------------+Airteagal 24 1.
------------+Airteagal 24 2.
---------+Airteagal 25 Córas teanga
------+CAIBIDIL 2 Ceanglais eagraíochtúla, próisis agus doiciméid a bhaineann le rialachas
---------+Airteagal 26 Prionsabail ghinearálta
------------+Airteagal 26 1.
------------+Airteagal 26 2.
------------+Airteagal 26 3.
---------+Airteagal 27 Lucht bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí an bhoird
------------+Airteagal 27 1.
------------+Airteagal 27 2.
---------+Airteagal 28 Anailísithe agus fostaithe na n-athbhreithneoirí seachtracha, agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnúcháin na n-athbhreithneoirí seachtracha
------------+Airteagal 28 1.
------------+Airteagal 28 2.
------------+Airteagal 28 3.
---------+Airteagal 29 Feidhm chomhlíonta
------------+Airteagal 29 1.
------------+Airteagal 29 2.
------------+Airteagal 29 3.
------------+Airteagal 29 4.
---------+Airteagal 30 Beartais agus nósanna imeachta inmheánacha
------------+Airteagal 30 1.
------------+Airteagal 30 2.
------------+Airteagal 30 3.
---------+Airteagal 31 Modheolaíochtaí measúnaithe agus faisnéis a úsáidtear le haghaidh athbhreithnithe
------------+Airteagal 31 1.
------------+Airteagal 31 2.
------------+Airteagal 31 3.
------------+Airteagal 31 4.
---------+Airteagal 32 Earráidí i modheolaíochtaí measúnúcháin nó maidir lena gcur i bhfeidhm
------------+Airteagal 32 1.
------------+Airteagal 32 2.
---------+Airteagal 33 Seachfhoinsiú
------------+Airteagal 33 1.
------------+Airteagal 33 2.
------------+Airteagal 33 3.
------------+Airteagal 33 4.
------------+Airteagal 33 5.
------------+Airteagal 33 6.
------------+Airteagal 33 7.
---------+Airteagal 34 Ceanglais maidir le taifid a choimeád
------------+Airteagal 34 1.
------------+Airteagal 34 2.
------------+Airteagal 34 3.
---------+Airteagal 35 Coinbhleachtaí leasa agus rúndacht faisnéise
------------+Airteagal 35 1.
------------+Airteagal 35 2.
------------+Airteagal 35 3.
------------+Airteagal 35 4.
------------+Airteagal 35 5.
---------+Airteagal 36 Soláthar seirbhísí eile
------+CAIBIDIL 3 Athbhreithnithe
---------+Airteagal 37 Tagairtí do ESMA nó d’údaráis inniúla eile
---------+Airteagal 38 Athbhreithnithe a fhoilsiú
------------+Airteagal 38 1.
------------+Airteagal 38 2.
------------+Airteagal 38 3.
------+Caibidil 4 Soláthar seirbhísí a dhéanann athbhreithneoirí seachtracha tríú tír
---------+Airteagal 39 Forálacha ginearálta
------------+Airteagal 39 1.
------------+Airteagal 39 2.
------------+Airteagal 39 3.
------------+Airteagal 39 4.
------------+Airteagal 39 5.
------------+Airteagal 39 6.
------------+Airteagal 39 7.
------------+Airteagal 39 8.
------------+Airteagal 39 9.
---------+Airteagal 40 Cinneadh coibhéise
------------+Airteagal 40 1.
------------+Airteagal 40 2.
------------+Airteagal 40 3.
------------+Airteagal 40 4.
------------+Airteagal 40 5.
---------+Airteagal 41 Clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar
------------+Airteagal 41 1.
------------+Airteagal 41 2.
------------+Airteagal 41 3.
------------+Airteagal 41 4.
---------+Airteagal 42 Athbhreithneoir seachtrach tríú tír a aithint
------------+Airteagal 42 1.
------------+Airteagal 42 2.
------------+Airteagal 42 3.
------------+Airteagal 42 4.
------------+Airteagal 42 5.
------------+Airteagal 42 6.
------------+Airteagal 42 7.
------------+Airteagal 42 8.
------------+Airteagal 42 9.
---------+Airteagal 43 Formhuiniú seirbhísí a sholáthraítear i dtríú tír faoin Rialachán seo
------------+Airteagal 43 1.
------------+Airteagal 43 2.
------------+Airteagal 43 3.
------------+Airteagal 43 4.
------------+Airteagal 43 5.
------------+Airteagal 43 6.
------------+Airteagal 43 7.
------------+Airteagal 43 8.
---+TEIDEAL V MAOIRSEACHT ARNA DÉANAMH AG ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS AG ESMA
------+CAIBIDIL 1 Údaráis inniúla
---------+Airteagal 44 Maoirseacht arna déanamh ag údaráis inniúla
------------+Airteagal 44 1.
------------+Airteagal 44 2.
------------+Airteagal 44 3.
---------+Airteagal 45 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
------------+Airteagal 45 1.
------------+Airteagal 45 2.
------------+Airteagal 45 3.
------------+Airteagal 45 4.
---------+Airteagal 46 Comhar idir na húdaráis inniúla
------------+Airteagal 46 1.
------------+Airteagal 46 2.
------------+Airteagal 46 3.
------------+Airteagal 46 4.
------------+Airteagal 46 5.
------------+Airteagal 46 6.
------------+Airteagal 46 7.
---------+Airteagal 47 Rúndacht ghairmiúil
------------+Airteagal 47 1.
------------+Airteagal 47 2.
---------+Airteagal 48 Bearta réamhchúraim
------------+Airteagal 48 1.
------------+Airteagal 48 2.
------------+Airteagal 48 3.
---------+Airteagal 49 Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
------------+Airteagal 49 1.
------------+Airteagal 49 2.
------------+Airteagal 49 3.
------------+Airteagal 49 4.
------------+Airteagal 49 5.
---------+Airteagal 50 Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha pionós a fheidhmiú
------------+Airteagal 50 1.
------------+Airteagal 50 2.
---------+Airteagal 51 Ceart achomhairc
---------+Airteagal 52 Cinntí a fhoilsiú
------------+Airteagal 52 1.
------------+Airteagal 52 2.
------------+Airteagal 52 3.
------------+Airteagal 52 4.
---------+Airteagal 53 Tuairisciú ar phionóis riaracháin agus ar bhearta riaracháin eile do ESMA
------------+Airteagal 53 1.
------------+Airteagal 53 2.
------------+Airteagal 53 3.
------------+Airteagal 53 4.
------+CAIBIDIL 2 ESMA
---------+Airteagal 54 Iarrataí ar fhaisnéis
------------+Airteagal 54 1.
------------+Airteagal 54 2.
------------+Airteagal 54 3.
------------+Airteagal 54 4.
------------+Airteagal 54 5.
---------+Airteagal 55 Imscrúduithe ginearálta
------------+Airteagal 55 1.
------------+Airteagal 55 2.
------------+Airteagal 55 3.
------------+Airteagal 55 4.
------------+Airteagal 55 5.
------------+Airteagal 55 6.
---------+Airteagal 56 Cigireachtaí ar an láthair
------------+Airteagal 56 1.
------------+Airteagal 56 2.
------------+Airteagal 56 3.
------------+Airteagal 56 4.
------------+Airteagal 56 5.
------------+Airteagal 56 6.
------------+Airteagal 56 7.
------------+Airteagal 56 8.
------------+Airteagal 56 9.
---------+Airteagal 57 Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 54, 55 agus 56 a fheidhmiú
---------+Airteagal 58 Malartú faisnéise
------------+Airteagal 58 1.
------------+Airteagal 58 2.
---------+Airteagal 59 Bearta maoirseachta ESMA
------------+Airteagal 59 1.
------------+Airteagal 59 2.
------------+Airteagal 59 3.
------------+Airteagal 59 4.
---------+Airteagal 60 Fíneálacha
------------+Airteagal 60 1.
------------+Airteagal 60 2.
------------+Airteagal 60 3.
------------+Airteagal 60 4.
---------+Airteagal 61 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
------------+Airteagal 61 1.
------------+Airteagal 61 2.
------------+Airteagal 61 3.
------------+Airteagal 61 4.
---------+Airteagal 62 Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
------------+Airteagal 62 1.
------------+Airteagal 62 2.
------------+Airteagal 62 3.
------------+Airteagal 62 4.
------------+Airteagal 62 5.
---------+Airteagal 63 Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur
------------+Airteagal 63 1.
------------+Airteagal 63 2.
------------+Airteagal 63 3.
------------+Airteagal 63 4.
------------+Airteagal 63 5.
------------+Airteagal 63 6.
------------+Airteagal 63 7.
------------+Airteagal 63 8.
------------+Airteagal 63 9.
------------+Airteagal 63 10.
------------+Airteagal 63 11.
---------+Airteagal 64 Éisteacht na ndaoine atá faoi réir cinntí de bhun Airteagail 59, 60 agus 61
------------+Airteagal 64 1.
------------+Airteagal 64 2.
------------+Airteagal 64 3.
---------+Airteagal 65 Athbhreithniú ón gCúirt Bhreithiúnais
---------+Airteagal 66 Táillí clárúcháin, aitheantais agus maoirseachta
------------+Airteagal 66 1.
------------+Airteagal 66 2.
------------+Airteagal 66 3.
------------+Airteagal 66 4.
---------+Airteagal 67 Clár ESMA d’athbhreithneoirí seachtracha agus athbhreithneoirí seachtracha tríú tír
------------+Airteagal 67 1.
------------+Airteagal 67 2.
------------+Airteagal 67 3.
---+TEIDEAL VI GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
------+Airteagal 68 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 68 1.
---------+Airteagal 68 2.
---------+Airteagal 68 3.
---------+Airteagal 68 4.
---------+Airteagal 68 5.
---------+Airteagal 68 6.
---+TEIDEAL VII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 69 Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hathbhreithneoirí seachtracha
---------+Airteagal 69 1.
---------+Airteagal 69 2.
---------+Airteagal 69 3.
------+Airteagal 70 Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír
---------+Airteagal 70 1.
---------+Airteagal 70 2.
---------+Airteagal 70 3.
------+Airteagal 71 Athbhreithniú
---------+Airteagal 71 1.
---------+Airteagal 71 2.
---------+Airteagal 71 3.
---------+Airteagal 71 4.
---------+Airteagal 71 5.
---------+Airteagal 71 6.
---------+Airteagal 71 7.
---------+Airteagal 71 8.
------+Airteagal 72 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---------+Airteagal 72 1.
---------+Airteagal 72 2.
---------+Airteagal 72 3.
---------+Airteagal 72 4.
---------+Airteagal 72 5.
---+IARSCRÍBHINN I BILEOG FÍRICÍ MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
---+IARSCRÍBHINN II TUARASCÁIL LEITHDHÁILTE BHLIANTÚIL MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
---+IARSCRÍBHINN III TUARASCÁIL TIONCHAIR MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
---+ANNEX IV CONTENTS OF PRE-ISSUANCE, POST-ISSUANCE OR IMPACT REPORT REVIEWS
|
English -
European Union -
Financial Industry -
Capital Markets -
Sustainability -
RIALACHÁN (AE) 2023/2631 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2023/2631 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Samhain 2023
maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
TEIDEAL I ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE
|
TEIDEAL I ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE
|
|
TEIDEAL II CEANGLAIS MAIDIR LE hÚSÁID AN AINMNITHE ‘BANNA GLAS EORPACH’ NÓ ‘EUGB’
|
TEIDEAL II CEANGLAIS MAIDIR LE hÚSÁID AN AINMNITHE ‘BANNA GLAS EORPACH’ NÓ ‘EUGB’
|
|
TEIDEAL III TEIMPLÉID NOCHTA ROGHNACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ A MHARGAÍTEAR MAR BHANNAÍ ATÁ INBHUANAITHE Ó THAOBH AN CHOMHSHAOIL DE AGUS LE hAGHAIDH BANNAÍ ATÁ NASCTHA LE hINBHUANAITHEACHT
|
TEIDEAL III TEIMPLÉID NOCHTA ROGHNACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ A MHARGAÍTEAR MAR BHANNAÍ ATÁ INBHUANAITHE Ó THAOBH AN CHOMHSHAOIL DE AGUS LE hAGHAIDH BANNAÍ ATÁ NASCTHA LE hINBHUANAITHEACHT
|
|
TEIDEAL IV ATHBHREITHNEOIRÍ SEACHTRACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ GLASA EORPACHA
|
TEIDEAL IV ATHBHREITHNEOIRÍ SEACHTRACHA LE hAGHAIDH BANNAÍ GLASA EORPACHA
|
|
TEIDEAL V MAOIRSEACHT ARNA DÉANAMH AG ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS AG ESMA
|
TEIDEAL V MAOIRSEACHT ARNA DÉANAMH AG ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS AG ESMA
|
|
TEIDEAL VI GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
|
TEIDEAL VI GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
|
|
TEIDEAL VII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
TEIDEAL VII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I BILEOG FÍRICÍ MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
|
IARSCRÍBHINN I
BILEOG FÍRICÍ MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná formhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.
|
1. Faisnéis ghinearálta
— [Dáta foilsithe na bileoige fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha]
— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]
— [I gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]
— [Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]
— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, ainm an bhanna/na mbannaí arna sannadh ag an eisitheoir]
— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí]
— [I gcás ina bhfuil sé ar fáil, an dáta nó an tréimhse eisiúna atá beartaithe]
— [Céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh]
— [Más infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí]
|
|
2. Faisnéis thábhachtach
— [An ráiteas seo a leanas: “[Úsáideann an banna seo] [Úsáideann na bannaí seo] an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)].”]
— [I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, an ráiteas seo a leanas: ‘[Baineann an Banna Glas Eorpach seo] [Baineann na Bannaí Glasa Eorpacha seo] úsáid as an tsolúbthacht lena gceadaítear neamhailíniú páirteach leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘na critéir scagtha theicniúla’), mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 4 den bhileog fíricí seo.’]
|
|
3. Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht
[Ráiteas faoi cibé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir athbhreithniú seachtrach a fháil ar an bhfaisnéis arna cur isteach faoin Roinn seo trí athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair.]
Forléargas
— [Faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an banna/na bannaí le straitéis chomhshaoil níos leithne an eisitheora, lena n-áirítear na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 arna saothrú ag an mbanna/na bannaí.]
Nasc le príomhtháscairí feidhmíochta na sócmhainní, an láimhdeachais, CapEx, agus OpEx
— [A mhéid atá siad ar fáil don eisitheoir tráth na heisiúna, agus i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, tuairisc ar conas agus a mhéid (e.g. arna sloinneadh mar athrú céatadáin measta bliain ar bhliain) a mheastar go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le príomhtháscairí feidhmíochta an eisitheora maidir le sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe, láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin.]
Nasc chuig na pleananna um aistriú
— [I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó i gcás ina bhfoilsíonn an t-eisitheoir pleananna um aistriú dá dheoin féin:
—
— an tslí ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur chun feidhme na bpleananna sin. Féadfar an fhaisnéis a thabhairt ar leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche nó ar leibhéal tionscadail ar thionscadal; agus
— nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]
Urrúsú
[I gcás inarb infheidhme i gcás urrúsú, tuairisc ar an mbealach ina gcomhlíontar Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 19(2) den Rialachán sin.]
|
|
4. Leithdháileadh beartaithe na bhfáltas ó bhannaí
[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]
Leithdháileadh beartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe
— [Cé acu atá nó nach bhfuil fáltais á leithdháileadh ag an eisitheoir i gcomhréir le cur chuige céimseach nó cur chuige na punainne, agus an banna urrúsúcháin é an banna/an bannaí urrúsúcháin iad na bannaí.]
— [An cion íosta d’fháltais ó bhannaí a cheanglaítear de réir phleananna an eisitheora atá le húsáid do ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, de réir na modheolaíochta sa tuarascáil leithdháilte (85 % ar a laghad a bheidh sa chion]: [XX] % d’fháltais ó bhannaí.]
— [I gcás ina bhfuil fáil air, léiriú ar sciar na bhfáltas ó bhannaí atá le húsáid don mhaoiniú (i mbliain na heisiúna nó tar éis bhliana na heisiúna) agus don athmhaoiniú.]
— [I gcás inar ceannasaí é an t-eisitheoir, agus ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar fhaoiseamh cánach mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, meastachán ar mhéid ionchasach an chaillteanais ioncaim a bhaineann le faoiseamh cánach incháilithe.]
— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, an cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.]
— [Maidir le gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil sé beartaithe fáltais a leithdháileadh orthu, faisnéis maidir lena gcineálacha, lena n-earnálacha, agus lena gcóid NACE faoi seach i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).]
Leithdháileadh beartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe sonracha
— [I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó ar ghníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach, cineál na gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó na gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí a bheartaítear a mhainiú agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, méid agus cion na bhfáltas atá beartaithe a leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí.]
— [I gcás inarb infheidhme, méid agus sciar na bhfáltas a bheartaítear a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás iontaise i gcomhréir le hAirteagail 10(2) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2020/852.
Leithdháileadh beartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla
— [I gcás ina bhfuil sé beartaithe fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas go bhfuil sé beartaithe na fáltais [glanfháltais] ón mbanna a leithdháileadh i bpáirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla. Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar an neamhailíniú sin, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus, i gcás ina mbeidh fáil air, ar chéatadán measta na bhfáltas atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú ar bhonn iomlán agus in aghaidh na gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe nó ar na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 atá á n-úsáid. Thairis sin, míniú ar cén fáth nach féidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir a áirithiú go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852.]
Próiseas agus amlíne maidir le leithdháileadh
[An t-am measta tar éis bannaí a eisiúint go dtí leithdháileadh iomlán na bhfáltas ó bhannaí.]
[Tuairisc ar na próisis trína ndéanfaidh an t-eisitheoir amach cén chaoi a dtagann tionscadail leis na critéir i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘na ceanglais maidir le tacsanomaíocht’]
Costais eisiúna
[Meastachán ar mhéid na gcostas eisiúna carnach a asbhaintear as na fáltais, mar a cheadaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/2631, maille le míniú tionlacain.]
|
|
5. Tionchar comhshaoil na bhfáltas ó bhannaí
[Más ann dóibh, meastachán ar na tionchair chomhshaoil a mheastar a bheidh ag fáltais ón mbanna/ó na bannaí. I gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin, ní mór údar a thabhairt leis sin]
|
|
6. Faisnéis faoi thuairisciú
[Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2023/2631]
[I gcás inarb infheidhme, nasc le tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite. De bhun Threoir 2013/34/AE.]
An dáta a thosaíonn an chéad tréimhse tuairiscithe, murab ionann é agus an dáta eisiúna, mar a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.
— [Léiriú maidir le cibé acu a chuimseoidh nó nach gcuimseoidh tuarascálacha leithdháilte faisnéis de réir tionscadail faoi mhéideanna arna leithdháileadh agus na tionchair chomhshaoil a bhfuil súil leo]
|
|
7. Plean CapEx
— [I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar an bplean le haghaidh caiteachas caipitil (CapEx) dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2631, lena n-áirítear na príomhpharaiméadair arna n-úsáid ag an eisitheoir chun ailíniú na sócmhainní nó na ngníomhaíochtaí ábhartha leis na ceanglais maidir le tacsanomaíochta chinneadh faoi dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin]
|
|
8. Faisnéis ábhartha eile
|
(1)
Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L 2023/2631, 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).
(2)
Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(3)
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(4)
Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
|
[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí sa doiciméad seo don eisitheoir a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad.]
|
|
IARSCRÍBHINN II TUARASCÁIL LEITHDHÁILTE BHLIANTÚIL MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
|
IARSCRÍBHINN II
TUARASCÁIL LEITHDHÁILTE BHLIANTÚIL MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
[i gcás ina ndéantar an tuarascáil leithdháilte a athbhreithniú, léireofar é sin sa teideal]
Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná formhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.
|
1. Faisnéis ghinearálta
— [Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]
— [Dáta foilsithe na tuarascála leithdháilte]]
— [An chéad dáta agus an dáta deireanach den tréimhse dá dtagraíonn an tuarascáil leithdháilte bhliantúil: [dáta — dáta]]
— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]
— [I gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]
— [Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]
— [I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna sannadh ag an eisitheoir]
— [I gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a dtráinsí]
— [I gcás ina raibh an tuarascáil leithdháilte faoi réir athbhreithniú iareisiúna, céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh]
— [Más infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí bannaí]
|
|
2. Faisnéis thábhachtach
[An ráiteas seo a leanas: “[Úsáideann an banna seo] [Úsáideann na bannaí seo] an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).]
[I gcás ina bhfuil sé beartaithe na fáltais ó na bannaí a bheith leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, an ráiteas seo a leanas: “[Baineann an Banna Glas Eorpach seo] [Baineann na Bannaí Glasa Eorpacha seo] úsáid as an tsolúbthacht lena gceadaítear neamhailíniú páirteach leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘na critéir scagtha theicniúla’), mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 4 den tuarascáil leithdháilte seo.”]”
|
|
3. Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht
Forléargas
[Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 arna saothrú leis an mbanna/na bannaí]*;
Nasc le príomhtháscairí feidhmíochta na sócmhainní, an láimhdeachais, CapEx, agus OpEx
[I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, tuairisc ar conas agus, a mhéid (e.g. arna shloinneadh mar athrú céatadáin bliain ar bhliain), agus ina gcuireann fáltais ó bhannaí le príomhtháscairí feidhmíochta an eisitheora maidir le sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe, láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin, agus na méideanna sa tábla ‘Iomláin’ i dTábla A, i gcás inarb infheidhme, á gcur san áireamh.]
Nasc chuig an bplean um aistriú
[I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó i gcás ina bhfoilsíonn an t-eisitheoir pleananna aistrithe dá dheoin féin:
— an modh ina rannchuidíonn fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur i ngníomh na bpleananna sin. Féadfar an fhaisnéis a thabhairt ar leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche nó ar leibhéal tionscadail ar thionscadal; agus
— nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]
Urrúsú
[I gcás inarb infheidhme i gcás urrúsú, an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2023/2631]
|
|
4. Leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí
[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2361, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]
Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe
— [Cibé acu atá nó nach bhfuil fáltais á leithdháileadh ag an eisitheoir i gcomhréir leis an gcur chuige céimnitheach nó le cur chuige na punainne, agus an banna urrúsúcháin é an banna/an bannaí urrúsúcháin iad na bannaí.]
— [I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas nár athraíodh comhdhéanamh phunann na sócmhainní airgeadais agus/nó na sócmhainní seasta, i gcomparáid leis an mbliain a chumhdaítear leis an tuarascáil leithdháilte roimhe sin.]
— [Comhlánóidh an t-eisitheoir Tábla A nó Tábla B thíos, ag brath ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an cur chuige céimseach nó cur chuige na punainne i leith leithdháileadh na bhfáltas. Déanfar na hiomláin chomhfhreagracha a chomhlánú freisin.]
— [Dearbhú maidir le hAirteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/852 (coimircí íosta) a chomhlíonadh;
— [I gcás inar ceannasaí é an t-eisitheoir, agus inar leithdháileadh fáltais ó bhannaí ar fhaoiseamh cánach mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, meastachán ar an gcaillteanas ioncaim a bhaineann le faoiseamh cánach incháilithe.]
Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe sonracha
— [I gcás ina leithdháiltear fáltais ó bhannaí ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó gníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach, cineál na ngníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí a mhaoinítear agus méid agus cion na bhfáltas a leithdháiltear ar gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí.]
— [I gcás inarb infheidhme, méid agus sciar na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás iontaise i gcomhréir le hAirteagail 10(2) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2020/852.]
Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla
— [I gcás ina ndéantar fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas go bhfuil na fáltais [glanfháltais] ón mbanna a leithdháileadh i bpáirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla. Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar an neamhailíniú sin, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus ar chéatadán na bhfáltas a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin ar bhonn iomlán na gníomhaíochta agus ar bhonn in aghaidh na gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe nó na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 atá á n-úsáid. Thairis sin, míniú ar cén fáth nach féidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sé áirithithe ag an eisitheoir go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852.]
Costais eisiúna
— [Meastachán ar mhéid na gcostas eisiúna carnach a asbhaintear as na fáltais, mar a cheadaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/2631, maille le míniú tionlacain.]
|
|
5. Tionchar comhshaoil na bhfáltas ó bhannaí
[Ní cheanglaítear aon fhaisnéis a sholáthar faoin Roinn seo den tuarascáil.]
|
|
6. Faisnéis faoi thuairisciú
— [Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.]
— [I gcás inarb infheidhme, nasc le tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Threoir 2013/34/AE.]
|
|
7. Plean CapEx
— [I gcás inarb infheidhme, an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cur chun feidhme phlean CapEx dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2631 agus an dáta a mheastar a dtabharfar na tionscadail chun críche ann.]
— [I gcás ina raibh aon mhoill nó diallas ag a bhfuil tionchar suntasach ar chur chun feidhme phlean CapEx, tabharfaidh an t-eisitheoir na cúiseanna leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin.]
— [I gcás inarb infheidhme, an plean dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán sin.]
|
|
8. Faisnéis ábhartha eile
|
(1)
Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 November 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).
(2)
Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(3)
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
|
[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí don eisitheoir sa doiciméad seo a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad.]
Tábla A: Faisnéis maidir le hailíniú tacsanamaíochta fáltas le haghaidh bannaí lena n-úsáidtear an cur chuige céimneach maidir le leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí
[Soláthrófar an fhaisnéis sa tábla thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3), féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]
Cumhdaítear leis an bhfaisnéis sa tábla thíos an tréimhse ó eisiúint an bhanna lena mbaineann, suas go dtí an dáta tuairiscithe.
|
1. Ainm, suíomh agus tuairisc an tionscadail (nó grúpa tionscadal nó gníomhaíochta eacnamaíche)
|
|
1.1. (le haghaidh gach tionscadail/grúpa tionscadal/gníomhaíochta eacnamaíche, de réir mar is infheidhme) [Ainm]
|
|
1.2. [Suíomh]
|
|
1.3. [Tuairisc bhunúsach]
|
|
2. Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí
|
|
2.1. [fáltais ó bhannaí arna leithdháileadh ar an tionscadal/grúpa tionscadal/gníomhaíocht eacnamaíoch seo ón dáta eisiúna]
|
|
2.2. [fáltais ó bhannaí arna leithdháileadh ar an tionscadal/ar an ngrúpa tionscadal/gníomhaíocht eacnamaíoch seo le linn na tréimhse tuairiscithe.]
|
|
2.3. An sciar den tionscadal atá maoinithe ag an mbanna/na bannaí
|
|
3. Sciar d’iomlán na bhfáltas arna n-úsáid chun maoiniú (i mbliain na heisiúna nó tar éis bhliain na heisiúna) nó athmhaoiniú (níos luaithe)
|
|
3.1. [an sciar den mhéid i ró 2.1 a úsáidtear le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]
|
|
3.2. [an sciar den mhéid i ró 2.2 a úsáidtear le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]
|
|
4. Cineál agus earnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha arna gcistiú ag an mbanna/na bannaí
|
|
4.1. [I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna mhaoiniú ag an mbanna/na bannaí: na cineálacha/na hearnálacha]
|
|
4.2. [I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna mhaoiniú ag an mbanna/na bannaí: i gcás inarb infheidhme, na cóid NACE faoi seach i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)]
|
|
5. Méid na bhfáltas arna leithdháileadh ón mbanna/ó na bannaí tacsanomaíocht-ailínithe
|
|
5.1. [d’fháltais iomlána ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal, an méid arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe ón dáta eisiúna i leith]
|
|
5.2. [sciar an chéatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.1]
|
|
5.3. [de na fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar an tionscadal sa tréimhse tuairiscithe, an méid a leithdháiltear ar ghníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe]
|
|
5.4. [sciar an chéatadáin den mhéid a thugtar i ró 2.2]
|
|
6. Cuspóirí comhshaoil agus critéir scagtha theicniúla
|
|
6.1. [An cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852];
|
|
6.2. [Léiriú maidir le cé na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a úsáidtear chun na critéir scagtha theicniúla agus a ndátaí cur i bhfeidhm a shocrú]
|
|
6.3. [Faisnéis faoin modheolaíocht agus faoi na toimhdí a úsáidtear chun na príomh-mhéadrachtaí tionchair a ríomh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, agus le haghaidh aon mhéadracht tionchair bhreise.]
|
|
7. Cineál na sócmhainní agus an chaiteachais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de
|
|
7.1. [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid an chaiteachais chaipitiúil]
|
|
7.2. [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid an chaiteachais oibríochtúil]
|
|
7.3. [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid na sócmhainní seasta]
|
|
7.4. [den mhéid arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe i ró 5.3, méid na sócmhainní airgeadais]
|
|
8. Faisnéis ábhartha eile
|
|
8.1. [Faisnéis ábhartha eile, amhail príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil, chomh maith le naisc chuig suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis ábhartha agus naisc chuig doiciméid phoiblí ábhartha ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe, amhail suíomh gréasáin na cuideachta ina dtugtar tuairisc ar an tionscadal nó tuairisc arna déanamh ag comhairleacht chomhshaoil]
|
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
|
Iomláin:
|
Ó eisiúint ar aghaidh
|
[tréimhse tuairiscithe]
|
|
Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ó eisíodh iad: [X]
Ar díobh sin, méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe ó eisiúint ar aghaidh: [X]
|
Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh sa tréimhse tuairiscithe: [X]
Ar díobh sin, méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]
Ar díobh sin:
— Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas caipitil tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]
— Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas oibriúcháin tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]
— Méid iomlán na bhfáltas ó bhannaí arna leithdháileadh ar chaiteachas [eile] tacsanomaíocht-ailínithe sa tréimhse tuairiscithe: [X]
|
Tábla B: Faisnéis maidir le hailíniú tacsanomaíochta fáltas le haghaidh bannaí agus úsáid á baint as an gcur chuige punainne maidir le leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí
[Soláthrófar an fhaisnéis sa tábla thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. Féadfar cuid den fhaisnéis riachtanach nó an fhaisnéis uile is gá a thabhairt lasmuigh d’fhormáid an tábla.]
Cumhdaítear leis an bhfaisnéis sa tábla thíos an tréimhse tuairiscithe.
|
Bannaí Glasa Eorpacha gan íoc
|
Punann sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de
|
|
[Forléargas ar gach Banna Glas Eorpach gan íoc, lena léirítear a luach aonair agus a gcomhluach.]
|
[Forléargas ar na sócmhainní airgeadais incháilithe agus na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2023/2631 ar chlár comhardaithe an eisitheora, lena léirítear:
1. [Ainm, suíomh, agus tuairisc bhunúsach ar an tionscadal]
2. [I gcás ina bhfuil fáil orthu, léiriú ar na fáltais atá beartaithe a leithdháileadh ar an tionscadal seo ón mbanna]
3. [I gcás ina bhfuil fáil air, léiriú ar an sciar den mhéid i bpointe 2 atá le húsáid le haghaidh maoiniú agus athmhaoiniú]
4. [I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an tionscadal arna mhaoiniú ag an mbanna: na cineálacha/na hearnálacha, agus, i gcás inarb infheidhme, cóid NACE faoi seach i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006]
5. [I gcás ina bhfuil fáil air, méid na bhfáltas don tionscadal sin arna chistiú ag an mbanna arna leithdháileadh ar ghníomhaíocht Thacsanomaíocht-ailínithe] [sciar de réir céatadáin den mhéid a thugtar i bpointe 2]
6. [An cuspóir/na cuspóirí comhshaoil spriocdhírithe, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852] [Léiriú ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a úsáidtear chun na critéir scagtha theicniúla a chinneadh, agus a ndátaí cur i bhfeidhm] [Faisnéis maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidtear chun príomh-mhéadrachtaí tionchair a ríomh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, agus maidir le haon mhéadracht tionchair bhreise.]
7. [I gcás ina bhfuil fáil air, miondealú ar an méid dá dtagraítear i bpointe 5 de réir cibé acu a leithdháiltear fáltais ar shócmhainní seasta nó ar shócmhainní airgeadais.]
8. [I gcás inarb infheidhme, méideanna a chuirtear leis an bpunann tionscadail nó a bhaintear den phunann iad i gcás ina gcuirtear Bannaí Glasa Eorpacha nua leis an bpunann nó ina mbaintear Bannaí Glasa Eorpacha (atá ag teacht in aibíocht) den phunann].
9. [I gcás ina bhfuil fáil orthu, sonraigh méid agus/nó líon na dtionscadal nua i gcomparáid le méid eisiúintí nua na mBannaí Glasa Eorpacha i mbliain féilire na heisiúna]
10. [Faisnéis ábhartha eile, amhail príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil, chomh maith le naisc chuig suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis ábhartha agus naisc chuig doiciméid phoiblí ábhartha ina bhfuil faisnéis níos mionsonraithe.]
|
|
Luach iomlán phunann na mBannaí Glasa Eorpacha gan íoc:
|
Luach iomlán phunann na sócmhainne atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de:
Luach iomlán phunann na sócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaineann le gníomhaíocht thacsanomaíocht-ailínithe:
|
|
|
IARSCRÍBHINN III TUARASCÁIL TIONCHAIR MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
|
IARSCRÍBHINN III
TUARASCÁIL TIONCHAIR MAIDIR LE BANNAÍ GLASA EORPACHA
[I gcás ina ndéantar an tuarascáil tionchair a athbhreithniú, léireofar é sin sa teideal.]
Níl an doiciméad seo ná a bhfuil ann faoi réir aon fhormheasa ná aon fhormhuinithe ó ESMA ná ó aon údarás inniúil eile.
|
1. Faisnéis ghinearálta
— [Dáta foilsithe na tuarascála tionchair]
— [I gcás inarb infheidhme, dáta foilsithe na tuarascála tionchair athbhreithnithe]
— [Dáta eisiúna an bhanna/na mbannaí nó na dtráinsí den bhanna/de na bannaí]
— [Ainm dlíthiúil an eisitheora]
— [I gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora]
— [Seoladh suímh gréasáin a thugann faisnéis d’infheisteoirí maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an eisitheoir]
— [I gcás ina bhfuil fáil air, ainm an bhanna/na mbannaí arna sannadh ag an eisitheoir]
— [I gcás ina bhfuil fáil orthu, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) an bhanna/na mbannaí agus a thráinsí/a tráinse]
— [I gcás ina ndearna athbhreithneoir seachtrach measúnú ar an tuarascáil tionchair, céannacht agus sonraí teagmhála an athbhreithneora sheachtraigh]
— [Más infheidhme, ainm an údaráis inniúil a d’fhormheas an réamheolaire bannaí nó na réamheolairí bannaí]
|
|
2. Faisnéis thábhachtach
— [An ráiteas seo a leanas: “[Úsáideann an banna seo] [Úsáideann na bannaí seo] an t-ainmniú ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)].”
— [I gcás ina ndearnadh fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, an ráiteas seo a leanas: “[Baineann an Banna Glas Eorpach seo] [Baineann na Bannaí Glasa Eorpacha seo] úsáid as an tsolúbthacht lena gceadaítear neamhailíniú páirteach leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘na critéir scagtha theicniúla’), mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 4 den tuarascáil tionchair seo.”]
|
|
3. Straitéis i leith an chomhshaoil agus réasúnaíocht
Forléargas
— [Faisnéis faoin gcaoi ar rannchuidigh an banna/na bannaí le straitéis chomhshaoil níos leithne an eisitheora.]
— [I gcás inarb infheidhme, míniú ar aon athrú ar straitéis níos leithne an eisitheora i leith an chomhshaoil ó foilsíodh an bhileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha.]
— [Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 arna saothrú leis an mbanna/na bannaí];
Príomhtháscairí feidhmíochta caiteachais chaipitil agus caiteachais oibriúcháin
— [I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, tuairisc ar conas agus a mhéid (e.g. arna shloinneadh mar athrú céatadáin bliain ar bhliain) a rannchuidigh na fáltais ó bhannaí le príomhtháscairí feidhmíochta an eisitheora maidir le sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe, láimhdeachas, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin agus tuairisc ar na tréimsí airgeadais inar rannchuidigh siad leo.]
Nasc chuig an bplean um aistriú
— [I gcás ina bhfuil an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó i gcás ina bhfoilsíonn an t-eisitheoir pleananna aistrithe dá dheoin féin:
—
— an modh inar rannchuidigh fáltais ó bhannaí le maoiniú agus le cur i ngníomh na bpleananna sin. Féadfar an fhaisnéis a thabhairt ar leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche comhiomláine nó ar leibhéal tionscadail ar thionscadal; agus
— nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear na pleananna sin.]
|
|
4. Leithdháileadh na bhfáltas ó bhannaí
[Soláthrófar an fhaisnéis a liostaítear thíos ar a laghad ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche, agus go hidéalach ar leibhéal an tionscadail nó an ghrúpa tionscadal. D’fhéadfadh comhaontuithe rúndachta, breithnithe iomaíocha nó líon mór tionscadal cáilitheach bunúsach agus cúinsí comhchosúla a bheith ina n-údar le teorainn a chur leis an méid sonraí a chuirtear ar fáil. I gcás ina leithdháilfear fáltais ó bhannaí ar chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2023/2631 féadfar an fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal an chláir.]
Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha ailínithe le tacsanomaíocht
[Cion na bhfáltas ó bhannaí a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2631:] [XX] % d’fháltais an bhanna.]
[I gcás inar leithdháileadh fáltais ó bhannaí ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó ar ghníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach, ina sonrófar an ghníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin nó an ghníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach agus méid agus cion na bhfáltas a leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche cumasúcháin nó gníomhaíochta eacnamaíche idirthréimhsí.]
[I gcás inarb infheidhme, méid agus sciar na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás iontaise i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus 11(3) de Rialachán (AE) 2020/852.]
Leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla
[I gcás ina ndearnadh fáltais ó bhannaí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, ráiteas go ndearnadh na fáltais [glanfháltais] ón mbanna a leithdháileadh i bpáirt ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla. Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar an neamhailíniú sin, ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus ar chéatadán na bhfáltas a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin ar bhonn iomlán agus in aghaidh na gníomhaíochta, lena n-áirítear miondealú ina dtugtar tuairisc ar an bpointe nó na pointí d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2023/2631 atá nó a bhí á n-úsáid. Thairis sin, míniú ar cén fáth nárbh fhéidir na critéir scagtha theicniúla a chur i bhfeidhm agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sé áirithithe ag an eisitheoir go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin Airteagal 5(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/2631 agus Airteagal 3, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852.]
|
|
5. Tionchar comhshaoil na bhfáltas ó bhannaí
— [Meastachán ar dhea-thionchair agus drochthionchair chomhshaoil i bhfoirm chomhlánaithe.]
— [Faisnéis faoin modheolaíocht agus faoi na toimhdí arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchair na dtionscadal, i gcás nár cuimsíodh an fhaisnéis sin i mbileog fíricí an bhanna maidir leis an mbanna glas Eorpach.]
— [Faisnéis faoi dhea-thionchair agus faoi dhrochthionchair chomhshaoil na dtionscadal, agus i gcás ina bhfuil fáil orthu, méadrachtaí gaolmhara. I gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin ar leibhéal tionscadail, ní mór míniú a thabhairt ina leith.]
— [I gcás inar mian leis an eisitheoir í a chur san áireamh, faisnéis faoi cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh an tionscadal le gnéithe inbhuanaitheachta eile den bhanna agus conas a rannchuidigh sé leo, lena n-áirítear gnéithe sóisialta an aistrithe i dtreo neodracht aeráide, amhail trí phoist nua, athsciliú agus bonneagar áitiúil a sholáthar do phobail a ndéanann aistriú gníomhaíochtaí eacnamaíocha i dtreo na hinbhuanaitheachta difear dóibh.]
— [I gcás ina leithdháiltear fáltais ó bhannaí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/2631, tuairisceoidh an t-eisitheoir an fhaisnéis sin ar leithligh le haghaidh na dtionscadal agus na ngníomhaíochtaí sin.]
|
|
6. Faisnéis faoi thuairisciú
— [Nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.]
— [I gcás inarb infheidhme, nasc le tuarascálacha ábhartha an eisitheora, amhail an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó an tuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Threoir 2013/34/AE.]
|
|
7. Plean CapEx
[I gcás inarb infheidhme, an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme phlean CapEx dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/2631.]
|
|
8. Faisnéis ábhartha eile
|
(1)
Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 November 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L 2023/2631, 30.11.2023, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).
(2)
Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(3)
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
|
[I gcás banna urrúsúcháin, déanfar tagairtí don eisitheoir sa doiciméad seo a fhorléiriú mar thagairtí don tionscnóir de réir mar is iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear tagairtí don tionscnóir ina n-ionad.]
|
|
ANNEX IV CONTENTS OF PRE-ISSUANCE, POST-ISSUANCE OR IMPACT REPORT REVIEWS
|
ANNEX IV
CONTENTS OF PRE-ISSUANCE, POST-ISSUANCE OR IMPACT REPORT REVIEWS
This document and its contents are not subject to any approval or endorsement from ESMA or any other competent authority.
|
The title ‘Pre-issuance review’, ‘Post-issuance review’ or ‘Impact Report review’ shall appear prominently at the top of the first page of the document.
|
|
1. General information
— [Date of publication of the review]
— [Date of issuance of the bond(s) or tranches of the bond(s)]
— [Date of publication of the related European Green Bond factsheet, and where applicable, of the related allocation report, or the impact report]
— [The legal name of the issuer]
— [Where available, the legal entity identifier (LEI) of the issuer]
— [Where available, the name of the bond(s) assigned by the issuer]
— [Where available, the international securities identification numbers (ISIN) of the bond(s) and its/their tranches]
— [The identity and contact details of the external reviewer, including its website address]
— [The name and job title of the lead analyst in a given assessment activity]
— [The name and position of the person primarily responsible for approving the review]
— [Where relevant, the date on which the review was last updated and an explanation detailing the reason for the update]
— [Where applicable, other services provided by the external reviewer for the assessed entity together with a description of any actual or potential conflicts of interest]
|
|
2. Introductory statements
[For pre-issuance reviews: A statement that the external reviewer has assessed the completed European Green Bond factsheet laid down in Annex I to Regulation (EU) 2023/2631 of the European Parliament and of the Council (1)]
[For post-issuance reviews: A statement that the external reviewer has assessed the completed European Green Bond allocation report laid down in Annex II to Regulation (EU) 2023/2631]
[For impact report reviews: A statement that the external reviewer has assessed the completed European Green Bond impact report laid down in Annex III to Regulation (EU) 2023/2631]
[A statement that this review represents an independent opinion of the external reviewer, and is to be relied upon only to a limited degree]
|
|
3. Statements on the alignment of use of proceeds with Regulation (EU) 2020/852 of the European Parliament and of the Council (2)
[This section shall only be completed in the case of a pre-issuance review or a post-issuance review.]
[A statement regarding the alignment of the use of proceeds of the European Green Bond (or Bonds) with Regulation (EU) 2020/852 based on the information provided by the issuer to the external reviewer:
— where the opinion expressed by the independent reviewer is positive, a statement that the bond(s) meets – or is expected to meet, where relevant – the requirements of Regulation (EU) 2023/2631 as regards the use of proceeds;
— where the opinion expressed by the independent reviewer is negative, a statement that the bond(s) does not meet – or is not expected to meet, where relevant – the requirements of Regulation (EU) 2023/2631 as regards the use of proceeds, and that the designation ‘European Green Bond’ or ‘EuGB’ can only be used if the bond is submitted for a new review and obtains a positive opinion.]
|
|
4. Sources, assessment methodologies, and key assumptions
— [Information about the sources relied upon to prepare the review, including links to measurement data and the methodology applied, where available]
— [An explanation of the assessment methodologies and key assumptions]
— [An explanation of the assumptions and taxonomy requirements used, of the limits and uncertainties surrounding the methodologies used and a clear statement about whether the external reviewer considers that the quality of information provided by the issuer or related third party is sufficient to perform the review and the extent to which the external reviewer has attempted to verify the information so provided]
|
|
5. Assessment and opinion
[In each case based on the information provided by the issuer to the external reviewer – to be specified, where appropriate.]
[For pre-issuance reviews:
— A detailed assessment of whether the completed factsheet aligns with Articles 4 to 8 of Regulation (EU) 2023/2631;
— The opinion of the external reviewer on the assessment mentioned above;
— Where bond proceeds are intended to be allocated in accordance with Article 5 of Regulation (EU) 2023/2631, the assessment and opinion shall be provided in a dedicated section.]
[For post-issuance reviews:
— A detailed assessment of whether the issuer has allocated the proceeds of the bond in alignment with Articles 4 to 8 of Regulation (EU) 2023/2631;
— An assessment of whether the issuer has complied with the intended use of proceeds set out in the European Green Bond factsheet;
— The opinion of the external reviewer on the two assessments referred to in the first and second indent;
— For assets or activities that are subject to a CapEx plan, an assessment upon its completion of whether those assets or activities meet the taxonomy requirements;
— Where bond proceeds are allocated in accordance with Article 5 of Regulation (EU) 2023/2631, the assessment and opinion shall be provided in a dedicated section. The assessment shall indicate whether each of the relevant requirements of that Article have been met.]
[For impact report reviews:
— An assessment of whether the bond issuance aligns with the broader environmental strategy and rationale of the issuer;
— An assessment of the indicated environmental impact of the bond proceeds;
— The opinion of the external reviewer on the assessments referred to in the first and second indent.]
|
|
6. Any other information
[Any other information that the reviewer may deem relevant to its review.]
|
(1)
Regulation (EU) 2023/2631 of the European Parliament and of the Council of 22 November 2023 on European Green Bonds and optional disclosures for bonds marketed as environmentally sustainable and for sustainability-linked bonds (OJ L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).
(2)
Regulation (EU) 2020/852 of the European Parliament and of the Council of 18 June 2020 on the establishment of a framework to facilitate sustainable investment, and amending Regulation (EU) 2019/2088 (OJ L 198, 22.6.2020, p. 13).
|
[In the case of a securitisation bond, references to the issuer in this document shall be construed as and, where appropriate, replaced with references to the originator.]
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|