+16. Maidir le beartais inmheánacha, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in …

16. Maidir le beartais inmheánacha, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in …

Maidir le beartais inmheánacha, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart do chomhlacht bainistíochta institiúide creidmheasa nó airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a) an struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil iomchuí agus éifeachtach a chur chun feidhme is gá chun an straitéis AML/CFT arna glacadh ag an gcomhlacht bainistíochta a chomhlíonadh, ag tabhairt aird ar leith ar an údarás leordhóthanach agus ar oiriúnacht na n-acmhainní daonna agus teicniúla arna leithdháileadh ar fheidhm an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT, lena n-áirítear an gá atá le haonad AML/CFT tiomnaithe chun cabhrú leis an oifigeach comhlíonta AML/CFT;
  • b) a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm beartais agus nósanna imeachta inmheánacha AML/CFT;
  • c) athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil ghníomhaíochta an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT, go bliantúil ar a laghad;
  • d) tuairisciú AML/CFT atá leordhóthanach, tráthúil agus mionsonraithe go leor don údarás inniúil a áirithiú;
  • e) i gcás ina ndéantar feidhmeanna oibríochtúla an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a sheachfhoinsiú, a áirithiú go gcomhlíontar treoirlínte Údarás Faireacháin CSTE ar shocruithe seachfhoinsithe3 agus treoirlínte Údarás Faireacháin CSTE ar rialachas inmheánach4 , i gcás inarb infheidhme, agus go bhfaighidh sé tuairisciú rialta ón soláthraí seirbhíse chun an comhlacht bainistíochta a chur ar an eolas.

4.1.3 An comhalta den chomhlacht bainistíochta atá freagrach as AML/CFT a shainaithint


3 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe: EBA/GL/2019/02; Treoirlínte ÚEÁPC maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: EIOPA-BoS-20-002; Treoirlínte ESMA maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: ESMA50-157-2403

4 Treoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/EU, EBA/GL/2021/05 amhail an 2 Iúil 2021

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.