+56. Ba cheart a léiriú go soiléir sa phlean fuascailte na ceanglais agus inneachar íosta an éilimh …

56. Ba cheart a léiriú go soiléir sa phlean fuascailte na ceanglais agus inneachar íosta an éilimh …

Ba cheart a léiriú go soiléir sa phlean fuascailte na ceanglais agus inneachar íosta an éilimh fuascailte atá le comhdú ag na sealbhóirí comharthaí, agus ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ann:

  • a) céannacht agus sonraí teagmhála na sealbhóirí aonair (ainm, seoladh, ríomhphost agus/nó uimhir theileafóin), lena léirítear go gcaithfí le haon sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;
  • b) an fhianaise gurb é an duine a chomhdaíonn an t-éileamh an sealbhóir comharthaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé i dteideal an chirt fuascailte a gcomhdaítear an t-éileamh fuascailte ina leith agus na barántaí is gá (más ann dóibh) ó thaobh an tsealbhóra comharthaí i gcomhréir leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
  • c) an fhaisnéis is gá chun aon riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear dícheall cuí custaiméara a fhorghníomhú i leith sealbhóirí comharthaí tráth a bhfuascailte i gcomhréir le Treoir 2015/849/AE;
  • d) líon na gcomharthaí ábhartha arna sealbhú (lena n-áirítear sealúchais chodánacha) agus na seoltaí blocshlabhra poiblí a chumhdaítear leis an tiachóg ina gcoimeádtar na comharthaí (i gcás inarb infheidhme); agus
  • e) léiriú ar chuntas bainc nó íocaíochta an tsealbhóra comharthaí chun na cistí a aistriú mar aisíocaíocht ar an éileamh fuascailte, nó sonraí comhchosúla is gá chun na sócmhainní a sheachadadh le haghaidh na fuascailte (i gcás inarb infheidhme). B’fhearr cuntais bhainc nó íocaíochta den sórt sin a choinneáil le hinstitiúidí creidmheasa nó íocaíochta an Aontais agus in aon chás níor cheart iad a shealbhú i dtríú tíortha ardriosca chun críocha riosca ML/TF dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2015/849/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.